Tá ráig den salmonella ar ocht bhfeirm éanlaith chlóis á fiosrú ag an Roinn Talmhaíochta.
Tá srianta curtha i bhfeidhm timpeall na bhfeirmeacha mar gheall ar an mbaol do shláinte an duine a bhaineann leis an salmonella.
Tá tús curtha le ciondíothú na n-éanlaithe.
Tá Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus an tSaotharlann Tagartha Náisiúnta ag obair i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta chun an ráig a chur faoi smacht agus cúis na ráige a fháil amach.
Tharla an ráig ag an am céanna ar ocht bhfeirm in áiteanna difriúla sa stát.