Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
comhra-ionraic-speisiuil-a-thugann-abhar-machnaimh-duinn-e-‘the-language-question’

Comhrá ionraic spéisiúil a thugann ábhar machnaimh dúinn é ‘The Language Question’

| hannah ni chonghaile | ,

Tá cur amach againn ar fad ar an bprionsabal gur fearr an Ghaelainn a sheachaint mar ábhar, más féidir. B’fhearr dúinn an teanga a labhairt, gan a bheith ag caint fúithi. Fágaimis an chaint san fé pholaiteoirí na Dála, Conradh na Gaeilge agus mic léinn Dlí agus Gaelainn. Is féidir leo na hargóintí maidir le stádas na Gaelainne a nochtadh agus a chur i mbéal an phobail, más maith leo.

Beatha teanga í a labhairt, gan dabht. Bíonn ana-chuid cainteoirí Gaelainne den dtuairim gur teanga í an Ghaelainn, sé sin, slí chumarsáide, agus má bhíonn sí á labhairt agat, tá an chuid is tábhachtaí déanta agat. Scéal saghas difriúil, gan dabht, is ea é an plé a chítear ar shuíomhanna ar nós Twitter ina mbíonn mionphointí teangan á bplé ag saoithe na gramadaí. Maith iad!

Mar sin féin, tuigtear go forleathan go bhfuil tábhacht nach beag le daoine nua a spreagadh chun na Gaelainne. Is léir go bhfuil fadhbanna leis an gcóras scoile, sa tslí go múintear an Ghaelainn mar ábhar scoile, seans, agus ní mar theanga bheo a labhrann ana-chuid daoine. Má bhíonn Gaelainn líofa ag déagóirí agus iad ag fágaint na meánscoile féin, níl aon chinnteacht ann go leanfaidh siad leo ag labhairt na Gaelainne ná á húsáid mar theanga labhartha.

Tá gach aon Ghael bréan den ráiteas céanna seanchaite ó dhaoine meánaosta a deir gur teanga álainn í an Ghaelainn agus ba bhreá leo dá mbeadh sí acu ach bhí múinteoir uafásach agam ar scoil agus nach trua é. Goilleann an saghas seo cainte orainn ar fad,  agus ní mórán trua a bhíonn againn dosna daoine san. Ach dosna daoine san atá báúil don dteanga i slí fhiúntach, is léir go bhfuil luach ar leith ag baint leis an ndioscúrsa as Béarla a dheintear ar an dteanga, chun iad a spreagadh. Agus cuirtear an tábhacht seo in iúl dúinn sa phodchraoladh nua The Language Question – Ceist na Teangan. 

Más ag maireachtaint sa Ghaeltacht agus ag labhairt na Gaelainne go laethúil atá duine, is beag a bheidh Seachtain na Gaeilge ar a radar. Ach bíonn iarracht mhór á dhéanamh ag eagraíochtaí Gaelainne, comhlachtaí agus daoine aonaracha daoine nua a spreagadh chun na teangan. Ar na hiarrachtaí a sheas amach i mbliana tá an podchraoladh seo a chuir Finghin Mac Cárthaigh, nó Flor McCarthy, tús leis le linn na seachtaine (fada!) sin.

Foghlaimeoir Gaelainne is ea Finghin a thosnaigh ag athfhoghlaim na Gaelainne in 2018 tar éis dó a shaol a chaitheamh gan aon mheas aige ar an dteanga. Tá sé féin den dtuairim gur mhothaigh sé mar seo fén dteanga toisc ná raibh teanga dhúchais na tíre seo aige agus toisc gur dúshlán ana-mhór é tabhairt fé theanga a fhoghlaim. Gearán coitianta, ach is annamh go gcloistear go bhfuil meon dhuine ar an ábhar seo athraithe.

Tá an podchraoladh, The Language Question – Ceist na Teangan, as Béarla ar chúpla chúis. Cé go bhfuil sé ar a dhícheall ag foghlaim na Gaelainne, tá plé domhain ar bun ag Finghin sa phodchraoladh agus ní mhothaíonn sé go bhfuil sé ag leibhéal go bhféadfadh sé an comhrá seo a láimhseáil as Gaelainn – go fóill! Anuas air sin, tá Finghin den dtuairim go bhfuil easpa ábhair ann do dhaoine ar spéis leo an dteanga ach ná fuil ar a gcumas fós an saghas seo ábhair a thuiscint as Gaelainn.

Tá ceithre eipeasóid den bpodchraoladh foilsithe go dtí seo, leis na haíonna spéisiúla Aidan Doyle, Póilín Nic Géidigh, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Audrey Magee. Tá plé ionraic, oscailte le braistint sna ceithre eipeasóid seo, cé gur nochtadh tuairim nó dhó ná beidh gach éinne in ann aontú leo, ach nach é sin bunús an phodchraolta ach go háirithe.

Raghaidh an tarna heipeasóid le Póilín Nic Géidigh go mór i bhfeidhm ar chainteoirí dúchais Gaelainne, le plé macánta féna taithí le canúint Dhún na nGall, na deacrachtaí atá ann do chainteoirí dúchais agus iad ag streachailt chun dul i ngleic le Gaelainn chaighdeánach na scoile, tuismitheoirí le Gaelainn a labhrann Béarla lena leanaí, agus an tábhacht a bhaineann le deiseanna a thabhairt do dhéagóirí Gaeltachta meascadh le déagóirí ó Ghaeltachtaí eile. Cuireann Póilín ceist mhaith fé bhráid na mBéarlóirí a mhaíonn gurb aoibhinn leo an teanga a bheith ar a gcumas acu ach ná fuil de bharr drochmhúinteoirí agus iad ar scoil – cén leithscéal atá agaibh anois?

Tugann Tadhg Mac Dhonnagáin a chuid tuairimí dúinn sa tríú heipeasóid ar thionchar na coilíneachta ar an dteanga agus ar thréigean na teangan chomh maith leis an dtábhacht a bhaineann leis an gcultúr, rud a chítear dó agus obair á dhéanamh aige trí mheán na Gaelainne sa spás cruthaitheach. Seans go gcuirfear iontas ar dhaoine a chlos féna thaithí sa Ghaeltacht agus é ina dhéagóir – cheapfainn gur cainteoir dúchais é – agus an tslí a chuaigh an taithí san i bhfeidhm air agus ar an saol atá aige anois.

Tá sé soiléir go bhfuil Finghin, ná fuil i bhfad ag foghlaim na Gaelainne, tar éis tabhairt fé dhaoine a mhealladh chun na teangan agus an slí a éascú do dhaoine eile ar spéis leo an teanga a athfhoghlaim. Comhrá ionraic spéisiúil atá le clos sa phodchraoladh seo a thugann ábhar machnaimh dúinn, agus a chuireann mórcheisteanna na teangan os ár gcomhair go deimhin, fiú má bhíonn sé ait cuid desna haíonna a chlos ag labhairt as Béarla!

Níos mó