Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tartan-ace,-liverpool,-donal-keenan-agus-johnny-giles-–-sport-na-casca-1973

Tartan Ace, Liverpool, Dónal Keenan agus Johnny Giles – spórt na Cásca 1973

Nuair a bhreac an lá Domhnach Cásca 50 bliain ó shin, bhí farasbarr trí phointe ag Liverpool ar Arsenal ar bharr Roinn 1 Shraith Sacair Shasana. Tús aon chúilín amháin a bhí ag Celtic ar Rangers in Albain.

Ba ag na traenálaithe cáiliúla Tom Dreaper (Sea Brief); Dan Moore (Inslinger) agus ag Paddy Sleator (Argent) a bhí na capaill ba mhó a raibh ceapadh dóibh i Grand National an lae dár gcionn i dTeach na Sí.

Oiread agus cluiche amháin idirchontae de chuid Chumann Lúthchleas Gael níor imríodh Domhnach Cásca 1973. Leis na scórtha bliain roimhe agus cúpla ceann ina dhiaidh, ba ghnách leis an eagraíocht a gComhdháil Bhliantúil a thionól faoi Cháisc. Ba é siúd an t-aon rud a bhíodh ar chlár náisiúnta an lae.

I gColáiste De La Salle i gcathair Phort Láirge a bhí Comhdháil 1973 ar bun. Ansiúd toghadh an Dr. Dónal Keenan as Ros Comáin ina uachtarán ar an gcéad chomhaireamh, rud nár tharla riamh roimhe i stair na heagraíochta.

I gcomharbacht ar Dhéiseach, Pádraig Ó Fainnín a tháinig an Cíonánach. Agus é ag cur a bheannacht leis na teachtaí, d’iarr Ó Fainnín go dtabharfaí aire faoi leith dá raibh i ndán don iománaíocht.‘Eagraíocht Fhánach’ a bheadh sa gCumann Lúthchleas Gael dá huireasa, a dúirt sé.

Choinnigh Liverpool greim ar na trí phointe údaí a bhí acu ar Arsenal ar bharr Roinn 1 go dtáinig deireadh an tséasúir. 22 club a bhí sa tsraith ag an am sin. Tá 14 acu ag iomaíocht i Premiership an lae inniu, nach bhfuil ann ach 20 club.

Sa mbreis ar an bpéire atá luaite agam bhí Leeds United, Wolves, West Ham, Tottenham, Newcastle United, Manchester City, Chelsea, Southampton, Leicester, Everton, Manchester United agus Crystal Palace, a dícháilíodh.

In imeacht bliana eile, bhí Palace imithe go Roinn 2. Ceithre huaire déag ó shin tá an dícháiliú nó an t-ardú céime tuillte acu ag deireadh an tséasúir. Go bhfóire Dia orthu siúd a thacaíonn leo.

Ba iad Leeds United a chríochnaigh chun deiridh ar Liverpool agus ar Arsenal ar thábla sraithe Roinn a hAon 1972-73. Ba iadsan na seaimpíní an séasúr dár gcionn. Go deimhin sna deich séasúr idir 1963/64 agus 1973/74, chríochnaíodar ar bharr an tábla trí huaire, bhí siad sa dara háit cúig huaire, sa tríú háit uair amháin agus sa cheathrú háit faoi dhó. Ach, bhíodar ag drannadh le deireadh ré.

Go fiú an uair sin agus é i mbarr a mhaitheasa mar imreoir, bhí tús curtha ag Johnny Giles lena shaol mar cholúnaí agus mar anailísí. Sa Sunday Independent Domhnach Cásca 1973 thug sé faoi chaptaen Shasana, Bobby Moore.

In alt i gceann de nuachtáin an lae roimhe, agus West Ham réidh le haghaidh a thabhairt ar Leeds in Upton Park, dúirt a gcaptaen siúd ‘Leeds are too good a team to indulge in irritating tactics’.

Mar a rinne sé go minic nuair a cuireadh i leith a fhoirne go mba dhream iad a théadh i mbun cleasaíochta agus seiftiúlachta le dallamullóg a chuir ar réiteoirí, dúirt John Giles, ‘In short, I prefer Leeds to be unpopular winners than popular losers!’

Ní mba cheachtar de na capaill a luaigh mé thuas a thug leis léimrás mór na bliana in Éirinn Luan Cásca 1973, ach ceann darbh ainm Tartan Ace. Bhí scéal faoi leith ag baint leis siúd. Beagán le cois dhá scór bliain a bhí a thraenálaí, Tom Costello as Cora Chaitlín i gContae an Chláir – i bhfad ó Churrach Chill Dara agus na piardaí móra.

Ba le Maureen Graham as Béal Feirste an capall. Bhí a fear céile Seán ar cheann de geallghlacadóirí ba mhó sa tír ag an am. Bhí sé ina sheasamh ar a bhosca i dTeach na Sí an lá sin agus praghas ar a chlár do chuile chapall sa National cé is moite d’aon cheann amháin. Tá sé tomhaiste agat – Tartan Ace, a raibh 16/1 le fáil as luath sa lá agus 10/1 nuair a thrasnaigh sé an líne.

Éacht a bhí ann dá thraenálaí óg. Aisteach go leor ina dhiaidh ní mba as an traenáil a thuill Tom Costello clú agus cáil. Ba as a chumas searrach a dhéanfadh sárchapall rása a aithneachtáil i bhfad sula ndéanfadh duine eile a tháinig sin.

Orthu bhí cinn a bhuaigh an Corn Óir tríhuaire i Cheltenham -Midnight Court (1978), The Thinker (1987), Cool Ground (1992), Imperial Call (1996), Cool Dawn (1998) agus Best Mate a rinne sin trí huaire as a chéile (2002, 2003 agus2004).

Bhí capall le traenálaí darbh ainm Paddy Mullins freisin i Grand National na hÉireann 1973. Dim Wit a bhí mar ainm air agus níor chríochnaigh sé féin ná a mharcach JP Harty an cúrsa.

Ní raibh duine acu níos croíbhriste ná mac óg an Mhaolánaigh, stócach sé bliana déag darbh ainm Willie. Sin é an Willie céanna atá ar an traenálaí is rathúla dá bhfuil sa timpeall na laethanta seo. Beidh dornán capall dá chuid sa rása mór amárach.

Plus ça change, plus c’est la même chose, a deirtear sa bhFraincis agus ní hé cás na Maolánach amháin a chruthaíonn sin.

Ar phríomhleathanach na nuachtán Domhnach Cásca 1973 bhí scéal scannail faoin teideal ‘affair’ inar tuairiscíodh baint a bheith ag Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe leis – séanta go láidir aige siúd ar ndóigh.

Más ceadmhach leanacht leis an dtéarmaíocht lenar thosaigh mé, ní ‘affaire de cœur’ a bhí i gceist an uair údaí. ‘Bugging Affair’ a thug mórchuid de na nuachtáin air.

In Washington a bhí an tArd-Ghiúiré i mbun machnaimh, féachaint an raibh aon fhírinne sa scéal go mba as ciste de chuid an Tí Bháin a íocadh an seachtar a ciontaíodh as briseadh isteach i gceannáras an Pháirtí Dhaonlathaigh i Watergate.

Is cosúil go mbíonn airgead go leor i bhfolach i dtarraiceáin, i bpoill agus i bpóirsí 1600 Pennsylvania Avenue, Washington, D.C.

Níos mó