Tá fáilte curtha ag an DUP agus aontachtaithe eile roimh an scéala go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ag searmanas corónaithe Rí Séarlas III na Breataine.
I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc, dúirt ceannaire na DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé “oiriúnach” go mbainfí úsáid as an nGaeilge agus teangacha eile le linn an tsearmanais Dé Sathairn agus nach raibh “aon fhadhb riamh aige leis an nGaeilge féin”.
Cloisfear an Ghaeilge in iomann a chanfar i ndiaidh an tsoiscéil agus sheanmóir Ardeaspaig Canterbury ag an searmanas a bheidh ar siúl Dé Sathairn in Westminster Abbey.
Canfar línte eile an iomainn, Veni Creator Spiritus, sa Bhéarla, sa Bhreatnais agus i nGaeilge na hAlban.
De réir liotúirge oifigiúil an tsearmanais is iad na línte a chanfar i nGaeilge:
‘Go dtí dhíot gurb aithnid dúinn/an tAthair Mhac, a Spioraid, a rún/Tú leo an Triúr in éinphearsa/ Creidimis ionaibh tré bhiotha na mbeatha.’
Dúirt Jeffrey Donaldson go raibh sé ag súil le freastal ar an gCorónú agus gur onóir dó a bheadh ann a bheith i láthair chun ionadaíocht a dhéanamh ar Thuaisceart Éireann.
“Molaim an uile dhuine a raibh baint acu le cur le chéile Ord na Seirbhíse. Tá sé iontach go háirithe an tslí go n-imíonn sé ón traidisiún le ról a thabhairt don phobal sa tseirbhís trína ndílseacht don Rí Séarlas III a fhógairt,” arsa ceannaire an DUP.
“Tá sé oiriúnach go mbainfear úsáid sa tseirbhís as cuid de na mionteangacha as na háiteanna éagsúla sa Ríocht Aontaithe. Ní raibh aon fhadhb agam riamh leis an nGaeilge féin agus aithním gur cuid de chúlra na coda seo den Ríocht Aontaithe í, ach chuireamar i gcoinne an dream a rinne iarracht arm a dhéanamh aisti [an Ghaeilge] agus í a úsáid chun críche polaitiúla amháin.”
Deirtear sa leagan den liotúirge a bhfuil nótaí oifigiúla curtha leis:
“Is bealach álainn é úsáid teangacha atá ar fud na Ríochta Aontaithe aitheantas a thabhairt d’oidhreacht shaibhir ár dtíre agus na bpobal seo, agus léiriú é ag an am céanna ar an tábhacht a bhaineann le cosaint agus caomhnú na dteangacha céanna.”
Dúirt urlabhraí ó Phálás Lambeth go bhfuil an t-iomann Veni Creator Spiritus á úsáid ag searmanais chorónaithe ón 14ú haois i leith.
“Den chéad uair cloisfear é á chanadh i dteangacha traidisiúnta náisiúin na Ríochta Aontaithe: Béarla, an Bhreatnais, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge.”
Dúirt an t-aontachtóir agus Gaeilgeoir aitheanta, Linda Ervine, gurb “álainn” an rud go mbeadh na teangacha éagsúla le cloisteáil ag an searmanas. Ba chóir, a dúirt sí, go n-úsáidfí Gaeilge Chúige Uladh.
Dúirt Linda Ervine nárbh aon ríogaí í féin agus í ag fás aníos ach go raibh dearcadh níos dearfaí aici i leith na monarcachta le cúpla bliain anuas mar gheall ar an meas, a dúirt sí, atá léirithe acu don teanga agus don chultúr.
Dúirt Ervine chomh maith gur iarr céile an Rí Séarlas, Camilla, uirthi cúpla focal Gaeilge a mhúineadh di nuair a bhí sí ar cuairt ar an Tuaisceart.