Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-me-ag-dul-i-ngleic-le-‘gruaim-na-nollag’

Tá mé ag dul i ngleic le ‘Gruaim na Nollag’

| sean o dubhchon | ,

Tá mo chroí istigh sa Nollaig, sna seachtainí roimh an lá mór ach go háirithe. Is aoibhinn liom a bheith ag bualadh le cairde, ag freastal ar cheolchoirmeacha agus imeachtaí a bhaineann leis an bhféile, agus ag roghnú bronntanais do mo chlann agus mo chairde. 

Ach, chomh luath is a thagann Lá Nollag é féin, tarlaíonn rud éigin aisteach dom. Is cuma cad a dhéanaim le dul i ngleic leis, bíonn sé mar an gcéanna gach bliain. Glactar leis go forleathan go mbíonn lionn dubh Eanáir ann, ach tarlaíonn sé domsa i bhfad níos luaithe ná sin. ‘Gruaim na Nollag’ a thugaim air, agus maireann sé ‘idir Dhá Nollaig’, nó an tréimhse idir 25 Nollaig agus 6 Eanáir. 

Nílim go hiomlán cinnte cén fáth a dtarlaíonn sé, cé go bhfuil domhainmhachnamh déanta agam ar an gceist. Is duine gealgháireach, dearfach agus suáilceach mé de ghnáth. Agus mé ag scrolláil ar na meáin shóisialta Lá Nollag, ní raibh mé ag súil leis an oiread sin daoine ag labhairt faoi na dúshláin a bhain leis an lá agus na laethanta saoire a tháinig ina dhiaidh. Chuir sé iontas orm go raibh daoine eile a d’fhulaing le ‘Gruaim na Nollag’ freisin. 

Tá roinnt tuairimí agam faoi na rudaí ba chúis leis na mothúcháin seo ionam. Ar dtús báire, is duine mé a bhraitheann go mór ar struchtúr agus ar rialtacht i mo shaol laethúil. Taitníonn sé liom go mbíonn ord agus eagar ar rudaí, go mbíonn a fhios agam cad atá le teacht agus go bhfuil dualgais agam le comhlíonadh ó thús deireadh na seachtaine. Cuireann laethanta saoire na Nollag sin bunoscionn, agus ós é go mbím ar laethanta saoire ar feadh coicíse de ghnáth, cruthaíonn sin deacrachtaí móra dom. Ní fear mór teilifíse mé ach oiread, agus bím ag streachailt nuair nach bhfuil go leor le déanamh agam. 

Is duine mé a bhraitheann go mór ar chomhluadar daoine chomh maith. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá na deiseanna a bhíonn ann bualadh le cairde agus le mo theaghlach thar a bheith tábhachtach. Ach, cé go ndeirtear i gcónaí gur féile theaghlaigh é an Nollaig, mothaíonn sé an-uaigneach agus duairc go minic. Tugaim faoi deara go gcaithim an-chuid ama ag smaoineamh ar na daoine atá caillte nó nach bhfuil ansin ag an am seo den bhliain. 

Gné eile den Nollaig atá an-dúshlánach ná an meon a bhíonn ann thart ar an Bhliain Úr. ‘Bliain nua! Mise nua!’ Mana na míosa! Bíonn sé ar nós Lá an Bhreithiúnais nuair a fheicim na postálacha ag dul in airde faoi rúin athbhliana agus na spriocanna móra gan dealramh a bhíonn ag daoine, curtha faoi bhrú ag an tsochaí. Ba ghnáth liom a bheith an-dírithe ar rúin athbhliana go dtí gur thug mé faoi deara gur chuir siad leis an mbrú a mhothaím ag an am seo den bhliain. Ar bhealaigh, spreagann sé rud ar nós baois na meánaoise ionam, ina mbím ag díriú níos mó ar na spriocanna nach bhfuil bainte amach agam go fóill, in ionad ceiliúradh a dhéanamh ar na cinn atá bainte amach. Mar sin, ní bheidh mé ag déanamh aon rún i mbliana, ach ag déanamh mo sheacht ndícheall meoin an ‘bliain nua, mise nua’ a sheachaint. 

Sin ráite, rinne mé iarracht cuntas a choinneáil de na nósanna agus rudaí a chabhraigh liom dul i ngleic le ‘Gruaim na Nollag’, nósanna gur mhaith liom leanúint leo i mbliana. 

Níos mó éisteacht agus léitheoireacht, níos lú féachaint

Ar léitheoireacht agus ag éisteacht le ceirníní agus caiséid a chaith mé go leor de mo chuid ama le coicís anuas, seachas a bheith ag breathnú ar leithéidí Netflix agus YouTube. Bhraith mé go raibh go leor faoiseamh ag baint le bheith ag úsáid modhanna traidisiúnta, in ionad fóin agus ríomhairí, a chuireann an iomarca brú ar an inchinn go minic. Ní raibh mo shúile chomh dóite, bhí breis fuinnimh agam agus fuair mé an t-uafás spreagadh inchinne.

Déan níos mó, lean níos lú

Is aoibhinn liom ardáin ar nós Instagram, Twitter agus Facebook mar go gcabhraíonn siad liom teagmháil a dhéanamh le daoine ar líne, eolas a scaipeadh agus a bheith eolach ar scéalta móra nuachta. Mar sin féin, tá drochnós agam de bheith ag scrolláil ar YouTube agus TikTok, ag caitheamh uaireanta fada ag breathnú ar fhíseáin sheafóideacha. Rinne mé iarracht am a chaitheamh amuigh faoin aer, ag líníocht nó ag scríbhneoireacht i rith na laethanta saoire, agus chabhraigh na gníomhaíochtaí seo go mór liom díriú go hiomlán ar rud amháin agus smaointe gruama a chur as m’aigne. 

Coinnigh simplí é

Creidim go mbeidh neart streachailte ann do go leor daoine go ceann míosa. Beidh dream eile atá ag iarraidh spriocanna móra a bhaint amach. Beidh neart daoine atá ag iarraidh an sparán a theannadh tar éis na míosa seo caite. Is iomaí an duine a bhíonn sé crua orthu déileáil leis an dorchadas agus an fuacht. Is dócha go mbeidh lucht eile ag streachailt leis an lagbhrí a thagann tar éis imeachtaí gliondracha ar nós na Nollaig. Tá sé tábhachtach gan brú a chur ort féin. Coinnigh simplí é, agus dírigh ar na gnáthrudaí is mó a thugann sásamh duit. 

Níos mó