Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-fhacamar-cuis-dochais-go-dti-seo-i-gcomortas-na-bliana-seo’

‘Ní fhacamar cúis dóchais go dtí seo i gcomórtas na bliana seo’

| jeff neville | ,

Níl ach cluiche amháin fágtha ag foireann Éireann na mBan chun taispeáint nach bhfuil cúlchéimniú iomlán déanta acu ón gcomórtas anuraidh. Chonaiceamar dhá bhua anuraidh, ceann in aghaidh na hIodáile agus ceann in aghaidh na hAlban. Faraor, níl cluiche buaite ag Éirinn i mbliana go fóill agus níl mórán feicthe againn go dtí seo a léiríonn go n-athróidh sé sin.

Scóráil imreoirí na hÉireann 68 bpointe anuraidh sa chomórtas iomlán, scóráladh deich n-úd i gcúig chluiche agus thug siad an lá leo i ndá chluiche. I mbliana, faraor, scéal iomlán difriúil atá ann. Níl ach 15 phointe scóráilte acu i gceithre chluiche: úd in aghaidh na Breataine Bige, cic éirice slánaithe in aghaidh na Fraince, agus úd éirice bronnta in aghaidh na hIodáile. Mar bharr ar an donas, níl splanc ar bith le feiceáil in ionsaí na hÉireann. Níl ach seacht mbriseadh líne feicthe againn go dtí seo, gan mórán bearnaí cruthaithe ach an oiread. Tá níos lú méadar déanta ag Éirinn (2,441.5) ná aon fhoireann eile. Tá níos lú greamaithe briste ag Éirinn ná aon fhoireann eile.

Anuraidh, ghéill Éire 158 bpointe (24 úd san iomlán). Tá 156 phointe géillte acu cheana féin i mbliana freisin le cluiche fós le n-imirt (tá 25 úd géillte acu freisin, toradh níos measa ná anuraidh fiú agus cluiche amháin le n-imirt). Tá 151 ghreamú caillte ag an bhfoireann, an toradh is measa sa chomórtas. Tá níos lú greamuithe dearfacha ag Éirinn ná aon fhoireann eile. Is léir go bhfuil foireann na hÉireann ag streachailt. Tá imreoirí an-mhaith acu; teastaíonn an struchtúr agus an tacaíocht cheart uathu.

Tá an cluiche le teacht in aghaidh na hAlban thar a bheith tábhachtach. Mar a luaigh mé, tá sé tábhachtach a thaispeáint nach bhfuil cúlchéimniú iomlán déanta (cé go léiríonn na híomhánna den ionsaí agus cosaint é sin cheana féin). Tá an cluiche seo thar a bheith tábhachtach ar chúis éigin eile freisin agus muid ag druidim i dtreo an chomórtais WXV. Má chailleann Éire, rachaidh siad isteach sa tríú sraith. Chun fáil isteach sa dara sraith, beidh orthu dhá rud a dhéanamh. Tá orthu an cluiche a bhuachan le níos mó ná 31 phointe, gan pointe ar bith a thabhairt d’Albain. Dúshlán ollmhór atá ann; b’fhéidir rómhór. Fiú má n-éiríonn leo, bheadh orthu cluiche a imirt in aghaidh na Spáinne ansin, agus buaiteoir an chluiche sin ag dul isteach sa dara sraith agus an caillteoir ag dul isteach sa tríú sraith. Ní bheidh aon fhoireann ag dul suas ná síos ar feadh dhá bhliain, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil an cluiche seo níos tábhachtaí arís.

Ó tháinig an fhoireann bainistíochta seo isteach, tá beagnach dhá Chraobh Sé Náisiúin imeartha chomh maith le turas go dtí an tSeapáin. Tá sé ráite arís agus arís eile acu go bhfuil siad ag tógáil foirne, ach ní dóigh liom go bhfuil beart á dhéanamh de réir a mbriathair ag an bhfoireann bainistíochta. Más é seo an chéad chéim i dtreo todhchaí níos fearr, céard a bhí i gceist leis an gcomórtas agus an turas anuraidh? Tá an Bhreatain Bheag tar éis forbairt iontach a dhéanamh le dhá bhliain anuas agus tá dóchas ann go mbeidh Éire in ann an rud céanna a dhéanamh, ach tá fáil ag formhór imreoirí na Breataine Bige ar rugbaí sa Premiership 15s, comórtas i bhfad níos fearr ná aon rud atá againn anseo sa bhaile.

Ní fhacamar cúis dóchais go dtí seo sa chomórtas i mbliana; tá súil agam go bhfeicfidh muid é ar an Satharn ach tá seans ann go bhfuil sé ródhéanach anois.

Níos mó