Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
duais-e1000-ar-fail-on-skellig-foundation-do-dhaoine-oga-i-gcomortas-faoin-eigeandail-aeraide

Duais €1000 ar fáil ón Skellig Foundation do dhaoine óga i gcomórtas faoin éigeandáil aeráide

| An Gael Glas | ,

Tá comórtas nua ar siúl ag an Skellig Foundation, eagraíocht charthanachta  a fhorbraíonn tionscadail oideachais agus taighde, go háirithe tionscadail a chabhraíonn le daoine a chur ar an eolas faoin éigeandáil aeráide agus na tionchair a bheidh aige ar an tsochaí. Tá an comórtas ‘Da Vinci Climate Solutions’ (spreagtha ag an Leonardach é féin) dírithe ar dhaoine idir 18 agus 35 le smaointí cruthaitheacha saoithiúla a rachaidh i ngleic le gné éigin den éigeandáil aeráide. 

Bhí deis ag an Gael Glas cúpla ceist a chur ar Theresa O’Connor ón Skellig Foundation.

Déan cur síos ar an gcomórtas ‘Da Vinci Climate Solutions’.

Is é seo ár gcéad chomórtas den chineál seo. Tá sé dírithe ar dhaoine idir 18 agus 35 bliana d’aois le plean nó tionscadal a rachaidh i ngleic leis an éigeandáil aeráide agus atá indéanta agus soiléir. Tá cead ag daoine aonair agus grúpaí páirt a ghlacadh, agus tá dhá chéim ag baint leis. Sa chéad chéim caithfear dréacht (dhá leathanach PDF) a chur isteach a thugann cur síos ar an bhfadhb, ar an smaoineamh agus ar conas a réiteoiodh sé an fhadhb. Gheobhaidh tú glaoch ar ais má éiríonn leat, agus sa dara céim beidh ort cur i láthair gairid PowerPoint a dhéanamh a fhorbróidh an tionscadal níos mó.

Bronnfar cuid de an duaiseanna ar thionscadail theicniúla agus cuid eile ar thionscadail atá fréamhaithe sna healaíona agus san eolaíocht shóisialta/pholaitíochta. Gheobhaidh na buaiteoirí €1,000 agus beidh dhá dhuais €250 le bronnadh sa dá chatagóir sin. Tá duais amháin eile ann don iontráil is fearr a dhruideann an bhearna idir na healaíona agus an eolaíocht

Tá na sonraí go léir ar fáil anseo.

An bhfuil aon leid agat dúinn faoin gcineál tionscadail atá i gceist?

Tabharfaidh an fhoirm iontrála é sin daoibh! Tá go leor ceisteanna agus freagraí ann a thugann stiúradh d’éinne a bhfuil spéis acu sa chomórtas, nó smaoineamh atá ag dó na geirbe orthu le fada. Tugann sé léargas maith ar na pointí a bheidh ag teastáil óna buaiteoirí. Molaimid gan obair atá á dhéanamh agat cheana féin a chur san áireamh, ach smaoineamh eile a ndearna tú machnamh domhain air ach nach bhfuil chomh forbartha agat go fóill

3: An mbeadh sé níos fearr bheith ag smaoineamh go háitiúil nó níos leithne – go náisiúinta nó go hidirnáisiúinta mar shampla?

Is cuma! Is é caighdeán na hiontrála an rud is tábhachtaí, agus tá sé feicthe againn go minic gur féidir le smaoineamh iontach áitiúil a leathnú amach agus a oiriúnú d’áiteanna eile.

An gceapann tú go bhfuil ról ar leith ag mionteangacha, agus an Ghaeilge go háirithe, agus sinne ag iarraidh dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide?

Tá – is daingean an nasc idir cultúr agus teanga, agus tá tábhacht ar leith ag baint le teangacha dá bharr. Go minic is iad na cultúir bhundúchasacha na cultúir is oiriúnaí don áit agus don chomhshaol ina bhfuil siad. Agus go bhfuil go leor le foghlaim uathu ag na cultúir “fhorásacha”, go háirithe faoin ngeilleagar ciorclach agus faoi slí mhaireachtála níos inbhuanaithe i comparáid leis an geilleagar eastóscach a bhfuil an lámh in uachtar aige faoi láthair sa chuid is mó den domhan.

An nglacfar le hiontrálacha i nGaeilge? 

Faraor, i mbliana caithfidh na hiontrálacha a bheith i mBéarla amháin, de bharr easpa acmhainní.

Agus mar fhocal scor…?

Is é an 17 Márta an spriocdháta le haghaidh iontrálacha – mar sin níl ach coicís nó mar sin ann chun é a chur le chéile. Gearrfar €10 ar gach iarratas (agus cuirfear leath den mhéid sin leis na duaiseanna, agus an chuid eile chun an suíomh idirlín a dhearadh). Ba cheart a lua anseo chomh maith go mbeidh na tuairimí agus smaointí á roinnt go poiblí, agus go mbeidh an mhaoin intleacthúil ar fáil do gach éinne mar ábhar coiteann – is é sin le rá nach bhfuil an Skellig Foundation ach ag éascú an roinnt seo agus is iarracht altrúíoch í seo ag na rannpháirtithe. Tá an éigeandáil aeráide ag bagairt orainn go léir, agus caithfear leas a bhaint as luach na ‘Meithle’!


Sin é agaibhse é! Bígí ag smaoineamh, ach déanaigí deifir – níl a lán ama fágtha agaibh. Agus cé gur i mBéarla a bheidh an comórtas, nach mbeadh sé go hiontach an Ghaeilge a bhrú isteach mar chuid de thionscadal éigin?

Níos mó