Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
sinn-fein-ag-iarraidh-go-gceapfai-coimisineir-teanga-nua-‘gan-mhoill’

Sinn Féin ag iarraidh go gceapfaí coimisinéir teanga nua ‘gan mhoill’

| Tuairisc.ie | ,

Deir Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuil sé ‘thar a bheith tubaisteach’ nach bhfuil an folúntas do phost an Choimisinéara fógartha go fóill

Sinn Féin ag iarraidh go gceapfaí coimisinéir teanga nua ‘gan mhoill’

Tá iarrtha ag Sinn Féin ar an Rialtas Coimisinéir Teanga nua a cheapadh “gan mhoill”.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo na tseachtain seo caite d’fhéadfadh an fómhar a bheith ann sula mbeidh Coimisinéir Teanga nua in oifig.

Tá an oifig gan coimisinéir ó d’éirigh Rónán Ó Domhnaill as an gcúram mí Feabhra agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh roinnt míonna eile ann go dtí go bhfostófar a chomharba.

D’impigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin folúntas an Choimisinéara Teanga “a fhógairt ar an bpointe boise agus Coimisinéir nua a earcú gan mhoill”.

Dúirt Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge, go raibh sé “thar a bheith tubaisteach” nach raibh an folúntas do phost an Choimisinéara fógartha go fóill.

Chuir Ó Snodaigh “moilleadóireacht” i leith an Aire agus dúirt sé nach raibh cosaint cheart ag an bpobal ó thaobh cearta teanga d’uireasa Coimisinéara.

“Gan Coimisinéir ceaptha, ní féidir le hOifig an Choimisinéara Teanga tuarascálacha nó imscrúduithe a fhoilsiú, rud a chiallaíonn nach mbeidh feidhm ag an gcosaint is láidre atá ann do chearta Gaeilgeoirí sa tír seo.

“Tá an mhoilleadóireacht seo ann anuas ar an bhfadhb a bhí againn ó thaobh Bhord Údarás na Gaeltachta, a líonadh cúpla mí ó shin, a d’fhág muid gan cruinnithe nó cinntí, agus tá patrún á chruthú ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuil sé de chumas nó de nós acu tabhairt faoi fholúntais a líonadh a luaithe is a tharlaíonn siad chun a chinntiú gur féidir le heagrais riachtanacha na Gaeilge agus na Gaeltachta feidhmiú.”

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh “leithscéal ar bith ag an Aire” mar gurb í Catherine Martin féin a cheap Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir le Coimisiún na Meán. Ba chóir go mbeadh sé soiléir don Aire go mbeadh folúntas ann ach “níor chinn sí déileáil leis,” arsa Ó Snodaigh.

“Ní léir an ndearnadh dearmad an próiseas ainmniúcháin a thosnú, an easpa treorach ón aire [a bhí i gceist], nó neamh-inniúlacht, easpa measa nó eile a bhí taobh thiar de gan an folúntas a a bheith líonta.”

Dúirt Ó Snodaigh gur tugadh cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga sa reachtaíocht teanga a tugadh isteach le déanaí ach gur léir nach tosaíocht de chuid an Rialtais a bhí ann le fírinne.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhfuiltear ag súil fógra faoi fholúntas a chur amach roimh dheireadh na míosa.

“Tá an Roinn ag tabhairt socruithe chun críche leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas a fhógairt do phost an Choimisinéara Teanga,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne. “Tá an Roinn ag súil go n-eiseofar an fógra le linn na coicíse seo amach romhainn.”

Níos mó