Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
pacaiste-e1.3-billiun-fogartha-mar-chuidiu-le-costas-maireachtala

Pacáiste €1.3 billiún fógartha mar chuidiú le costas maireachtála

| Tuairisc.ie | ,

Ar an gcuidiú tá €200 breise le liúntais leasa shóisialaigh, €100 breise le liúntas leanaí agus faoiseamh ó tháillí scrúduithe

Pacáiste €1.3 billiún fógartha mar chuidiú le costas maireachtála

Tá pacáiste cúnaimh €1.3 billiún fógartha ag an Rialtas le cuidiú le daoine déileáil leis an ardú ar an gcostas maireachtála.

Ar na bearta a fógraíodh inniu bhí €200 de bhónas leis na híocaíochtaí leasa shóisialaigh, €100 breise leis an liúntas leanaí mí an Mheithimh, tacaíocht bhreise do lucht gnó le cuidiú leo leis an ardchostas fuinnimh agus leanfar leis an ráta laghdaithe cáin bhreisluacha i dtionscal an fháilteachais. Ní bheidh táillí scrúduithe stáit le híoc I mbliana ach oiread.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh pacáiste cuidithe an lae inniu dírithe ar theaghlaigh a bhfuil leanaí in aois scoile acu, ar dhaoine atá i dtuilleamaí liúntais leasa shóisialaigh agus ar ghnóthaí beaga agus meánmhéide. Is é an pacáiste cúnaimh seo an ceann deiridh dá leithéid go dtí mí Dheireadh Fómhair.

“Is é seo an faoiseamh deiridh ó thaobh an chostais mhaireachtála go dtí go mbeidh an Buiséad againn,” a deir an Taoiseach.

Dheimhnigh sé gur i mí an Mheithimh a gheobhaidh tuismitheoirí an €100 breise in aghaidh an pháiste sa liúntas leanaí.

Gheobhaidh pinsinéirí, cúramóirí, daoine atá faoi mhíchumas agus tuismitheoirí aonraice cnap-íocaíocht bhreise €200 chomh maith.

Cuirfear an íocaíocht €200 bhreise ar fáil san Aibreán do theaghlaigh atá i bhfostaíocht ach atá i dteideal liúntas forlíontach.

Cuirfear €100 breise leis an liúntas do theaghlaigh a fhaigheann liúntas éadaigh agus bróg dá gcuid leanaí mí Iúil le cuidiú leo ullmhú le filleadh chun na scoile sa bhfómhar.

Ní bheidh táillí na scrúduithe stáit le híoc ag tuismitheoirí is caomhnóirí i mbliana. Bhíodh táillí €116 ar scrúdú na hArdteiste agus €109 ar an Teastas Sóisearach.

Ní chuirfear deireadh anois leis an ráta laghdaithe cáin bhreisluacha 9% i dtionscal an fháilteachais go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Ó mhí an Mheithimh ar aghaidh cuirfear i bhfeidhm arís de réir a chéile na dleachtanna máil a baineadh den pheitreal agus den díosal.

Dúirt Leo Varadkar, sa gcás go mbeadh a leithéid ag teastáil, go bhféadfadh go bhfógródh an Rialtas creidmheas fuinnimh eile do theaghlaigh amach sa mbliain, ach gur sa gcéad bhuiséad eile a dhéanfaí a leithéid de chinneadh.

Íocfar an creidmheas fuinnimh €200 a fógraíodh níos túisce i mbliana sa Mhárta nó san Aibreán.

Tá trí mhí eile curtha leis an Scéim ShealadachTacaíochta Fuinnimh do Ghnóthaí (TBESS) ó tharla nach raibh an t-éileamh ar an scéim sin a ceapadh a bheadh.

Beidh an cúnamh sin níos gnaíúla feasta – beidh suas le €15,000 ar fáil do ghnó nó suas go €45,000 do ghnó a bheadh ar siúl ar láithreacha éagsúla.

Níos mó