Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
bord-eatramhach-agus-cathaoirleach-sealadach-ceaptha-ar-udaras-na-gaeltachta

Bord eatramhach agus Cathaoirleach sealadach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta

| tuairisc | , , ,

Tá an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga gan bord ó thús mhí Eanáir rud a chuireann isteach go mór ar a cuid oibre

Bord eatramhach agus Cathaoirleach sealadach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta

Mary Uí Chadhain, Cathaoirleach sealadach bhord an Údaráis. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Bord agus Cathaoirleach eatramhach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta.

Tá an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga gan bord ó thús mhí Eanáir rud a chuireann isteach go mór ar a cuid oibre.

Ach d’fhógair airí na Gaeltachta ar maidin go bhfuil seachtar comhaltaí den 12 comhalta a bheidh ar an mbord nua ceaptha. Ciallaíonn sin go mbeidh quorum ann agus go mbeidh an bord eatramhach in ann cinntí a dhéanamh faoi dheontais a cheadú agus airgead a chaitheamh.

Ceapfar an chuid eile den bhord trí chomórtas poiblí atá á riar ag An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Tá go dtí an 2 Márta ag iarrthóirí cur isteach ar na folúntais.

Tréimhse nach faide ná dhá bhliain a mhairfidh téarma na gcomhaltaí atá le ceapadh agus é fógartha go bhfuil toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais. Tréimhse cúig bliana a bhíodh i gceist roimhe seo.

Is í Mary Uí Chadhain a bheidh ina cathaoirleach sealadach ar an mbord go dtí go mbeidh torthaí an chomórtais phoiblí ann. Iarcheannasaí airgeadais agus gnó TG4 í Mary Uí Chadhain.

Tá sí féin agus Debra Ní Shúilleabháin athcheaptha ar an mbord.

Na comhairlí contae Gaeltachta a roghnaigh an cúigear eile atá ainmnithe ar an mbord eatramhach agus a fhanfaidh ar an mbord buan.

Is iad an cúigear sin, Anthony Molloy (Dún na nGall) Pádraic Ó Conaire (Maigh Eo) Pádraig Mac an Iomaire (An Ghaillimh) Breandán Mac Gearailt (Ciarraí) agus Joe Conway (Port Láirge).

Tosóidh tréimhse Joe Conway, ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge ar an 1 Márta 2023. Gobnait Ní Mhuineacháin, ainmniúchán Chomhairle Contae Chorcaí, a bheidh mar chomhalta go dtí sin.

Nuair a thabharfar toghchán an Údaráis ar ais 16 comhalta a bheidh i gceist.

Toghfar deichniúr agus roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan gur “céim mhór chun tosaigh” a bhí i gceapadh an chéad chuid de Bhord an Údaráis.

“Bhuail mé le gairid le feidhmeannaigh an Údaráis agus fuair mé léargas maith ar obair na heagraíochta. Tuigim an tábhacht a bhaineann le bord ionas go mbeidh aon eagraíocht ar nós Údarás na Gaeltachta ábalta feidhmiú ar bhonn leanúnach,” arsa O’Donovan.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, go gcinnteodh an bord eatramhach nach mbeadh “aon srian ar an eagraíocht leanúint orthu le cur i bhfeidhm  a chláir oibre”. Maidir leis an gcomórtas poiblí do na folúntais eile, dúirt an tAIre gur mhaith léi “an deis a thapú” chun “mná a spreagadh” le hainmniúcháin a lorg do “bhoird stáit go ginearálta” ach do bhord Údarás na Gaeltachta “go háirithe.”

Níos mó