Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘mas-cainteoir-gaeilge-i-mbeal-feirste-thu-braitheann-tu-go-bhfuil-tu-faoi-ionsai-de-shior’

‘Más cainteoir Gaeilge i mBéal Feirste thú braitheann tú go bhfuil tú faoi ionsaí de shíor’

| Tuairisc.ie | ,

Tá polaiteoirí aontachtacha ag iarraidh stop a chur le cinneadh go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar Bhealach Glas nua i mBéal Feirste

‘Más cainteoir Gaeilge i mBéal Feirste thú braitheann tú go bhfuil tú faoi ionsaí de shíor’

Tá an iarracht atá déanta ag polaiteoirí aontachtacha stop a chur le comharthaí Gaeilge ar Bhealach Glas nua i mBéal Feirste ar an sampla is déanaí de na “hionsaithe beaga síoraí” atá á ndéanamh ar lucht na teanga sa chathair.

Dúradh an méid sin le linn na conspóide is déanaí faoin gcomharthaíocht dhátheangach sa Tuaisceart.

Bhain polaiteoirí aontachtacha leas as córas sna húdaráis áitiúla, a dtugtar ‘glaoch isteach’ air, chun stop a chur le cinneadh go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar an Forth Meadow Community Greenway, bealach glas atá á thógáil mar shiombail na síochána agus an athmhuintearais.

An mhí seo caite, vótáil móramh ag Coiste Straitéiseach Polasaí agus Acmhainní Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ar son na comharthaíochta dátheangaí ar an mbealach glas nua, ach baineadh leas as an ‘glaoch isteach’ chun stop a chur leis an gcinneadh.

Faoi reachtaíocht na n-údarás áitiúil, is féidir “call-in” a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an mbealach ceart nó má cheapann siad go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.

Má éiríonn leis an ‘glaoch isteach’ is gá scrúdú dlí neamhspleách a dhéanamh agus, ina dhiaidh sin, tharlódh go mbeadh measúnú tionchair comhionannais le déanamh agus, ag brath ar an toradh, go rachfaí siar ar an gcinneadh.

Tagann an chonspóid faoin nGaeilge ar an mbealach glas sna sála ar aighneas idir Sinn Féin agus Alliance faoi mholadh go gceadófaí comharthaí sráide Gaeilge ar fud ‘Ceathrú Ghaeltachta’ iarthar Bhéal Feirste.

Níor ghlac Alliance le moladh Shinn Féin go gceadófaí na comharthaí sa cheantar sin go léir in aon gheábh amháin, seachas cinneadh a dhéanamh sráid ar shráid.

Chuir Sinn Féin i leith Alliance go raibh siad ag cuidiú leis an DUP moill a chur ar dhul chun cinn na Gaeilge sa chathair.

I gcás an bhealaigh ghlais nua cinneadh an mhí seo caite go mbeadh comharthaí dátheangacha sna háiteanna sin ar an mBealach Glas atá sa Cheathrú Ghaeltachta.

Baineadh leas as an ‘glaoch isteach’ chomh maith anuraidh chun moill a chur le cinneadh faoi chomharthaí dátheangacha san Olympia Leisure Centre.

Vótáil a dhá oiread comhairleoirí ar son na comharthaíochta san ionad fóillíochta ná a vótáil ina coinne, ach d’éirigh leis an DUP stop a chur leis an bplean.

Dúirt comhairleoir cathrach de chuid Pobal Seachas Brabús go raibh ceist sheicteach á déanamh den Ghaeilge ag an gComhairle.

“Tá an tuiscint bhréagach á cur chun cinn ag an Chomhairle gur rud seicteach nó deighilteach í an Ghaeilge,” arsa Ferguson.

Dúirt an comhairleoir de chuid an SDLP Carl Whyte go raibh uafás air mar gheall ar an iarracht an cinneadh faoin nGaeilge ar an mBealach Glas a chur ó mhaith.

“Ba mhaith liom a rá go raibh mé an-suaite faoi fhreagra na gcomhairleoirí anseo ar iarratas simplí go gcrochfaí comharthaí dátheangacha ar an mbealach glas nua, comharthaí d’ainmneacha bailte fearainn agus áiteanna i mBéal Feirste a dtagann a bhformhór ón nGaeilge.

“Seo ionsaithe beaga síoraí ar an nGaeilge. Sin mar a mhothaíonn sé más cainteoir Gaeilge thú, nó imreoir CLG nó duine de lucht tacaíochta CLG. Nuair a thagann tú isteach go dtí an Chomhairle seo osclaíonn tú do ríomhphost agus ní fheiceann tú ach dúshlán i ndiaidh dúshláin.”

Cosnóidh an Bealach Glas nua £5 milliún agus beidh sé 12 ciliméadar ar fhad. Rachaidh sé ó Pháirceanna Imeartha Clarendon i dtuaisceart na cathrach tríd an iarthar go dtí an Mol Iompair nua i lár na cathrach.

Níos mó