Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-mise-sa-bhaile’-–-aitheasc-stairiuil-tugtha-ag-joe-biden-i-ndail-eireann

‘Tá mise sa bhaile’ – aitheasc stairiúil tugtha ag Joe Biden i nDáil Éireann

Ba chóir don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair “níos dlúithe” le hÉirinn chun an tsíocháin a chosaint, a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá sa Dáil tráthnóna.

In óráid inar phléigh sé go leor ábhar – cúrsaí síochána, cogadh na hÚcráine, an t-athrú aeráide agus an teicneolaíocht – dúirt sé nach bhféadfaí filleadh ar an bhforéigean polaitiúil in Éirinn.

Dúirt sé gurb í an oidhreacht is mó a d’fhág Comhaontú Aoine an Chéasta againn ná go saolaítear páistí inniu “nach mbíonn aon phointí seiceála ina mbac ar a gcuid brionglóidí”.

“Ní mór seasamh ar son na síochána agus í a chothú,” ar sé.

Thriail sé Gaeilge a labhairt i dtús a aithisc do dhá Theach an Oireachtais.

Maith dom m’iarracht bhacach ar Ghaeilge, a dúirt an tUachtarán, sula ndúirt sé: “Tá mise abhaile [Tá mé sa bhaile].”

Faraor géar nach bhféadfainn fanacht níos faide, ar sé.

Ba é an chéad Uachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a rinne iarracht abairt bheag Ghaeilge a labhairt sa Dáil, cé gur bhain Bill Clinton úsáid as an dá fhocal “caisleáin óir” ina aitheasc i 1995.

Dúirt Biden go raibh an óráid ar cheann de mhór-onóracha a shaoil agus gurb é an t-údar aiféala is mó a bhí aige nach raibh a mháthair beo chun é a fheiceáil.

Thuill a chuid cainte bualadh bos croíúil go minic óna raibh i láthair agus ba léir gur bhain sé féin taitneamh as an ócáid. Bhí an tUachtarán gealchroíoch ann féin ar uairibh.

Dúirt sé go bhfuil an liathróid a d’úsáid foireann rugbaí na hÉireann sa gcluiche a bhuaigh siad ar na hAll Blacks lena thaobh aige sa Teach Bán, an deis á tapú aige leis an mbotún a rinne sé faoina n-ainm ina chuid cainte inné a cheartú. Na ‘Black and Tans’ a thug sé ar fhoireann na Nua-Shéalainne inné.

Bhí a chuid cainte fuinniúil agus paiseanta go maith ar uairibh eile.

An caidreamh idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, stair na himirce agus a chúlra Éireannach féin cuid de na mórthéamaí a bhí aige.

“Níor chas Éireannach orm riamh i Meiriceá nárbh é mian a chroí Éire a fheiceáil arís,” a dúirt an tUachtarán.

Labhair sé faoin tionchar a bhí ag Éireannaigh, tionchar a deir sé atá le feiceáil i bpobail fud fad Mheiriceá, fiú amháin tráth a raibh leithcheal á dhéanamh orthu.

“Comhpháirtíocht leis na céadta bliain” a thug sé ar an gcairdeas atá idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.

Thagair sé do dhán le Eavan Boland, ‘The Lost Land’:

“I learned my name.

I rose up. I remembered it.

Now I could tell my story.

It was different

from the story told about me.”

“Inniu is faoi Éirinn agus faoi Éirinn amháin atá sé a scéal féin a insint, ach beidh na Stáit Aontaithe, an dlúthchara is mó atá agaibh, libh an bealach ar fad,” arsa Biden.

Thagair Biden go minic do chomhoibriú na hÉireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le cúrsaí síochána, slándála agus eacnamaíochta agus phléigh sé stair choiteann an dá thír.

“Náisiúin iad na Stáit Aontaithe agus Éire a thuigeann conas coinneáil orainn ar son na saoirse agus conas obair go crua i bhfíonghort an daonlathais agus creideamh láidir againn go bhfuil saol níos fearr amach romhainn.”

Mhol sé obair dhaonnúil agus thaidhleoireachta na hÉireann leis na blianta. Thagair sé don chaoi ar sheas an tír seo leis na hiarrachtaí freagracht a leagan ar an Rúis as a hionradh ar an Úcráin, ráiteas a thuill bualadh bos óna raibh i láthair.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe go raibh Éire agus na Stáit Aontaithe ag obair as lámha a chéile le cuidiú le muintir na hÚcráine.

“Níl Éire neodrach faoin tsaoirse ná faoin tíorántacht,” a dúirt sé ag tagairt do ráiteas a rinne an tUachtarán John F Kennedy.

Mhol an tUachtarán Biden an obair a rinne an tír seo agus ballraíocht aici ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tréimhse a tháinig chun deiridh anuraidh.

An Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl a chuir tús leis an ócáid le ráiteas inar chuir sé fáilte roimh an Uachtarán i nGaeilge.

“A Uachtaráin Biden, tá fáilte mhór romhat go Teach Laighean, ionad ár bparlaiminte náisiúnta. Is lá stairiúil agus lá mór bróid dúinn go léir an lá seo,” arsa Ó Fearghaíl i nGaeilge sular iompaigh sé ar an mBéarla.

Ba é Joe Biden an ceathrú huachtarán de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a thug aitheasc i nDáil Éireann.

Dúirt an Ceann Comhairle gur iontach cuí é go raibh Biden ag labhairt sa Dáil trátha an ama ar labhair an tUachtarán John F Kennedy sa teach 60 bliain ó shin.

Chuir sé fáilte ar leith roimh Mharie Devlin, bean chéile Shéamus Heaney, file a bhfuil gean ar leith ag Biden ar a shaothar agus ar thagair an tUachtarán dá dhán ‘The Cure at Troy’ ina aitheasc.

Dúirt Ó Fearghaíl: “Dá mairfeadh Séamus bheadh sé 84 bliain d’aois inniu agus is cinnte go bhfuil sé ag féachaint anuas orainn, meangadh ar a bhéal agus na spéaclaí ina mhéara aige.”

Dúirt sé gur minic a labhraíonn Biden le bród agus gean faoina dhúchas Gaelach.

“Tá scéal na hÉireann agus an imirce fite fuaite ina chéile agus ar go leor bealaí léiríonn tusa é sin go paiteanta…

“A Uachtaráin Biden, tá tú i measc na gcarad inniu mar is duine againn féin thú.”

Dúirt an Ceann Comhairle gur thuig na daoine a shínigh Forógra na Cásca 1916 gur le cabhair “óna clann atá ar deoraíocht uaithi i Meiriceá” a cruthaíodh an Phoblacht seo.

“Agus nach acu a bhí lomchlár na fírinne,” arsa Ó Fearghaíl.

Dúirt sé gur tír ilchultúrtha fhorásach í an tír seo inniu agus an-leas go deo á dhéanamh dúinn ag na himircigh a tháinig chugainn as na ceithre hairde.

“Cuireann na daoine seo go mór leis an saol agus leis an ngeilleagar, díreach mar a rinne na hÉireannaigh a chuaigh ar an mbád bán go dtí na Stáit Aontaithe san am a caitheadh.

“Tugann siad ár ndúshlán freisin a bheith níos fearr ná mar atá muid agus níos fearr ná a cheapann muid a bheith ionainn.”

Thagair an Ceann Comhairle ag deireadh a chuid cainte do dhán le Séamus Heaney.

“A Uachtaráin Biden, léirigh tú creideamh diongbháilte, teacht aniar iontach agus an cumas daoine a thabhairt le chéile, fiú agus gan iad ar aon intinn nó a dtuairimí ag teacht salach ar a chéile.

“Thar aon rud eile, i bhfocail speisialta an fhile aitheanta Séamus Heaney, tugann tú ár ndúshlán a chreidiúint gur féidir ‘an cladach thall a bhaint amach’ (‘that a further shore is reachable’).”

Bhí naonúr teachtaí Comhdhála agus Seanadóir amháin as Meiriceá i láthair ag an gcomhthionól speisialta i dTeach Laighean. Bhí deirfiúr an Uachtaráin, Valerie, agus a mhac, Hunter, i seomra na Dála chomh maith.

I measc na ndaoine eile a bhí i láthair, bhí an t-iaruachtarán Mary McAleese agus beirt iarThaoiseach, Bertie Ahern agus Enda Kenny.

D’fhreastail iaruachtarán Shinn Féin Gerry Adams ar an ócáid mar a rinne leasuachtarán an pháirtí Michelle O’Neill, ceannaire an Alliance Naomi Long agus ceannaire an SDLP, Colum Eastwood.

Shocraigh ceannaire an DUP Jeffrey Donaldsan gan glacadh le cuireadh teacht. Bhí neart ambasadóirí i láthair, ambasadóir na hÚcráine, Larysa Gerasko, ina measc.

Páiste beag an tSeanadóra Rebecca Moynihan an té ab óige a bhí i láthair.

Cathaoirleach an tSeanaid, Jerry Buttimer, a chuir clabhsúr ar an ócáid.

Ghabh sé buíochas leis an Uachtarán as a aitheasc. Dúirt Cathaoirleach na tSeanaid leis gur chuidigh Biden leis an insint pholaitiúil ar an gcomhionannas pósta a athrú.

“Go raibh maith agat as do cheannaireacht agus do mhisneach,” ar sé.

“Tá seanfhocal sa nGaeilge Anáil na beatha an t-athrú’. Agus súil chun cinn á tabhairt againn tuigimid go mbeidh cúrsaí ag síorathrú,” arsa Buttimer.

“Cuirfimid fáilte roimh an athrú sin agus beimid dearfach i gcónaí. Beidh meas againn go deo ar an gcaidreamh speisialta atá againn leis na Stáit Aontaithe agus neartóimid é agus muid ag obair as lámha a chéile ar na dúshláin dhomhanda atá romhainn.”

“Slán, beir bua agus fly Eagles, fly Eagles fly,” a dúirt Cathaoirleach an tSeanaid mar chríoch lena chaint.

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Níos luaithe inniu, bhuail an tUachtarán Biden leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn ag Áras an Uachtaráin. Le linn na hócáide sin, chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá crann darach agus bhuail sé Clog na Síochána, a cuireadh suas in 2008 mar chomóradh deich mbliana ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Thug Biden le fios gur scríobh sé leagan Béarla de sheanfhocal Gaeilge i leabhar na gcuairteoirí san Áras – ‘Your feet will bring you where your heart is’ [An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfaidh do chosa thú].

Chas Biden chomh maith leis an Taoiseach Leo Varadkar i dTeach Farmleigh, mar ar labhair siad faoin bpróiseas síochána, faoi na ceangail eacnamaíochta idir Tuaisceart Éireann agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, an cogadh san Úcráin agus na dúshláin atá roimh an ngeilleagar domhanda.

Níos mó