Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nil-aon-insint-ar-an-obair-gan-ghearan-a-dhein-tomas-o-cruadhlaoich’

‘Níl aon insint ar an obair gan ghearán a dhein Tomás Ó Cruadhlaoich’

| Slaine Ni Chathallain | ,

Alt ómóis eile a deir sibh? Bhuel, tá an ceart agaibh, faraor. Baineadh siar as pobal Bhaile an Fheirtéaraigh agus Iarthar Duibhneach ar fad nuair a tháinig an scéal go raibh Tomás Ó Cruadhlaoich sleamhnaithe leis chun na síoraíochta gan choinne Dé Luain seo caite. Ba bharr ar an ndonas arís é an oíche chéanna nuair a tháinig scéal James Begley chugainn. 

Gach aon duine ag caint ar an ngeit a bhí fachta ag a gcorp ag an dá dhrochscéal agus ná féadfaimis a thuilleadh a sheasamh, mar phobal. Gach éinne ag beannú dá chéile sna siopaithe agus an tuiscint eatarthu, an t-ualach mór a bhí tarlaithe ach gan na focail acu labhairt. Tithe suas síos i bParóiste an Fheirtéaraigh agus Múrach, daoine ag bácáil, ag ceannach bídh agus buidéil fuisce, ag tarrac is ag síortharrac go dtí an dá thig tórraimh. Ní fhaca sprid na cosmhuintire chomh láidir le fada an lá. Mar a deirtear ar gheansaí Chumann Caide na Gaeltachta, cumann ag a raibh láimh láidir ag Tom Crowley, ní neart go cur le chéile.

Tom Crowley a thugaimis ar ár n-iarphríomhoide i Meánscoil na Toirbhirte. “Hello a chroí,” a deireadh sé leis na héinne againn, mo mháthair romhamsa, agus raidhse cailín a ghaibh tríd an scoil ós na 1970idí go dtí 2006 ach a gcomhnasc an scoil le Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Chroitheadh sé láimh linn i gcónaí agus bhíodh sé tuisceanach cothrom. Bhogas féin is mo mháthair ar an mBuailtín cúpla mí sula rabhas chun an Ardteist a dhéanamh. Mhair Tom trasna an bhóthair. An Nollaig sin, an chéad cheann againn sa tig nua, bhí cnag ar an ndoras. Tom a bhí ann, agus soilse daite do chrann na Nollag aige dúinn óna thig féin. An fear bocht. Bhí sé fial.

Thug sé ar chúrsa go dtí an gCeathrú Rua mé féin, Edel Ní Loibhéad, Louise Thompson, Pia Jenning agus Céitílís Ní Bheaglaoich nuair a bhíomar san idirbhliain. Bhí John Spillane agus Noel Hill ann agus bhíomar ag scríobh is ag cumadóireacht linn. D’fhanamar le bean tí ann. Bhí Tom chomh mórtasach asainn. Stadadh sé an chairt anseo is ansúd ar an slí suas an Ghaillimh, dá gcífeadh sé aon spota deas chun pictiúir a thógaint. Bhíomar clipithe ag na pictiúirí ach táimid buíoch anois. Is ina dhiaidh a tuigtear gach beart.

Tugadh ómós ar leith dá chuid dúthrachtacha le Cumann Caide na Gaeltachta ó cailleadh Tom Dé Luain seo caite. Níl aon insint ar an obair gan ghearán a dhein sé ar son an chumainn. Níl aon insint ach oiread ar na billí fóin a chuirfeadh sé suas, ag seoladh teachtaireachtaí téacs go dtí an ndúthaigh ar fad, ag impí orthu, gan dearúd lottó an chumainn a dhéanamh, deinim amach! 

Tá cuimhní ag na mílte, idir iar-mhic léinn, múinteoirí, lucht polaitíochta agus na caide, lucht leanta na hiomána i bPort Láirge, (a chontae dúchais) agus a thuilleadh nach iad ar Tom Crowley, agus níl iontu seo ach mo chuid cuimhní féin.

Tá beirt laochra imithe ó Dhúthaigh Duibhneach an tseachtain seo. An Cruadhlaoich agus an Beaglaoich. Nach aoibhinn don bhfear in airde. Beidh obair na gcapall ar bun ag Tom thuas, agus ceol á bhaint as na fraitheacha ag James.  

Níos mó