Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tus-a-chur-ag-uachtaran-mheiricea-joe-biden-lena-thuras-go-heirinn-i-mbeal-feirste

Tús á chur ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden lena thuras go hÉirinn i mBéal Feirste

| Tuairisc.ie | ,

Déanfaidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá comóradh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin

Tús á chur ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden lena thuras go hÉirinn i mBéal Feirste

Beidh Joe Biden i mBéal Feirste anocht agus maidin amárach, áit a ndéanfaidh sé “an dul chun cinn iontach” a rinneadh ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh.

Meastar gurb é Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, a chuirfidh fáilte roimh Biden nuair a bhainfidh sé Béal Feirste amach ar Air Force One.

Beidh píosa cainte á thabhairt ag Biden amárach ar champas Choláiste Uladh i mBéal Feirste.

Dúirt Karine Jean-Pierre, preasrúnaí an Tí Bháin, roimhe seo go gcuirfeadh Biden an-bhéim ar “thiomantas na Stát Aontaithe tacaíocht a thabhairt don acmhainneacht eacnamaíochta iontach atá ag Tuaisceart Éireann a rachaidh chun leasa na bpobal ar fad ansin”.

Beidh Uachtarán na Stát Aontaithe i dTithe an Oireachtais Déardaoin mar a dtabharfaidh sé aitheasc. Tabharfar an Dáil agus an Seanad ar ais ó shaoire na Cásca do chaint an Uachtaráin Biden.

Is é Biden an ceathrú hUachtarán ar Mheiriceá chun óráid a thabhairt i dTithe an Oireachtais sa tír seo – John F Kennedy i 1963, Ronald Reagan i 1984 agus Bill Clinton i 1995 an triúr eile.

Sa ráiteas ón Teach Bán dúradh go ndíreodh Joe Biden ar “an comhoibriú dlúth maidir leis na dúshláin dhomhanda atá romhainn uile”.

Beidh an tUachtarán ag bualadh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, agus leis an Taoiseach Leo Varadkar le linn a chuairte.

Beidh sé ag freastal ar dhinnéar Stáit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath istoíche Déardaoin.

Tabharfaidh Biden cuairt chomh maith ar dhá chontae dúchais a shinsir, an Lú agus Maigh Eo. Dé hAoine beidh slua ag éisteacht lena chuid cainte taobh amuigh d’Ardeaglais Naomh Muredach i mBéal an Átha. “Ceiliúradh ar an gceangal domhain stairiúil atá idir ár muintir agus ár dhá thír” ábhar na cainte ansin. Meastar gurb í ócáid Mhaigh Eo an ceann oifigiúil deiridh dá thuras sula bhfillfidh sé ar na Stáit Aontaithe ar an Satharn.

Is as Béal an Átha Mhaigh Eo ó dhúchas iad cuid de shinsir Biden, muintir Blewitt. In 1850 a d’imigh Patrick Blewitt ar imirce as Éirinn. As dúiche Chuaille i gContae Lú a tháinig brainse eile dá mhuintir agus d’fhág Owen Finnegan a cheantar dúchais ag deireadh na 1840idí. Is maith an seans gur Gaeilge a labhair muintir Chuaille an tráth sin.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh sé ag súil go mór le cuairt Biden mar “dheis chun an ceangal láidir polaitíochta, eacnamaíochta agus pearsanta a nascann an dá thír seo againne a cheiliúradh agus a athnuachan” agus chun “fáilte abhaile a chur roimh Uachtarán Gael-Mheiriceánach iontach”.

Dúirt an Taoiseach gur “pribhléid agus ócáid speisialta” a bheadh ann fáilte a chur ar ais roimh Joe Biden agus é “ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá”.

“Cara maith d’Éirinn ab ea Joe Biden Biden i gcónaí. Sa lá atá inniu ann agus le blianta fada thug sé a thacaíocht do cheist na síochána in Éirinn agus do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Sheas sé gualainn ar ghualainn linn agus muid ag iarraidh dul i ngleic leis na hiarmhairtí crua a bhí ar an mBreatimeacht,” a dúirt Varadkar.

Tá réamhchuairteanna slándála tugtha ag oifigigh an Tí Bháin agus lucht na Seirbhíse Rúnda ar na láithreacha a bheidh in úsáid le linn an turais.

Níos mó