Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘chabhraigh-an-dearmad-d’fhear-seo-liom-a-bheith-nios-mo-ar-mo-chompord-liom-fein’

‘Chabhraigh an dearmad d’fhear seo liom a bheith níos mó ar mo chompord liom féin’

Amuigh fén mbaile agus fuadar fúm fear a fháil dom féin. “Canathaobh?”, a iarraim orm féin anois, nuair nach mbíonn an fonn sin ormsa in aon chor, ach bhí an samhradh tagtha chomh fada linn agus bhíos ar mhuin na muice, ag triailt breith ar gach aon deis os mo chomhair amach.

Is amuigh le cara a bhíos, bean bhreá ar maith léi bualadh le daoine amuigh agus iad a bheith ina leabaigh fé dheireadh na hoíche, má bhíonn an t-ádh leo. Mar bhean agus duine fásta, is dóigh liom gur rud an-sláintiúil é sin agus mar sin, chuas féin sa tóir ar dhuine éigin oiriúnach.

Ní fada a thóg sé agus daoine amuigh fé aimsir an tsamhraidh. Lasmuigh den bpub ag ól le cairde a bhí a fear so, dathúil a dhóthain (a dearbhaíodh liom), agus ARD. Cha-ching, an deis aimsithe! Chuimhnigh mé ar chara eile liom a mhínigh dom go raibh sí féin agus a páirtí le chéile anois mar gur mháirseáil sí sall chuige agus thug a huimhir dó. Taispeántas lán d’fheimineachas, misneach agus láidreacht a cheapas féin agus mar sin, agus cúpla deoch ólta agam gan dabht, seo liom suas chuige ach a leanamar a chéile ar Instagram.

Ní rabhas tréis aon fhocal a bhí ráite aige a chlos ach an deis tapaithe agam agus mé breá sásta liom féin. Sea, a dúirt, tá an bheart déanta agam agus deis cruthaithe agam dom féin. Leanadh ar aghaidh le mo phlean.

Thána trasna air arís ag deireadh na hoíche, agus de bharra an phlean a bhí sa cheann agam, ritheas leis. Bhreá liom a rá gur scéal ana-rómánsúil a bhí anso, gur bhuaileas le fear breá agus go dtitimear i ngrá, ach níorbh ea. Bhí sé ar an bhfear ba dhrochbhéasaí a bhuaileas riamh leis!

Agus é siúd ar meisce, bhí sé ag triailt ceannas a chur in iúl ormsa agus ar mhná eile. Thriall sé iachall a chur orm eochracha mo chairt FÉIN a thabhairt dó go bhféadfadh sé imeacht go cóisir agus é tréis n’fheadar cé méid dí a ól. Ar a laghad bhí dóthain céille agam gan an méid sin a dhéanamh.

Bhí sé ag caitheamh anuas orm féin agus ar mhná go ginearálta (agus á dhéanamh sin sa leabaigh chomh maith). An gcuireas an oíche ar ceal? Ní dhein, agus mise an óinseach a lean ar aghaidh leis an ‘misean’ a thugas dom féin! Canathaobh nár theitheas ós na bratacha dearga? D’fhanas, gan aon tsásamh á bhaint agam as an ngníomh, fiú agus dá mbeadh sé deas tuisceanach macánta mar dhuine. (ICK tugtha agam dom féin!)

Theitheas an mhaidin dar gcionn agus m’eireaball idir mo dhá chois, ní roimis siúd, ach go rabhas díomách liom féin. Canathaobh nár fhágas im’ dhiaidh in áit éigin é nuair a thuigeas cén saghas fear é? Ní in é mo leithéidse in aon chor! Canathaobh go gceapas go gcaithfinn caidrimh mar sin a bheith agam le daoine, dom’ iarraidh a bheith cosúil leo, nuair nach bhfuil suim agam iontu go dtí go mbíonn mothúcháin i gceist?

Nílim a rá go gcabhraigh an t-eachtra liom teacht ar an réiteach ach ar shlí, do dhein. Táim tréis imeacht amach go minic ó shin ach gan géilleadh don smaoineamh gur cheart dom’ leithéid (duine óg) a bheith ag léimt isteach sa leabaigh le duine éigin gach aon chúpla seachtain. Ní gá dom pé ní a dheineann mo chairde nó daoine timpeall orm a dhéanamh muna bhfuil an fonn sin orm.

Is dócha go gcabhraigh an DEARMAD d’fhear seo liom a bheith níos mó ar mo chompord liom féin agus an fonn GAN an méid sin a dhéanamh a chleachtadh. Ní le duine éigin cosúil leis siúd ar a laghad.

Níos mó