Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ba-choir-ainmneacha-phairceanna-naisiunta-na-heireann-a-bheith-i-ngaeilge-amhain

Ba chóir ainmneacha Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann a bheith i nGaeilge amháin

Deir Sinn Féin gur cheart go leanfaí dea-sampla na Breataine Bige agus ainmneacha Gaeilge amháin a thabhairt ar pháirceanna náisiúnta an hÉireann.

Ón lá inné Bannau Brycheiniog a thabharfar feasta ar an bpáirc náisiúnta cháiliúil i lár na Breataine Bige, ainm a chiallaíonn Beanna Ríocht Brychan.

Tá an pháirc náisiúnta bunaithe le 66 bliain inniu.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go “molann Sinn Féin go hard” cur chuige na Breataine Bige i gcás Bannau Beycheiniog.

Dá mbeadh Sinn Féin i rialtas thiocfadh na páirceanna náisiúnta faoina bpolasaí ‘Gaeilge amháin’ i leith logainmneacha.

Sé cinn de pháirceanna náisiúnta atá sa stát: Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall; Páirc Náisiúnta Néifine Fianna i Maigh Eo; Páirc Náisiúnta Chonamara sa Ghaillimh; Páirc Náisiúnta Bhoirne i gcontae an Chláir; Páirc Náisiúnta Chill Airne i gCiarraí; agus Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin.

“Bheadh feidhm ag an bpolasaí seo ar logainmneacha ar fud an Stáit, páirceanna náisiúnta san áireamh,” a deir Aengus Ó Snodaigh. “Thiocfadh na páirceanna sin faoin bpolasaí Gaeilge amháin atá molta againn do bhrandáil ag eagrais Stáit freisin, amhail an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá freagrach as na páirceanna náisiúnta sa Stát seo.”

Dúirt Ó Snodaigh go mbíodh sé de nós ag an Stát athGhaelú a dhéanamh ar ainmneacha áiteanna agus luaigh sé Dún Laoghaire agus Port Laoise mar dhá shampla de sin.

“Níl uainn ach an meon agus an uaillmhian sin a thabhairt ar ais agus a chur chun cinn fud fad an Stáit.”

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Is cuid é an t-ainm Breatnaise Bannau Brycheiniog de phlean aghaidh a thabhairt sa bpáirc ar dheacrachtaí a eascraíonn as an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta.

Dúirt Catherine Mealing-Jones, príomhfheidhmeannach na páirce náisiúnta, gur braitheadh gurb é seo “an t-am ceart le seanainm na háite a thabhairt ar ais”. Dúirt sí gur léirigh sé a thiomanta agus a bhí lucht na páirce don Bhreatnais.

Táthar ag fáil réidh le lógó na páirce chomh maith.

“Is beag ciall a bhí leis an seanlógó,” a dúirt Catherine Mealing-Jones, “eagraíocht chomhshaoil is ea muid agus mar sin níor oir sorn ollmhór a bhí ag eisiúint carbóin dúinne.”

Ban-eye Bruck-ein-iog an fhoghraíocht a thugtar do Bannau Brycheiniog do Bhéarlóirí nach bhfuil cur amach acu ar Bhreatnais.

An uimhir iolra ar ‘beann’ is ea bannau agus sa gcúigiú haois ba sa dúiche sin a bhí a ríocht ag an rí Brychan – an bunús dinnseanchais le hainm nua na páirce.

Ríocht neamhspleách a bhí in Brycheiniog i dtús na meánaoiseanna agus tá páirc náisiúnta an lae inniu laistigh de theorainneacha na ríochta sin, a bheag nó a mhór.

Tá 1,347 ciliméadar cearnach d’fhairsinge i bpáirc Bannau Brycheiniog i ndeisceart agus i lár na Breataine Bige agus an-tóir go deo ag turasóirí ar an áit. Meastar go dtugann thart ar cheithre mhilliún duine cuairt ar an bpáirc náisiúnta seo gach uile bhliain.

Is í Bannau Brycheiniog an dara páirc náisiúnta sa mBreatain Bheag a chinn a lucht stiúrtha ainm Breatnaise amháin a thabhairt uirthi – an bhliain seo caite a tugadh Eryri ar an bpáirc náisiúnta ar a dtugtaí Snowdonia i mBéarla.

Léiríodh údair imní i roinnt tuarascálacha a eisíodh le déanaí faoin mbail atá ar an gcomhshaol dúchais sa bpáirc.

Tá plean bainistíochta nua á chur i bhfeidhm anois in iarracht an laghdú atá ar speicis fiadhúlra sa bpáirc a stopadh as seo go dtí 2030 agus gan aon astaíochtaí carbóin a bheith á sceitheadh sa bpáirc faoin mbliain 2035.

Tá sé i gceist conairí fiadhúlra a chruthú agus tá gealltanas tugtha go gcuirfear milliún crann sa bpáirc náisiúnta.

Cuirfear béim ar bhia na háite agus déanfar iarracht bhreise  cur leis an bhfeirmeoireacht ghlasraí agus torthaí i ndúiche na páirce náisiúnta, Bannau Brycheiniog.

Níos mó