Ba cheart go mbeadh dualgas ann cluichí móra amhail cluichí ceannais na hÉireann a chraoladh i nGaeilge agus ar an gcaighdeán céanna is a chraoltar i mBéarla iad, a deir Ardstiúrthóir TG4.
Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna, dúirt Alan Esslemont gur cheart ceist na teanga a chur san áireamh agus liosta á chur le chéile de mhórimeachtaí ar gá iad a chraoladh saor in aisce ar an teilifís.
“Déantar athbhreithniú ar an liosta gach trí bliana. Creideann TG4 gur cheart go mbeadh cúinsí́ teanga agus cúinsí́ stádais teanga san áireamh sa chéad liosta eile agus gur cheart go mbeadh leithéid na gCluichí Ceannais Craoibhe Sinsir CLG ar fáil beo i nGaeilge leis an leibhéal céanna léiriúcháin agus a chuirtear ar fáil don léiriúchán i mBéarla,” arsa Alan Esslemont.
Faoi láthair, cuireann RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluichí móra CLG ach ní bhíonn i gceist leis an gcraoladh ach an méid sin.
Is féidir an tráchtaireacht Ghaeilge a roghnú ach cnaipe a bhrú nó féachaint ar chainéal nuachta RTÉ. Ní bhíonn aon anailís roimh ná i ndiaidh an chluiche i gceist leis an gcraoladh Gaeilge.
Coimisiún le ‘monatóireacht’ a dhéanamh ar phlé idir TG4 agus RTÉ faoi thodhchaí na nuachta
Mhol Alan Esslemont chomh maith go n-ardófaí an creidmheas cánach do lucht déanta scannán sa Ghaeltacht.
Dúirt Cathaoirleach nua Bhord TG4, Anna Ní Ghallachair, go raibh lucht an stáisiúin “ag tnúth leis an neamhspleáchas agus leis an iolrachas a bhaint amach inár seirbhís Nuachta mar atá molta ag an Choimisiún um Thodhchaí na Meán”.
Dúirt Anna Ní Ghallachair go mb’fhéidir “go raibh easpa téagair go pointe áirithe” ag baint le cúrsaí nuachta ar TG4, ach nach ar TG4 a bhí an locht faoi sin.
Faoi láthair ó RTÉ a thagann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá – mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.
Dúirt Alan Esslemont gurb é an rogha a bheadh aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná athbhreithniú a dhéanamh ar an socrú sin agus smacht iomlán a bheith ag TG4 ar chláir nuachta agus ar na hacmhainní a bheadh ann dóibh. B’fhearr go mbeadh lucht na nuachta fostaithe ag TG4 féin seachas ag RTÉ, mar atá faoi láthair.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí déanfaidh Coimisiún na Meán monatóireacht ar an idirbheartaíocht atá ar siúl faoi TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.
Is i bplean gnímh nua a d’fhoilsigh an Rialtas le déanaí a fógraíodh go ndéanfadh rialálaí nua na meán, atá le teacht in áit an BAI, monatóireacht ar an bplé idir an dá stáisiún faoin soláthar nuachta Gaeilge.