Tá deontas beagnach €1 milliún fógartha ag an Rialtas chun forbairt a dhéanamh ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i nGaeltacht Chonamara.
D’fhógair an tAire don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan inniu go bhfuil €902,000 á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le hobair tógála agus forbartha a dhéanamh ar an ionad i gCarna.
Bainfear úsáid as an airgead chun síneadh a chur leis an bhfoirgneamh atá ann cheana féin, Ionad Míniúcháin Turasóireachta a fheistiú amach ann agus Gairdín Cuimhneacháin a fhorbairt ar an láthair.
Beidh an tIonad Míniúcháin nua dírithe ar dhiaspóra na Gaeltachta agus beidh sé ina acmhainn acusan agus ag a sliocht ó thaobh taighde ginealais de, a deirtear.
Táthar ag súil freisin go mbeidh sé ina áis tharraingteach do thurasóirí Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gConamara.
Agus an deontas á fhógairt ag an Ionad aige, dúirt an tAire Stáit O’Donovan gur togra tábhachtach atá ann do cheantar Charna agus do Chonamara agus d’Iarthar na hÉireann i gcoitinne.
“Cuirfidh sé leis an líon turasóirí a thagann go dtí an ceantar agus cruthaíonn an tIonad seo nasc fíor-thábhachtach leis an diaspora chomh maith, rud atá fíor-thábhachtach don tír seo. Chomh maith le turasóirí a mhealladh go dtí an ceantar cruthóidh sé fostaíocht sheasmhach, ní amháin san Ionad féin ach sna hearnálacha gaolmhara eile sa cheantar,” a dúirt O’Donovan.
“Tréaslaím leis an gCoiste áitiúil agus na páirtithe leasmhara ar fad as ucht an togra seo a bhrú chun cinn agus a thabhairt go ceann scríbe.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, gur lá mór a bhí ann dóibh siúd a d’oibrigh ar son an ionaid “le blianta fada”.
Dúirt sé go raibh sé mar sprioc ag an Údarás go mbeadh an tIonad ina chuid de ghréasán tograí turasóireachta Gaeltachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ina bhfuil Teach Solais Fhanada, Sliabh Liag, SOLAS i Tuaisceart Mhaigh Eo, Ionad na mBlascaod agus áiteanna eile.