Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ciarrai-agus-muineachan-trid-go-dti-babhtai-leathcheannais-na-heireann-theis-la-dramatuil

Ciarraí agus Muineachán tríd go dtí babhtaí leathcheannais na hÉireann théis lá drámatúil

Ciarraí agus Muineachán a bheidh sa hata amárach don tarraingt do chluichí leathcheannais na hÉireann agus an dá fhoireann tagtha slán ó na gcluichí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Seaimpíní na hÉireann a bhí amuigh ar dtús inniu agus taispeántas tugtha acu in aghaidh Thír Eoghain a thabharfadh le fios go bhfuil an-seans acu Corn Mhig Uidhir a thabhairt chun na Ríochta arís i mbliana.

Cé gur chuir David Clifford go leor deiseanna amú, bhí Ciarraí fós i bhfad ró-láidir do Thír Eoghain agus iad spreagtha ag taispeántais den scoth ó Sheán O’Shea agus go háirithe ó Dhiarmuid O’Connor.

Ní raibh Ciarraí ach trí phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-9 in aghaidh 0-6, ach bhí ceannas iomlán acu ar an imirt sa dara leath agus cúil faighte ag O’Connor agus O’Shea a chinntigh nach mbeadh aon bhealach ar ais sa chluiche ag Tír Eoghain.

Bhí foireann Brian Dooher agus Feargal Logan go hainnis ar fad, i ndáiríre. Caitheadh an tseachtain uile ag caint ar an gcluiche leathcheannais idir na foirne in 2021 nuair a bhuaigh na hUltaigh agus ar ‘03, ‘05 agus ‘08 ach seans nár caitheadh dóthain ama ag caint ar ‘23. Tugadh suntas do thaispeántas Thír Eoghain in aghaidh Dhún na nGall seachtain ó shin ach anois is dócha gurbh fhearr an léargas ar láidreacht na foirne na taispeántais a thug siad in aghaidh na hIarmhí, in aghaidh na Gaillimhe agus in aghaidh Mhuineacháin. Bhí bearna ollmhór idir iad agus a gcéilí comhraic inniu.

Ba léir luath sa chluiche go raibh Ciarraí ullamh agus lán de dhíocas. Sa chéad cúpla nóiméad, bhí Paudie Clifford ag caitheamh spallaí le ag Conor Meyler tar éis d’fhear Uí Néill seilbh na liathróide a chailliúint. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, bhí Niall Morgan curtha ar a thóin ag David agus an cúl báire ag dul suas an pháirc chun cic saor a thógáil. An bhfeicfí a leithéid ó na deartháireacha i gcoinne aon fhoireann eile seachas Tír Eoghain? N’fheadar.

Bhí oireadh clabaireachta ag Paudie gur thug an réiteoir Brendan Cawley faoi ndeara nach raibh a chosaint fiacla ina bhéal ag Clifford agus tugadh treoir dó í a chur isteach. Is ar éigean gur chiúnaigh sin fear Fhosadh, áfach, agus cuireadh den pháirc é ag deireadh an chluiche nuair a taispeánadh an dara cárta buí taispeánta dó théis teacht le chéile eile le Meyler, a cuireadh den pháirc chomh maith.

Is é an cárta dearg sin agus easpa cruinnis David an t-aon dá locht ar lá iontach do Chiarraí agus drochsheans go mbeidh Jack O’Connor ag déanamh mórán imní fúthu. Chuir David Clifford ocht gcinn den 13 iarracht a bhí aige sa chluiche ar strae. Mar sin féin, fuair sé naoi bpointe, cúig cinn ón imirt, agus cuimhneofar go ceann i bhfad ar an bpas a thug sé sa ghluaiseacht a chríochnaigh le cúl Sheáin Uí Shé. Agus é teanntaithe ar an taobhlíne bhuail Clifford d’eitleog an liathróid chuig Tony Brosnan a thug do Shéan Ó Shea í.

Ciarraí a chuir tús níos fearr leis an gcluiche agus a ndíograis léirithe sa chéad cheithre scór acu, iad uile ag teacht tar éis dóibh an liathróid a bhaint ó imreoirí Thír Eoghain.

Ba í an t-aon uair go raibh an chuma ann go mbeadh géarchoimhlint againn ná nuair a scóráil na deartháirecha Canavan trí chúilín den scoth as a chéile, péire ag Darragh agus ceann ag Ruairí, chun na foirne a thabhairt ar comhscór théis 20 nóiméad.

Fuair Paudie Clifford scór tábhachtach chun Ciarraí a chur chun tosaigh arís agus níor stop siad as sin go deireadh.

D’fhág ciceanna saora ó David Clifford agus scór ó Dhiarmuid O’Connor iad trí phointe chun cinn ag leath ama agus fuair siad an chéad cúig phointe don dara leath chun an bhearna a mhéadú. Fuair O’Connor a chúl théis 52 nóiméad chun deireadh a chur leis an gcluiche mar choimhlint agus ba é féín agus Seán O’Shea, a fuair a chúl théis 63 nóiméad, a fuair an dá scór deireanach don chluiche chun muintir Chiarraí a chur ag ceiliúradh.

Bhí briseadh croí i ndán d’Ard Mhacha sa dara cluiche agus iad buailte i ndiaidh ciceanna éirice sna babhtaí ceathrú ceannais don dara bliain as a chéile.

Tá na blianta caite ag Rory Beggan agus Conor McManus ag déanamh gaiscí do Mhuineachán agus ba é a spreag an fhoireann arís tráthnóna.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh an cluiche buaite ag Rian O’Neill d’Ard Mhacha nuair a fuair sé scór iontach agus an t-am breise nach mór caite, ach bhuaigh agus shlánaigh Conor McManus cic saor sa seachtú nóiméad d’am cúitimh chun na foirne a chothromú uair amháin eile.

Thóg sé tamall fada iad a scaradh óna chéile le linn na gciceanna éirice chomh maith ach, ón 20 cic, shábháil Beggan dhá iarracht ó Challum Cumiskey agus bhí Muineachán cáilithe do chluichí leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 2018.

Ní fhéadfá gan ach trua a bheith agat do Cumiskey agus ciceanna éirice caillte ag Ard Mhacha den tríú huair as a chéile, idir cluiche an lae inniu, cluiche ceannais Uladh in aghaidh Dhoire agus an cluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Gaillimhe anuraidh.

Cluiche teann géar a bhí ann ach bhí sé leamh go maith uaireanta freisin. Bhí na foirne gob ar ghob ó thús agus iad ar comhscór cúig huaire déag idir gnátham agus am breise. Ní raibh níos mó ná aon phointe amháin eatarthu ag pointe ar bith den chluiche.

Rinne Ard Mhacha scrios ar Mhuineachán i lár na páirce sa chéad leath ach bhí deiseanna fós á gcruthú ag imreoirí Vinny Corey. Easpa cruinnis a bhí ag cur as dóibh, áfach. Níor scóráil Muineachán ach cúig phointe ó cheithre cinn déag d’iarrachtaí sa chéad 35 nóiméad, Conor McCarthy agus Gary Mohan ag aimisú dhá phointe an duine dóibh.

Ní raibh Ard Mhacha gan locht os comhair an chúil ach an oiread ach bhí Rian O’Neill ar fheabhas ó na ciceanna saora agus d’aimsigh an cosantóir Aidan Forker cúpla scór iontach dóibh freisin.

Tugadh Conor McManus isteach mar ionadaí sa dara leath agus a rian fágtha aige ar an gcluiche ach ba léir go raibh an dá fhoireann spíonta nuair a tháinig am breise. Ní fhacthas ach dhá phointe sa chéad 20 nóiméad de ach bhí aicsean go leor ag an deireadh, sár-chic Uí Néill a chuir Ard Mhacha chun tosaigh agus cic saor McManus a chinntigh go mbeadh deis eile ag Muineachán.

Níos mó