Níl sé curtha as an áireamh ag an Aire Oideachais go ngearrfaí siar an méid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil.
Nuair a ceistíodh an tAire Oideachais Norma Foley an tseachtain seo faoin imní atá ar dhaoine go bhfuil sé i gceist aici gearradh siar ar uaireanta teagaisc na Gaeilge sa churaclam bunscoile nua atá á ullmhú faoi láthair, dhiúltaigh sí don deis a leithéid a chur as an áireamh.
Ina áit sin, thug sí le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív, nach raibh aon chinneadh déanta go fóill faoina bhfuil i ndán do theagasc na Gaeilge sa churaclam nua.
Tá sé ina imní ag daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais go mbeidh an Ghaeilge thíos le haon chinneadh an tríú teanga a mhúineadh do dhaltaí bunscoile.
I dtuairisc san Irish Times le déanaí faoin gcreat nua do churaclam na bunscoile atá á mheas ag an Roinn Oideachais, dúradh go dtiocfadh laghdú leathuair an chloig sa tseachtain ar mhúineadh an Reiligiúin do dhaltaí ó Rang a 3 ar aghaidh chun cuid den am a bheidh ag teastáil chun teanga eile a mhúineadh a fháil. Ach níl sé soiléir cá as a dtiocfadh an 30 nóiméad eile.
Sna moltaí a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i gcomhairliúchán poiblí maidir le conas a d’fhéadfaí an t-am a fháil chun an tríú teanga a mhúineadh, bhí níos lú ama don Ghaeilge i gceist le péire de na roghanna. Faoin rogha eile d’fhágfaí faoin scoil é an t-am a roinnt, rud a chruthódh an baol go mbainfí ón am don Ghaeilge i scoileanna lán-Bhéarla.
Bhí Conradh na Gaeilge ina measc siúd a chuir i gcoinne na moltaí a rinne an CNCM mar chuid den chomhairliúchán agus dúirt an eagraíocht gur cheart a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge á múineadh i gceart sna bunscoileanna sula ndíreofaí ar teagasc an tríú teanga.
Tuairiscíodh go raibh an tAire Oideachais Norma Foley chun a beannacht a thabhairt don churaclam nua go luath sa bhliain nua, ach deir sí anois go gcaithfear machnamh a dhéanamh air.
I bhfreagra scríofa ar cheist Dála, dúirt an tAire go raibh an creat don churaclam “á mheas go cúramach” agus go bhfoilseofaí é nuair a bheadh an obair sin curtha i gcrích.
“Tá an Creat curtha faoi bhráid mo Roinne ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta dá bhreithniú. Tuigim an fonn atá sa phobal oideachais agus sa phobal i gcoitinne go bhfoilseofaí Creatchuraclam na Bunscoile ach ní mór dúinn ár mbreithne a thabhairt chun críche ar dtús.
“Tá an Creat á mheas go cúramach ag m’oifigigh agus agam féin lena chinntiú go dtacóidh sé le boird bhainistíochta, le ceannairí scoile agus le múinteoirí, oideachais cuí a chur ar fáil dár leanaí go léir inár mbunscoileanna agus inár scoileanna speisialta agus go dtacóidh sé le forbairt curaclam bunscoile a fhreastalaíonn ar riachtanais dhaltaí an lae inniu agus na todhchaí.
“Foilseofar an Creat nuair a bheidh na breithnithe sin tugtha chun críche,” a dúirt an tAire Foley.