Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-iris-chultuir-nos-ag-ceiliuradh-15-bliain-inniu

An iris chultúir NÓS ag ceiliúradh 15 bliain inniu

Lá Fhéile Pádraig 2008 a chuir Tomaí Rua Ó Conghaile an chéad eagrán den iris NÓS ar líne

An iris chultúir NÓS ag ceiliúradh 15 bliain inniu

Tá an iris NÓS 15 bliain ar an bhfód inniu. Ba ar Lá Fhéile Pádraig 2008 a scaip Tomaí Rua Ó Conghaile an chéad eagrán den iris chultúir agus stíl mhaireachtála ar líne.

Ba ar an dóigh sin a scaipeadh na chéad sé eagrán den iris mhíosúil a chuirtí le chéile i seomra suí an eagarthóra i mBéal Feirste go dtí gur aimsíodh tuairim is 400 síntiúsóir a thug an t-airgead a theastaigh leis an rud a chur i gcló den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008.

“Is sórt sluamhaoiniú a bhí ann sula raibh aon chaint ar an sluamhaoiniú,” a dúirt Tomaí Ó Conghaile le Tuairisc.ie.

“Is sórt leaganacha samplacha den rud ab fhéidir linn a dhéanamh ach an t-airgead a fháil a bhí sna heagráin luatha sin. Bhí muid ag rá leis na léitheoirí ‘seo an cineál rud atá muid ábalta a chur ar fáil agus á scaipeadh ar na meáin shóisialta a bhí ann ag an am – Bebo, MySpace agus an córas ríomhphoist.

Tomaí Ó Conghaile

“Nuair a bhí thart ar cheithre chéad síntiúsóirí againn bhí ár ndóthain airgid againn le cóipeanna a chur i gcló. An sprioc a bhí againn ná go mbeidís againn le díol ag an Oireachtas i gCaisleán an Bharraigh an bhliain sin, rud a d’éirigh linn a dhéanamh”.

Ba é Ó Conghaile féin, a bhí ina láithreoir ar Blas leis an BBC ag an am, a dhíol formhór na n-eagrán i mblianta tosaigh na hirise ach de réir a chéile bhí NÓS ar fáil i siopaí dála An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus An Ceathrú Póilí i mBéal Feirste.

“Ansin tháinig an nuachtán Gaelscéal ar an saol agus bhí socrú againn leo NÓS a chur isteach mar fhorlíonadh uair sa mhí. Fuair muid féin maoiniú ó Fhoras na Gaeilge le leagan clóite a bhí níos téagartha a chur amach in 2012 agus bhí fáil ar an iris i siopaí móra ar nós Eason’s ar fud na hÉireann ar feadh trí bliana – ó 2012 go 2015,” a dúirt sé.

Maíonn NÓS go raibh isteach is amach le míle cóip den iris chlóite á gceannach gach mí i gcaitheamh na mblianta sin, ach gur tháinig méadú “mór millteach” ar líon na léitheoirí i ndiaidh don iris suíomh nua idirlín a thógáil in 2015.

“Bhí suíomh idirlín ann ar feadh cúpla bliain roimhe sin ach níor thug muid mórán airde air agus níor chaith muid mórán ama ag plé leis. Bhronn Foras na Gaeilge conradh nua orainn in 2014 le hiris ar líne a chur ar fáil agus níl aon amhras ann ach go bhfuil méadú mór millteach tagtha ar líon na léitheoirí ó shin agus arís ó tháinig Maitiú Ó Coimín isteach mar eagarthóir in 2018.

“Is fada an t-achar é cúig bliana déag agus tá go leor leor daoine tar éis a bheith ag scríobh do NÓS ó tháinig an chéad eagrán amach in 2008. Bhí alt ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar an gcéad eagrán den iris, fear atá fós ina chara mór de chuid na hirise agus ar a nguíonn muid gach rath, agus is iomaí duine eile a chur peann le pár dúinn in imeacht na mblianta,” a dúirt Tomaí.

Tá os cionn milliún cuairt tugtha ag 540,000 léitheoir ar NÓS ó foilsíodh na chéad ailt ar www.nos.ie ar an 15 Eanáir 2015 agus na mílte alt foilsithe ar an suíomh i gcaitheamh na mblianta.

Níos mó