Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘sileig,-neamhaird-iomlan-agus-easpa-cuirteise’-–-an-dream-is-measa-a-casadh-riamh-ar-an-gcoimisineir-teanga

‘Siléig, neamhaird iomlán agus easpa cúirtéise’ – an dream is measa a casadh riamh ar an gCoimisinéir Teanga

| Tuairisc.ie | ,

Damnaítear i dtuarascáil nua Comhairle Contae amháin mar an dream is measa a raibh plé ag Oifig an Choimisinéara Teanga leo ó bunaíodh an oifig sin beagnach 20 bliain ó shin.

Deirtear i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a foilsíodh inniu, gur údar imní a laghad airde a bhí ag údaráis áitiúla ar a ndualgais reachtúla teanga, ach is léir gur measa údarás amháin ná aon cheann eile – Comhairle Contae Uíbh Fhailí.

Léirigh imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga gur sháraigh Comhairle Contae Uíbh Fhailí an dlí teanga a bhaineann le Gaeilge ar chomharthaíocht.

Ach chuir an Chomhairle an tarcaisne i gceann na héagóra leis an dearcadh a léirigh siad le linn an imscrúduithe sin.

“Ní léir dom go ndearna aon chomhlacht poiblí eile neamhshuim chomh hiomlán sin de chomhoibriú leis an Oifig seo ó tugadh tosach feidhme d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003,” a deir an t-iarchoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill, ina thuarascáil bhliantúil dheireanach don oifig.

“Ní heol dom le linn mo naoi mbliana mar Choimisinéir Teanga aon údarás áitiúil eile, nó aon chomhlacht poiblí eile go deimhin, a bheith chomh mall agus chomh héighníomhach i mbun cumarsáide liom agus le m’Oifig agus a bhí Comhairle Contae Uíbh Fhailí san imscrúdú seo.”

Rinneadh trí ghearán leis an gCoimisinéir Teanga idir Deireadh Fómhair 2017 agus Eanáir 2019 maidir leis an easpa Gaeilge ar chomharthaí de chuid Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.

Nuair nár éirigh leis an gCoimisinéir teacht ar réiteach neamhfhoirmiúil leis an gComhairle faoin scéal, chuir sé tús le himscrúdú oifigiúil faoin sárú dlí.

Ba é seo an dara huair a raibh air imscrúdú a dhéanamh faoin gcomhairle chéanna.

San imscrúdú in 2016 mhol sé go gcuirfeadh an Chomhairle “córas cuí i bhfeidhm láithreach, mar atá geallta, le plé go tráthúil le gearáin ón Oifig seo nó ó bhaill den phobal i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003”.

“B’olc an mhaise don Chomhairle Contae é go bhfacthas dom gur ghá dul i mbun imscrúdaithe an dara huair le teacht ar fhionnachtain agus moltaí sa chás,” a deir Ó Domhnaill.

Dúirt Ó Domhnaill nár dheacair na gearáin seo faoi chomharthaí a réiteach go neamhfhoirmiúil ach comhoibriú a fháil ó Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.

“Is bocht liom go mór cur chuige Chomhairle Contae Uíbh Fhailí go háirithe. Chinn ar an údarás áitiúil úd déileáil le hiarrachtaí neamhfhoirmiúla réiteach a fháil ar ghearáin.

“Ba mheasa fós cur chuige na Comhairle nuair a seoladh imscrúdú foirmiúil. Rinneadh neamhaird arís agus arís eile ar iarratais ar fhaisnéis a bhí riachtanach chun imscrúdú reachtúil a thabhairt chun críche.”

Déanann an t-iarchoimisinéir cáineadh an-ghéar sa tuarascáil nua ar chur chuige na Comhairle.

“Is iondúil go mbíonn cúirtéis ghairmiúil agus cumarsáid thráthúil le sonrú sna teagmhálacha iomadúla a dhéantar le comhlachtaí poiblí nuair a

bhíonn gearáin á bhfiosrú againn. Is ábhar mór-imní dom an neamhaird, an easpa comhoibrithe agus an

tsiléig ghéilliúlachta…i gcás Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.”

Deirtear sa tuarascáil nua nach bhfuair Oifig an Choimisinéara Teanga “an fhaisnéis riachtanach” ón gcomhairle contae nó gur thug sé feidhm de dhá mhír sa reachtaíocht teanga.

Bhain sé leas as mír amháin a thugann cead dó ceangal a chur ar aon duine ar dóigh leis faisnéis ábhartha a bheith aige nó aici an fhaisnéis sin a chur ar fáil agus, más gá, iarraidh ar an duine sin teacht os a chomhair chun ceisteanna a fhreagairt.

Meabhraíodh do Chomhairle Contae Uíbh Fhailí chomh maith an chumhacht atá ag an gCoimisinéir Teanga faoin acht teanga tús a chur le himeachtaí cúirte.

Idir Deireadh Fómhair 2017 agus Eanáir 2019, deineadh trí ghearán leis an gcoimisinéir teanga maidir leis an easpa Gaeilge ar chomharthaí de chuid Chomhairle Contae Uíbh Fhailí.

In ainneoin na n-iarrachtaí “leanúnacha” a dhein Oifig an Choimisinéara teacht ar réiteach leis an gComhairle, ní bhfuarthas aon fhreagra sásúil ar na gearáin sin agus cuireadh tús le himscrúdú i bhfómhar na bliana 2019.

Deirtear sa tuarascáil nua gur theip “go hiomlán” ar Chomhairle Contae Uíbh Fháilí an t-eolas a bhí iarrtha a chur ar fáil don imscrúdú, in ainneoin líon “suntasach iarrachtaí” comhoibriú a fháil.

Sheol an Coimisinéir féin litreacha chuig Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae ar an 2 Samhain 2020 agus an 5 Eanáir 2021, inar chuir sé ar a súile di go raibh dualgas de réir dlí uirthi an t-eolas a bhí ag teastáil a chur ar fáil.

Agus é fós ag fanacht ar an eolas ón gComhairle os cionn leathbhliain ina dhiaidh sin ghlac an Coimisinéir “cinneadh neamhghnách” i mí Iúil 2021 ceangal a chur ar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Uíbh Fhailí teacht os a chomhair agus tuairisc ó bhéal a thabhairt dó maidir le hábhar an imscrúdaithe.

I mí Lúnasa 2021 rinne oifigeach sinsearach sa Chomhairle Contae teagmháil le stiúrthóir Oifig an Choimisinéara inar gabhadh leithscéal thar ceann Chomhairle Contae Uíbh Fhailí as an easpa comhoibrithe go nuige sin. Gealladh go raibh ceisteanna a cuireadh san imscrúdú á bhfiosrú agus go dtabharfaí freagra orthu go luath. Deimhníodh an méid sin arís i litir ón gComhairle ar an 26 Lúnasa 2021.

I bhfianaise na ngeallúintí sin, chinn an Coimisinéir gan tabhairt ar phríomhfheidhmeannach na Comhairle Contae fianaise ó bhéal a thabhairt.

Bhí beagnach trí mhí eile ann sular thug Comhairle Contae Uíbh Fháilí freagra ar chéim a haon den imscrúdú. I litir dar dáta an 19 Samhain 2021 luadh na ceisteanna a bhain leis na comharthaí a ndearnadh gearáin fúthu ach ní raibh aon tagairt ann don chóras fiosraithe gearán a bhí ag an gComhairle.

Ó tharla gurb é teip an chórais déileáil le gearán ó oifig an Choimisinéara Teanga ba chúis leis an dá imscrúdú, chinn an Coimisinéir scríobh chuig Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae arís ar an 17 Lúnasa 2022. D’iarr sé uirthi freagra a thabhairt an uair seo ar na ceisteanna “sonracha” a bhí curtha san imscrúdú faoin gcóras fiosraithe gearán a bhí ag an gComhairle.

Bhain moill nach mór ceithre mhí le freagra na Comhairle an uair seo agus is ar an 9 Samhain 2022 a fuair an Coimisinéir freagra ar a litir.

Cé gur ghabh Comhairle Contae Uíbh Fhailí leithscéal as “an easpa gnímh agus as an neamhshuim iomlán a rinne sí ar imscrúdú reachtúil” deirtear i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara teanga “níor tugadh aon mhíniú faoin bhfáth nó faoin tslí ar tharla sé”.

Is le húdaráis áitiúla a bhain trí cinn de na himscrúduithe a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga in 2022 agus b’ábhar imní don Choimisinéir “laghad an tiomantais don reachtaíocht teanga a bhí i gceist i ngach aon chás”.

Bhain na himscrúduithe eile le Comhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin agus le Comhairle Contae Cheatharlach.

Sháraigh Comhairle Contae Cheatharlach an dlí nuair a theip orthu gealltanas a chomhlíonadh faoi ábhar a chur ar fáil ar líne i nGaeilge.

Mar chuid dá imscrúdú, rinne an Coimisinéir Teanga sraith moltaí chun an scéal a chur ina cheart agus lorg sé eolas ón gComhairle Contae ar an 13 Deireadh Fómhair 2021 faoin dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu.

Ní bhfuair sé aon fhreagra ar an litir sin ná ar aon cheann eile de na “meabhrúcháin iomadúla” a cuireadh faoi bhráid na Comhairle Contae idir mí na Samhna 2021 agus Aibreán 2022.

Dhein Oifig an Coimisinéara Teanga iarratas ar chruinniú leis an gComhairle Contae “le linn an ama sin” chomh maith.

Ar an 6 Bealtaine 2022, tháinig ríomhphost faoi dheireadh ó Chomhairle Contae Cheatharlach ag tabhairt le fios nach bhféadfaidís na moltaí a chur i bhfeidhm “i ngeall ar fholúntas leanúnach foirne sa rannóg Teicneolaíochta Faisnéise (TF)”.

Fiafraíodh den Chomhairle i mí Iúil an raibh sé i gceist aon duine den fhoireann a chur ag obair ar na moltaí.

Dúirt an Chomhairle i mí Lúnasa 2022 go raibh cluaisín aistriúcháin Gaeilge curtha acu lena suíomh gréasáin agus go reáchtáladar trí bhabhta agallamh leis na folúntais sa rannóg teicneolaíochta a líonadh.

Tugadh le fios nár ceapadh aon duine agus “go raibh malairt roghanna á scrúdú”. Bhí Gaeilge curtha anois acu ar cheannteidil an tsuímh idirlín agus bhí níos mó téacs Gaeilge air chomh maith, a dúradh. Tugadh le fios go raibh tairiscintí á lorg ó chomhlachtaí aistriúcháin chun an plean forbartha contae a aistriú go Gaeilge.

I mí na Samhna 2022, dúirt an Coimisinéir Teanga gur léir go raibh iarrachtaí ar bun ag Comhairle Contae Cheatharlach a cuid dualgas a chomhlíonadh ach nach raibh “an dul chun cinn a mbeifí ag súil leis déanta faoin tráth seo”.

Cinneadh gur sháraigh Comhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin an dlí teanga toisc nár cheap siad oifigeach forbartha Gaeilge agus toisc nár bhunaigh siad coiste chun monatóireacht a dhéanamh ar a scéim teanga.

Rinne an Coimisinéir Teanga moltaí mar chuid den imscrúdú agus cuireadh tús leis an bpróiseas faireacháin maidir le cur i bhfeidhm na moltaí sin mí Dheireadh Fómhair 2021.

Ceapadh oifigeach Gaeilge i mí Eanáir 2022 agus mí Dheireadh Fómhair 2022 a bunaíodh an coiste.

Níos mó