Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
rabhadh-bui-sneachta-agus-seaca-fogartha-don-tir-ar-fad-amarach

Rabhadh buí sneachta agus seaca fógartha don tír ar fad amárach

| Tuairisc.ie | ,

Amárach beidh nimh fuachta ar an maidin agus scaipfidh an bháisteach, an flichshneachta agus an sneachta soir ó thuaidh go dtí mórán chuile choirnéal den tír

Rabhadh buí sneachta agus seaca fógartha don tír ar fad amárach

Tá rabhadh buí sneachta agus seaca fógartha ag Met Éireann don tír ar fad amárach agus fainic á cur go bhféadfadh cúrsaí taistil a bheith buailte ag an doineann agus na bóithre contúirteach dá barr.

Tiocfaidh an rabhadh is deireanaí i bhfeidhm anocht ag a 3.00am. Beidh sé i bhfeidhm an lá amárach ar fad go dtí a 11.00pm san oíche do chuid mhór den tír, ach beidh sé i bhfeidhm i gCúige Laighean agus i gcontaetha an Chabháin agus Mhuineacháin go dtí a 10am maidin Dé hAoine.

Fuar feannaideach a bheidh an oíche anocht agus an teocht chomh híseal leis an reophointe i gcuid mhaith den tír. Beidh sé tirim le tús na hoíche ach d’fhéadfadh corrchith gheimhriúil a bheith sa taobh thoir den tír.

Ó mheán oíche ar aghaidh tá Met Éireann ag tuar go scaipfidh báisteach, flichshneachta agus sneachta soir ó thuaidh i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Chúige Laighean agus Chonnacht. Neartóidh an ghaoth ghoimhiúil anoir i rith na hoíche.

Amárach beidh nimh fuachta ar an maidin agus scaipfidh an bháisteach, an flichshneachta agus an sneachta soir ó thuaidh go dtí mórán chuile choirnéal den tír. Báisteach is flichshneachta is mó a bheas sa gcuid is faide ó dheas den tír amárach agus táthar ag tuar go bhféadfadh iarthuaisceart Uladh a bheith tirim.

Beidh sé fuar agus an teocht idir 0 agus 5 chéim Celsius ach goimh ghéar sa ropadh gaoithe anoir. Tá rabhadh sneachta eisithe freisin ag lucht na haimsire ó thuaidh den teorainn óna 7.00 am amárach go dtí a 2.00pm Dé hAoine.

Deir na meitéareolaithe i Met Éireann go bhfuil “ualach sneachta is flichshneachta” le feiceáil go soiléir sa gcóras aimsire agus go mbeidh sé sin ag déanamh a bhealaigh chugainn anocht agus amárach.

Táthar á thuar go bhféadfadh an cur sneachta a bheith chomh tréan le leibhéal rabhadh oráiste, idir 3 agus 10 gceintiméadar agus go mbeidh go leor sneachta ar an talamh sa leath ó dheas den tír amárach.

Tá comhairle á cur ag Oifig Pleanála Éigeandála na tíre ar thiománaithe nach féidir leo turas bóthair a sheachaint amárach a chinntiú go bhfuil sluasaid, buataisí, seaicéad feiceálach, triantán guaise, scríobán agus dí-oighreoir sa gcarr ar eagla na héigeandála.

Níos mó