Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ard-stiurthoir-nua-rte-i-gconamara-inniu-le-cuairt-a-thabhairt-ar-raidio-na-gaeltachta-agus-tg4

Ard-Stiúrthóir nua RTÉ i gConamara inniu le cuairt a thabhairt ar Raidió na Gaeltachta agus TG4

| Tuairisc.ie | ,

Tá Bakhurst le labhairt le foireann Raidió na Gaeltachta i gCasla agus le foireann Nuacht TG4 i mBaile na hAbhann agus é ag iarraidh muinín fhoireann RTÉ a fháil ar ais i ndiaidh conspóid na n-íocaíochtaí rúnda a rinneadh le Ryan Tubridy

Ard-Stiúrthóir nua RTÉ i gConamara inniu le cuairt a thabhairt ar Raidió na Gaeltachta agus TG4

Beidh Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst i gConamara inniu agus é ag tabhairt cuairt ar TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá ceannasaí nua an chraoltóra náisiúnta le casadh le hoibrithe RTÉ sa Ghaeltacht mar chuid dá iarracht muinín fhoireann RTÉ a fháil ar ais i ndiaidh na conspóide a bhí ann maidir le híocaíochtaí rúnda breise a rinne RTÉ le Ryan Tubridy.

Tá Bakhurst le cuairt a thabhairt ar stiúideo Raidió na Gaeltachta i gCasla ar dtús ag meán lae, áit a labhróidh sé le foireann an stáisiúin. Ina dhiaidh sin, tá sé i gceist ag Ard-Stiúrthóir RTÉ aghaidh a thabhairt ar cheannáras TG4 agus labhairt le foireann Nuacht TG4 sa seomra nuachta i mBaile na hAbhann. Tuigtear gur cruinnithe uair an chloig ar fhad a bheidh sa phéire.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo le gairid go raibh fearg mhór ar bhaill foirne go leor sa dá sheirbhís a shíleann go bhfuil feall ar iontaoibh déanta ag RTÉ orthu tráth a bhfuil ciorruithe i réim i seomra nuachta TG4 agus comhionannas pá á shéanadh ar oibrithe RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tuigtear go mbeidh tuarastal oibrithe Raidió na Gaeltachta i measc na n-ábhar a bheidh lucht an raidió ag iarriadh a phlé le Bakhurst agus conspóid ann le fada maidir leis an neamhréir idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

D’fhógair RTÉ in 2021 go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm san eagraíocht agus cé go raibh súil ann go mbeadh torthaí an athbhreithnithe sin ar fáil roimh dheireadh na míosa seo caite, meastar anois go mbeidh tamaill eile ann sula bhfeicfear na torthaí.

Thagair Bakhurst don neamhréir idir na scálaí i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ nuair a bhí sé os comhair choiste Oireachtais i dTeach Laighean an tseachtain seo caite agus dúirt sé féin agus cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh go ndéileálfaí leis an gceist sin san athbhreithniú.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RTÉ Raidió na Gaeltachta agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir i RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire i RTÉ Raidió na Gaeltachta, grád nach ann dó aon áit eile i RTÉ, mar a bhfuil 167 grád ar fad.

D’fhéadfadh go bpléifí le lucht TG4 moladh an rialtais go mbeadh TG4 neamhspleách ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Ghlac an Rialtas an samhradh seo caite le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana, ach ní cosúil go bhfuil mórán dul chun cinn déanta ó shin sa phlé faoin moladh sin.

Dúirt Kevin Bakhurst an tseachtain seo caite gur mór aige a chaidreamh lena “chomhghleacaithe” i Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus measadh go raibh sé báúil le cás chraoltóireacht na Gaeilge nuair a bhí sé ina cheannasaí nuachta sa stáisiún idir 2012-2016.

Le linn a thréimhse ceithre bliana le RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún. Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go háirithe.

Dúirt an Sasanach an tseachtain seo caite go mbeidh an Ghaeilge mar thosaíocht aige agus é ag tabhairt faoi athruithe a chur i bhfeidhm ar an gcraoltóir náisiúnta.

Níos mó