Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
moill-le-plean-tg4-seirbhis-neamhspleach-nuachta-ar-line-a-bhunu  

Moill le plean TG4 seirbhís neamhspleách nuachta ar líne a bhunú  

Chuir TG4 scéala le déanaí chuig daoine a chuir isteach ar phoist iriseoireachta lena rá leo go raibh deireadh á chur leis an chomórtas earcaíochta agus go gcuirfí tús le ceann nua ‘níos déanaí i mbliana’

Moill le plean TG4 seirbhís neamhspleách nuachta ar líne a bhunú  

Tá sé deimhnithe ag TG4 go bhfuil moill lena bplean seirbhís dhigiteach nuachta a bhunú.

Dheimhnigh TG4 do Tuairisc.ie go bhfuil deireadh curtha leis an chomórtas earcaíochta a bhí ar siúl ag TG4 eagarthóir agus iriseoirí nuachta a cheapadh le dul ag obair leis an tseirbhís nuachta nua.

Beidh comórtas nua á reáchtáil ag TG4 roimh dheireadh na bliana, a dúradh.

I mí Eanáir a fógraíodh na poist, folúntais ‘d’Eagarthóir/Léiritheoir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha’ agus beirt ‘iriseoirí ilmheán’ agus an 3 Márta an spriocdháta a bhí luaite leo.

Ina dhiaidh sin, cuireadh siar an spriocdháta d’iarratais go dtí an 24 Márta ach chinn lucht an stáisiúin ó shin deireadh a chur leis an chomórtas earcaíochta.

Tuigtear gur chuir TG4 scéal le déanaí chuig na daoine a chuir isteach ar na poist ag míniú dóibh go raibh deireadh leis an chomórtas earcaíochta agus go mbeadh tús á chur le comórtas nua “níos déanaí i mbliana”.

Dúradh sa teachtaireacht go bhféadfadh daoine iarratas eile a dhéanamh nuair a d’fhógrófaí na poist arís.

I ráiteas a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc faoin scéal, dúradh gur léiríodh “an-spéis” sna poist a fógraíodh ach gur “cuireadh siar” na poist mar gheall ar chúiseanna a bhain le “dearadh agus forbairt an tsuímh”.

“Léiríodh an-spéis sna postanna d’Eagarthóir Ábhair Dhigitigh Nuachta agus Cúrsaí Reatha agus Iriseoirí Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha a fógraíodh ag deireadh mhí Eanáir.

“Cuireadh siar na postanna mar gheall ar chúinsí a bhaineann leis an tréimhse ama a theastaíonn do dhearadh agus forbairt an tsuímh nua. Beifear ag fógairt na bpostanna arís níos déanaí i mbliana.”

Tá bunú an tsuímh nuachta ar cheann de na chéad chéimeanna i bplean TG4 seirbhís neamhspleách nuachta agus cúrsaí reatha a bhunú.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón Choimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Tá an moladh sin á phlé ag TG4 agus RTÉ faoi láthair agus tuigtear do Tuairisc go bhfuil dúshláin le sárú i gcónaí sna cainteanna sin.

Tá monatóireacht le déanamh ag Coimisiún na Meán ar an idirbheartaíocht mar gheall ar TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Bunaíodh go hoifigiúil an mhí seo caite Coimisiún na Meán, an t-údarás rialála nua do na meáin.

Ceann de na chéad rudaí a dhéanfaidh an t-údarás nua ná tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an soláthar seirbhísí Gaeilge in earnáil na meán trí chéile.

Dúirt Alan Esslemont gurb é an rogha a bheadh aige féin agus ardbhainistíocht TG4 ná athbhreithniú a dhéanamh ar an socrú le RTÉ agus smacht iomlán a bheith ag TG4 ar na cláir nuachta a chraoltar ar an stáisiún agus ar na hacmhainní a bheadh ann dóibh.

Níos mó