Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
biden-leaindeailte-i-mbeal-feirtse,-‘an-tsiochain-a-choimead-slan’-a-sprioc

Biden leaindeáilte i mBéal Feirtse, ‘an tsíocháin a choimeád slán’ a sprioc

| Tuairisc.ie | ,

Beidh cruinniú ag Joe Biden agus Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine, ar maidin inniu agus tús á chur ag Uachtarán na Stát Aontaithe lena thuras ceithre lá in Éirinn.

Bhí Rishi Sunak ag Aerfort idirnáisiúnta Bhéal Feirste aréir chun fáilte a chur roimh Joe Biden, a thuirling ansin ar Air Force One go gairid roimh 9.30pm.

In éineacht le Biden agus é ag teacht ón eitleán, bhí a dheirfiúr Valerie Biden Owens, a mhac Hunter Biden agus toscaire speisialta na Stát chun an Tuaiscirt, Joe Kennedy III.

Sular fhág sé Meiriceá, dúirt Biden gurb í príomhchúís a thurais ná “an tsíocháin a choimeád slán”.

Meastar go mbuailfidh Sunak agus Biden le chéile inniu san óstán i lár na cathrach inar fhan an tUachtarán aréir.

Tá tacaíocht láidir léirithe ag Biden do Chreat Windsor, an margadh faoin bprótacal iarBhreatimeachta.

Tar éis an chruinnithe sin, tabharfaidh Biden a aghaidh ar champas nua Ollscoil Uladh sa gcathair mar a dtabharfaidh sé aitheasc.

An comóradh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin ábhar a chuid cainte, ceaptar.

I ngiolc a sheol an tUachtarán féin, dúirt sé go mbainfeadh sé leas as an ócáid chun “tiomantas a thíre do chaomhnú na síochána agus cothú an rathúnais” sa Tuaisceart a dhearbhú.

Beidh cainteanna ag Biden le ceannairí phríomhpháirtithe polaitiúla an Tuaiscirt ansin.

Is maith an seans go ndéanfar tagairt éigin do neamhfheidhmiú an Fheidhmeannais a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, a bhuíochas do bhaghcat an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh.

Ar Chontae Lú a thabharfaidh Joe Biden a aghaidh tar éis ócáid na hOllscoile, áit dúchais James Finnegan, a shin-seanathair.

Tabharfaidh Biden cuairt ar Chairlinn ar Leithinis Chuaille mar a bhfuil cónaí ar chuid dá dhaoine muinteartha.

Ceaptar go dtabharfaidh sé cuairt ar an gcaisleán Normannach i gCairlinn sula ngabhfaidh sé go Dún Dealgan le sciuird de shiúl na gcos a thabhairt ar lár an bhaile.

Amárach Déardaoin a bhuailfidh an tUachtarán Biden le hUachtarán na tíre seo, Micheál D Ó hUigínn agus leis an Taoiseach Leo Varadkar.

‘An comhoibriú dlúth atá eadrainn faoi réimse leathan dúshlán domhanda’ a bheidh á phlé ag an Uachtarán Biden ag an dá chruinniú sin, a deir John Kirby, Comhordaitheoir na Cumarsáide Straitéisí Chomhairle Náisiúnta Slándála na Stát Aontaithe.

Ach a mbeidh a chuairt ar an uachtarán Ó hUigínn déanta, labhróidh an tUachtarán Biden le Tithe an Oireachtais. is é Biden an ceathrú hUachtarán ar Mheiriceá a rinne sin – John F Kennedy i 1963, Ronald Reagan i 1984 agus Bill Clinton i 1995.

Oíche Déardaoin reáchtálfar féasta oifigiúil don Uachtarán Biden i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

I Maigh Eo, contae dúchais eile a shinsir, a chaithfidh sé an lá deireanach dá thuras tar éis dó eitilt as Baile Átha Cliath go dtí Aerfort Iarthar Éireann maidin Dé hAoine.

Tabharfaidh sé cuairt ar scrín na maighdine i gCnoc Mhuire agus ar Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo sula ngabhfaidh sé go Béal an Átha, mar a gcuirfidh sé deireadh lena chuairt.

Tabharfaidh sé óráid taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muireadhach sa mbaile mór agus tuairiscítear go raibh an-tóir ag daoine ar chead freastal ar an ócáid sin.

Thagair John Kirby don 27,000 bríce a dhíol Edward Blewitt, sin-sin-sin-seanathair an Uachtaráin Biden leis an Ardeaglais sin in 1827.

“Úsáideadh na brící sin chun an ardeaglais bhreá sin a thógáil agus a neartú agus chuidigh siad le Edward Blewitt ticéid a cheannach dó féin agus dá theaghlach blianta ina dhiaidh sin le seoladh go Meiriceá in 1851.

“Tá an tUachtarán ag súil go mór leis an turas agus an deis seo a fháil leis na ceangail stairiúla atá idir ár dhá thír a cheiliúradh, ceangail atá láidir idir pobal an dá thír go fóill,” a deir Kirby.

Tá srianta slándála an-dian curtha i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann agus tá fainic curtha ar an bpobal go mbeidh moill ar an trácht aon áit a mbeidh an tUachtarán ar cuairt.

Níos mó