Tá cainteoir líofa Gaeilge le teacht in áit Bhríd Smith mar iarrthóir i mBaile Átha Cliath Theas-Lár sa chéad olltoghchán eile.
D’fhógair Bríd Smith, an Teachta Dála de chuid Phobal Seachas Brabús, inné nach mbeadh sí ag seasamh don Dáil arís.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2021/03/brid-smith.png)
D’fhógair Pobal Seachas Brabús gurb í Hazel de Nortúin, comhairleoir contae as Baile Formaid agus cainteoir Gaeilge, a thiocfaidh i gcomharbacht ar Smith mar iarrthóir olltoghcháin an pháirtí sa dáilcheantar i mBaile Átha Cliath.
Tá Hazel de Nortúin ina bunaitheoir ar an gcaifé Gaelach Glic Café i mBaile Formaid agus bhí baint aici chomh maith le bunú naíonra sa cheantar.
Bhí Brid Smith féin ar dhuine den 35 cainteoir Gaeilgeoir a toghadh chuig an 33ú Dáil in olltoghchán 2020 agus is minic í faoi agallamh ag na meáin Ghaeilge.
Sheas an sóisialach aitheanta faoi dhó don Dáil sular éirigh léi suíochán a bhuachan an tríú huair in 2016. Ceardchumannaí go smior í agus bhí sí lárnach in go leor feachtas de chuid na heite clé agus i bhfeachtais ar son cearta ginmhillte.