Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-domhan-fiorchrua-e-domhan-na-n-imreoiri-acadaimh’

‘Is domhan fíorchrua é domhan na n-imreoirí acadaimh’

| jeff neville | ,

Tá Acadamh ag gach cúige agus is í aidhm na n-acadamh sin ná imreoirí óga a thógáil isteach agus iad a threorú ionas go n-imreoidh siad don chúige sin. Is córas an-simplí é. Faoi láthair, tá 14 in Acadamh na Mumhan, 13 in Acadamh Chonnacht, 12 in Acadamh Uladh, agus 19 in Acadamh Laighean. 

An rud faoin gcóras seo, áfach, ná nach bhfuil gach aon imreoir iontu chun conradh sinsearach a shíniú. Scaoilfidh an tAcadamh le roinnt díobh agus beidh orthu dul ag lorg oibre le foireann éigin eile. Sin é an spórt proifisiúnta.

Uaireanta, oibríonn rudaí amach do na himreoirí seo. Féach ar na leithéidí Mark Roche, Cian Prendergast, agus Tadhg Beirne a bhí in Acadamh Laighean. Chuir Roche fios ar Chonnachta, ag iarraidh seans san Acadamh sin, nuair a scaoileadh leis ó Laighin. Níor oibrigh an seans sin amach ach an oiread. Ach, chun scéal fada a dhéanamh gearr, thosaigh sé ag imirt rugbaí seachtar-an-taobh agus anois is ball é den fhoireann náisiúnta. Is Oilimpeach é freisin. 

Chuir Connachta fios ar Prendergast nuair a scaoileadh leis agus anois tá sé ag traenáil leis an bhfoireann náisiúnta. Scaoileadh le Beirne roinnt blianta ó shin ach ainmníodh é mar dhuine de na himreoirí is fearr ar domhan i mbliana. Is éard atá á rá agam ná, uaireanta, oibríonn sé amach. Ar an lámh eile de, níl críoch shásúil ag gach aon scéal. 

Don chuid is mó de, tagann imreoirí isteach sna hacadaimh díreach ón scoil. Ní gá ach féachaint ar chluiche scoile ag an leibhéal sinsearach chun caighdeán  ard imeartha a aimsiú. De ghnáth, bíonn na cluichí seo níos fearr ná roinnt cluichí proifisiúnta. Bíonn leibhéal ard scileanna ar taispeáint agus is léir go mbeidh todhchaí ag roinnt imreoirí sa spórt. Ach níl spás ann do gach aon duine. Agus, de ghnáth, tá sé iontach deacair deiseanna imeartha a fháil sa chéad fhoireann freisin. 

Féach ar Alex Soroka, mar shampla, atá ina bhall d’Acadamh Laighean le trí bliana anois. Sna trí bliana sin, níl ach seacht gcluiche imeartha aige don chéad fhoireann (179 nóiméad san iomlán). Ar an lámh eile de, tá Harry Sheridan am imirt go leor rugbaí le hUlaidh le cúpla seachtain anuas: d’imir sé in aghaidh La Rochelle, Sale, na Stormers, agus Glaschú sna sé seachtaine deireanach. I dtaobh na Mumhan de, thosaigh Patrick Campbell dhá chluiche anuraidh sa Champions Cup agus d’imir sé in ocht gcluiche go dtí seo i mbliana. Tagann seansanna do roinnt ach ní do roinnt eile. 

Is domhan fíorchrua é domhan na n-imreoirí acadaimh. Cinnte, tá deis acu nach bhfuil ach go leor imreoirí óga eile agus nach mbeidh acu go deo. Tá siad i gcóras a chabhraíonn leo forbairt, córas a chruthaíonn deiseanna dóibh freisin; chuaigh Sean O’Brien go Meiriceá ar feadh tamaill agus bhuaigh sé teideal MLR sular fhill sé ar an Acadamh, mar shampla. Ach d’imreoirí eile, ag snámh in aghaidh easa atá siad agus iad ag iarraidh briseadh isteach san fhoireann shinsearach. Sin domhan fuarchroíoch an spóirt phroifisiúnta.

Níos mó