Tháinig laghdú don dara daonáireamh as a chéile ar líon na bhfoirmeacha a líonadh i nGaeilge.
De réir eolais a thug an Phríomh-Oifig Staidrimh do Tuairisc.ie 7,557 foirm a líonadh i nGaeilge i nDaonáireamh 2022. B’ionann sin agus 0.39% de na foirmeacha ar fad a líonadh.
8,078 (0.44%) d’fhoirmeacha Dhaonáireamh 2016 a líonadh i nGaeilge, laghdú ó 2011 nuair a líonadh 8,676 (0.48%) foirm i nGaeilge
8,676 (0.48%) in 2011, 8,078 (0.44%) in 2016 agus 7,557 (0.39%) in 2022.
Fágann sin gur tháinig laghdú 12.9% ar líon na bhfoirmeacha daonáirimh a líonadh i nGaeilge idir 2011-2022.
Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais 6.8% idir 2011-2016 agus thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht 12.6% sa tréimhse chéanna.
De réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí, a foilsíodh an tseachtain seo caite, 71,968 duine sa stát a thug le fios i mí Aibreáin 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú 1,835 duine ar an 73,803 a dúirt amhlaidh in 2016.
Ba é seo an dara daonáireamh as a chéile inar tuairiscíodh laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla.
Laghdú eile ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa stát agus sa Ghaeltacht – daonáireamh
De réir threoirlínte na Príomh-Oifige Staidrimh, ba chóir go gcuirfeadh áiritheoirí an Daonáirimh ceist ar gach duine cé acu ba rogha leo an Daonáireamh a líonadh as Gaeilge nó as Béarla agus ba chóir go gcuirfí rogha leagan Gaeilge na foirme ar fáil do gach teaghlach nuair a thagann na háiritheoirí chuig an doras.
Tá iarrachtaí déanta ag Conradh na Gaeilge san am a caitheadh tuilleadh daoine a spreagadh chun foirm an daonáirimh a líonadh i nGaeilge. In 2016 an sprioc a bhí acu ná go líonfadh os cionn 10,000 duine an fhoirm i nGaeilge ach is i laghad atá líon na bhfoirmeacha a líontar i nGaeilge imithe ó shin.
Deir Conradh na Gaeilge gurbh fhearr foirmeacha dátheangacha á ndáileadh chun é a dhéanamh níos éasca ar dhaoine an Ghaeilge a roghnú.