Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
bronnfar-gradam-uachtaran-cnag-ar-ronan-mac-aodha-bhui

Bronnfar Gradam Uachtarán CnaG ar Rónán Mac Aodha Bhuí

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Bronnfar Gradam Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar Rónán Mac Aodha Bhuí an deireadh seachtaine seo ag Ard-Fheis an Chonartha, a bheidh ag tarlú ar an Aonaigh i dTiobraid Árann. 

Bronntar an gradam ag an Ard-Fheis gach bliain ar “dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Tá go leor bainte amach ag Rónán i gcaitheamh a shaoil go dtí seo ar son na Gaeilge, ar son mhuintir a áite dúchais féin Gaoth Dobhair, agus ar son mhuintir na Gaeltachta trí chéile.

“Níl léamh, scríobh, ná insint bhéil ar an tionchar a imríonn Rónán orainn mar phobal. Is ceannródaí teanga agus pobail é a sheasann linn i gcónaí ar son cearta teanga agus ar son chearta na Gaeltachta. Bhí Rónán mar aoi speisialta againn ag an mór-shiúil Dearg le Fearg i mBaile Átha Cliath in 2014, agus bhí sé mar chrann taca arís agus arís eile leis an ngluaiseacht cearta teanga ó thuaidh go háirithe ag na Laethanta Dearga a thit amach i gcaitheamh na mblianta. 

“Ní hamháin sin ach tá Rónán tar éis muid a spreagadh go mion minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus sna himeachtaí siamsaíochta atá eagraithe aige, idir an Cabaret Craiceáilte, na Féilte Craiceáilte, agus imeachtaí eile,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Paula Melvin.

Fógraíodh níos luaithe an mhí seo go raibh an craoltóir aitheanta thíos leis an ailse agus ag súil le leigheas a fháil ar an Mór-Roinn sna seachtainí amach romhainn. Seoladh feachtas bailithe airgid le costas an leighis a ghlanadh agus d’éirigh le lucht an tiomsaithe a sprioc €120,000 a shárú taobh istigh de sheacht lá. Tá os cionn €130,000 bailithe anois acu agus an figiúr ag dul i méid lá i ndiaidh lae. 

“Ar ndóigh, tá an scéala faighte againn ar fad le déanaí faoin streachailt mhór atá roimh Rónán le tinneas, agus chonaic muid uilig an tacaíocht dhochreidte atá ag teacht ón bpobal le seachtain anuas. Seasann Rónán linn i gcónaí, agus seasfaidh muid agus pobal na Gaeilge leis anois. Is gradam speisialta é seo i mbliana atá le bronnadh ar dhuine speisialta. Tugann sé seo deis dúinn an feachtas tiomsaithe airgid atá faoi lán seoil a roinnt lenár gcairde uilig ag an Ard-Fheis agus níos faide i gcéin. Tacaímis uilig le Rónán,” a dúirt Paula Melvin. 

Cé nach mbeidh Rónán féin i láthair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an Aonaigh an deireadh seachtaine seo, bronnfar Gradam an Uachtaráin air in absentia le linn imeachtaí na hArd-Fheise oíche Dé Sathairn in Óstán Chúirt na Mainistreach.

Níos mó