Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
meadu-ar-an-daonra-i-23-den-26-limistear-pleanala-teanga-idir-2016-2022

Méadú ar an daonra i 23 den 26 Limistéar Pleanála Teanga idir 2016-2022

Tháinig méadú ar an daonra i 23 den 26 Limistéar Pleanála Gaeltachta ar fud na tíre idir 2016 agus 2022, de réir torthaí an daonáirimh.

Tá eolas nua ó Dhaonáireamh 2022 foilsithe ag an bPríomhoifig Staidrimh maidir le dáileadh agus gluaiseachtaí daonra in Éirinn agus léargas tugtha ar an athrú daonra a tháinig ar na ceantair Ghaeltachta.

De réir na bhfigiúirí nua, ní raibh laghdú daonra i gceist ach i dtrí cinn den 26 Limistéar Pleanála Teanga – Cléire, Maigh Eo Thiar agus Dún na nGall Theas.

Thit daonra Chléire 25% idir an dá dhaonáireamh, ó 147 duine in 2016 go dtí 110 in 2022, an titim is mó in aon LPT ó thaobh céatadáin de.

I Maigh Eo Thiar a bhí an titim is mó ó thaobh líon daoine agus laghdú 2% ar an daonra sa cheantar sin, ó 2,141 duine in 2016 go dtí 2,102 in 2022.

Laghdú a bhí i gceist i nDún na nGall Theas freisin ach is titim thar a bheith beag a bhí ansin, ó 3,036 in 2016 go dtí 3,033 in 2022.

Cé gur ar oileán a tháinig an titim daonra is mó ó thaobh céatadáin de i measc na LPT, is ar oileán eile a tháinig an méadú is mó. Tháinig ardú 18% ar an daonra ar Thoraigh idir 2016-2022, ó 119 go dtí 141.

Ba é LPT Bhearna agus Chnoc na Cathrach i nGaillimh an limistéar is mó ó thaobh daonra de agus is ann a tháinig an méadú is mó idir 2016-2022. Bhí 13,043 duine ar fad ina gcónaí ann in 2022, 1,347 níos mó ná mar a bhí ann sé bliana roimhe sin.

Tháinig ardú ar dhaonra na LPT uile i nGaillimh – bhí ardú 14% i Maigh Cuilinn (daonra 5,088 in 2022), 12% i gCois Fharraige (7,490), 10% ar Oileáin Árann (1,347) agus 8% ar an gCeathrú Rua (2,472).

Tháinig ardú 14% ar dhaonra Ghaeltacht na nDéise, ó 1,816 in 2016 go dtí 2,063 in 2022 agus ardú 13% a bhí i gceist i nGaeltacht na Mí, ó 1,857 go dtí 2,093.

Idir 2-6% de mhéadú a bhí ar an daonra sna LPT eile i nDún na nGall, Ciarraí, Corcaigh agus Maigh Eo.

Léirigh anailís Tuairisc roimhe seo gur tháinig laghdú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i 16 den 26 LPT ar fud na tíre, de réir torthaí Dhaonáireamh 2022.

De réir Dhaonáireamh 2022, daonra 106,220 a bhí sa Ghaeltacht trí chéile, ardú 7% ó 2016.

Tugadh léargas chomh maith sna torthaí a foilsíodh inniu ar mheánaois dhaonra na mbailte ar fud na tíre.

I measc na mbailte ina raibh idr 1,500 – 10,000 duine ina gcónaí, bhí an Daingean i gCiarraí ar cheann de na bailte ‘ba shine’ sa tír. 44.4 bliain an mheánaois sa bhaile i gCorca Dhuibhne. Ba 38.8 bliain an mheánaois a bhí sa bhreis agus 860 baile a aithníodh sa Daonáireamh.

Tá cuma na hóige ar phobal an Daingin nuair a chuirtear i gcomparáid iad le bailte Gaeltachta eile, áfach. Is i nGob an Choire a bhí an mheánaois ba shine sa stát agus meánaois 52.4 bliain sa bhaile, de réir na dtorthaí. Ní raibh meánaois níos sine ach sa Chaol – Dumha Acha in Acaill (53 bliain) agus Droichead na Sionainne (52.5 bliain) in Uíbh Fhailí

Ní raibh ach trí bhaile Gaeltachta ina raibh meánaois an phobail níos óige ná an mheánaois náisiúnta – Baile Mhic Íre (38 bliain) i gCorcaigh agus Maigh Cuilinn (37.9 bliain) agus Baile Chláir (31.9) i nGaillimh.

Bhí meánaois 42.1 bliain ar an gCeathrú Rua, 39.2 ar an Spidéal, 44.3 ar Chill Rónáin, 41 i mBéal an Mhuirthead, 44.4 ar an bhFál Carrach, 43.9 i nGort an Choirce, 46.1 sna Doirí Beaga, 45.5 i Rann na Feirste agus 46.1 i nGleann Cholm Cille.

LPT Daonra 2022 Athrú Daonra
2016-2022
Iomlán 106,220 7%
Ráth Chairn agus Baile Ghib 2,093 13%
Ciarraí Thiar 7,162 3%
Ciarraí Theas 1,874 4%
Cléire 110 -25%
Múscraí 4,000 6%
Toraigh 141 18%
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir 6,151 4%
Árainn Mhór 478 2%
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh 4,236 5%
An Ghaeltacht Láir 1,643 3%
Dún na nGall Theas 3,033 0%
Tuaisceart Dhún na nGall 2,967 5%
Na Rosa 5,571 4%
Ceantar na nOileán 2,207 4%
An Cheathrú Rua 2,665 8%
Oileáin Árann 1,347 10%
Conamara Láir 3,087 5%
Cois Fharraige 7,490 12%
Maigh Cuilinn 5,088 14%
Bearna agus Cnoc na Cathrach 13,043 12%
Oirthear Chathair na Gaillimhe 8,310 7%
An tEachréidh 8,683 9%
Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh 3,346 5%
Maigh Eo Thiar 2,102 -2%
Maigh Eo Thuaidh 7,330 2%
Na Déise 2,063 14%

Níos mó