Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
slan-le-cill-airne?-ta-an-toireachtas-ag-lorg-leirithe-speise-o-bhailte-eile-le-feile-mhor-na-ngael-a-ostail

Slán le Cill Airne? Tá an tOireachtas ag lorg léirithe spéise ó bhailte eile le féile mhór na nGael a óstáil

Tá Oireachtas na Gaeilge ag lorg léirithe spéise ó choistí áitiúla i mbailte ar mhaith leo príomhfhéile náisiúnta na Gaeilge a óstáil in 2025. Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne i mbliana – an t-ochtú huair ó bhí 2010 ann a reáchtáladh an fhéile sa bhaile sin. Reáchtáladh i Leitir Ceanainn i nDún na nGall é in 2012 agus i mBaile Átha Cliath in 2015 agus 2019. Cé go raibh an fhéile le teacht go cathair na Gaillimhe in 2020, cuireadh an tOireachtas ar ceal de bharr Covid-19.

Beidh ar choistí – nó daoine aonair – a spéis a léiriú in óstáil na féile trí ríomhphost a sheoladh chuig ceannasaí an Oireachtais agus eagrófar seisiún eolais do gach dream a chláróidh léiriú spéise. Tabharfaidh lucht an Oireachtais “aischothú ag gach céim den phróiseas” agus beidh siad ar fáil le freagraí i leith na féile agus na riachtanais atá i gceist leis a chur ar fáil.

Beidh ar na hiarrthóirí iarratas oifigiúil i scríbhinn a chur faoi bhráid oifigí an Oireachtais roimh 30 Samhain 2023. Tabharfaidh coiste an Oireachtais cuairt ar óstbhailte a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach don fhéile agus measfar na hiarratais scríofa. Ar deireadh déanfar cinneadh agus fógrófar óstbhaile Oireachtas na Samhna 2025.

Reáchtáladh an chéad Oireachtas i mBaile Átha Cliath in 1897, 126 bliain ó shin. Bhí sé sa phríomhchathair as sin go dtí 1913 nuair a reáchtáladh an chéad Oireachtas taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath i gcathair na Gaillimhe. Bhog an fhéile timpeall na tíre ina dhiaidh sin go Cill Airne, Dún Dealgan, Port Láirge agus Corcaigh go dtí gur fhill sé ar an ardchathair in 1920. Ní raibh aon fhéile ann in 1921/22 agus reáchtáladh i mBaile Átha Cliath arís é in 1923.

B’in an tOireachtas deireanach go dtí 1939 nuair a rinneadh athbheochan ar an bhféile. Reáchtáladh gach Oireachtas ó 1939 go 1973 i mBaile Átha Cliath. Chuaigh an fhéile siar chun na Gaeltachta den chéad uair in 1974 nuair a d’éiligh muintir Chois Fharraige gur sa cheantar sin a reáchtálfaí í. Bhí sé ar siúl i roinnt mhaith bailte Gaeltachta agus bailte eile i gcaitheamh na mblianta 1974-2009. Dhá bhabhta a bhí an fhéile mhór Ghaeilge ar siúl sna Sé Chontae – in 1997 nuair a bhí sé ar siúl i mBéal Feirste agus arís in 2006 nuair a bhí sé ar siúl i nDoire. Ach cé is moite den dá fhéile a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath in 2015 agus 2019, is le Cill Airne a shamhlaítear an tOireachtas den chuid is mó ar na saolta seo.

Níos mó