Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-feidir-gearan-faoi-roghnu-andy-farrell-agus-na-cluichi-a-n-imirt-mar-ata’

‘Ní féidir gearán faoi roghnú Andy Farrell agus na cluichí á n-imirt mar atá’

| jeff neville | ,

D’ainmnigh Andy Farrell 37 imreoir inniu do Chraobh na Sé Náisiún atá ag tosú i gceann coicíse agus cé nach mbeadh mórán ionadh ort agus tú ag léamh roinnt de na hainmneacha, tá cúpla ainm in easnamh atá suimiúil.

Ainmníodh seisear frapaí agus is iad an seisear a raibh gach duine ag súil leo. Agus Loughman gortaithe, tá David Kilcoyne ag teacht isteach mar chlúdach do Chian Healy agus Andrew Porter ar thaobh amháin den chlibirt agus Tadhg Furlong, Finlay Bealham, agus Tom OToole ar an taobh eile. Is iad Rob Herring, Ronan Kelleher, agus Dan Sheehan na húcálaithe mar a cheapfá. B’fheidir go raibh mí-ádh ar Tom Stewart ach má leanann sé ar aghaidh ag imirt sa chaoi ina bhfuil sé faoi láthair, tiocfaidh an deis.

Ní haon ionadh é na hainmneacha Beirne, Henderson, McCarthy, agus Ryan a fheicéal do na nascairí ach fágadh Jean Kleyn ar lár agus léiríonn sé sin cé chomh deacair is atá sé briseadh isteach san fhoireann seo. Is é ceann de na himreoirí is tábhachtaí don Mhumhain i mbliana.

Ainmníodh Ryan Baird sa ró cúil, ach is dóigh go bhfuil seans ann go n-imreoidh sé mar nascaire. Tá an cumas sin aige agus is bua mór é sin. Tá Gavin Coombes ainmnithe freisin agus tá an deis seo tuillte aige. Tá Mumha spléach ar a fhisiciúlacht agus ba cheart go bhfeicfimid é ag cur leis a churiarracht idirnáisiúnta.

Is iad Murray, Casey, agus Gibson-Park na leathchúlaí clibirte istigh. Céard atá suimiúil faoi seo ná nach bhfuil Murray ag tosú go rialta don Mhumhain agus is léir go mbeidh roinnt daoine ag gearán go bhfuil sé san fhoireann, ach tá taithí ag Murray nach bhfuil ag an mbeirt eile, go háirithe nuair atá foireann ag iarradh cluiche géar a chríochnú. Ní haon ionadh é go bhfuil sé ann.

Agus muid ag caint faoi na leathchúlaí clibirte amuigh, feicimid ainm Johnny Sexton agus ainm Jack Crowley. Ach níl ainm Joey Carbery ann. Is dóigh gurb é seo an pointe is suimiúla. Ba léir gurbh é Carbery an dara rogha taobh thiar de Sexton le roinnt séasúr anois. Ach gan Carbery, an bhfeicfimid Ross Bryne, a bhí taobh thiar de Crowley san fhómhar, ag stiúiriú cluichí nó an bhfeicfimid Crowley? Tá gach aon duine in Éirinn ag ceistiú cé a thosóidh in áit Sexton mura bhfuil fáil air i gcluiche mór; is léir nach bhfuil an freagra sin againn go fóill agus muid ag druidim i dtreo Chorn an Domhain i mbliana. Nílim ag rá nach bhfuil an deis seo tuillte ag Byrne, ach beidh an cheist seo á plé arís is arís eile le linn an chomórtais.

Ó thaobh lár na páirce de, ainmníodh Jamie Osborne in éineacht le Bundee Aki, Stuart McCloskey, agus Garry Ringrose agus tá sé iontach an t-imreoir óg seo a fheiceáil ag fáil deise. Tá sé ag imirt thar barr do Laighin i mbliana agus is dóigh go bhfeicfimid é ag imirt i ngeansaí glas go luath. Bhí an áit sin idir é féin agus Antoine Frisch ach ní féidir le haon duine gearán faoi. B’fheidir go bhfuil sé aisteach Aki a fheiceál cé nár imir sé le tamall ach roghnaíonn Farrell na himreoirí a dhéanann an jab dó go minic agus is é sin Aki. Tá sé chomh simplí sin.

Is féidir an rud céanna a rá faoi Keith Earls agus Jacob Stockdale. Níl mórán cluichí imeartha ag Earls agus b’fheidir nach bhfuil Stockdale ag bualadh na leibhéil céanna a bhuail sé uair amháin ach tá muinín ag Farrell ionadh. I mo thuairim, tá mí-ádh ar Mike Haley nach bhfuil sé féin ainmnithe. Is imreoir lárnach é don Mhumhain agus d’fhéadfá rá gurb é féin agus Hugo Keenan na lánchúlaithe is fearr in Éirinn faoi láthair. Ach ní imríonn Haley ar an gcliathán ar nós Larmour nó O’Brien, agus b’fheidir gurb é sin an fáth nach bhfuil sé ann. Ní thuigim aon fáth eile, le bheith macánta.

An rud faoin ainmniú ná, fiú má easaontaíonn tú le rogha nó dhó, ní féidir gearán faoi. Is í Éire an fhoireann is fearr ar domhan faoi láthair faoi stiúir Andy Farrell. Bhuaigh siad sraith thíos sa Nua-Shéalainn i rith an tsamhraidh. Tuigeann sé (agus an fhoireann bainistíochta) an cluiche agus céard a theastaíonn ag an leibheál seo. Cé gur féidir le daoine caint agus argóint faoin ainmniú, ní féidir gearán faoi agus na torthaí mar atá siad. 

Níos mó