Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tir-nios-teo-agus-nios-fliche-againn-le-30-bliain-anuas-–-met-eireann

Tír níos teo agus níos fliche againn le 30 bliain anuas – Met Éireann

Léirítear i staidéar nua gur féidir linn sa tír seo a bheith ag súil le cúinsí neamhghnácha aimsire níos minice – bíodh sin teas mór, báisteach throm nó gálaí gaoithe

Tír níos teo agus níos fliche againn le 30 bliain anuas – Met Éireann

Léiríonn taighde nua go raibh an tír níos teo, níos fliche agus go raibh níos mó gréine againn le tríocha bliain anuas ná mar a bhí sa tríocha bliain roimhe sin.

Tá Met Éireann tar éis meánfhigiúirí don aeráid sa tír seo ó 1991-2020 a fhoilsiú, figiúirí a thugann meánluachanna do thoisí teasa, báistí agus gaoithe chomh maith leis na huaireanta gréine a bailíodh ó na stáisiúin aimsire ar fud na tíre.

Tríocha bliain a mholann Eagraíocht Dhomhanda na Meitéareolaíochta mar thréimhse chuí measúnaithe aeráide agus déantar na figiúirí nua a chur i gcomparáid leis na figiúirí atá acu do na blianta 1961-1990.

Idir 1991-2020 ar an meán, ba é teocht an aeir ná 9.8°C agus na ceantair cois cósta níos teo ná talamh crochta. Sin le rá gur 0.7 céim Celsius d’ardú a tháinig ar an meánteocht sa tír seo ón tréimhse 1961-1990.

Mí Bealtaine is mó a d’ardaigh an mheánteocht, 1°C agus bhí Feabhra, Aibreán agus Samhain 0.2°C níos teo.

An fómhar agus an geimhreadh is fliche a bhí againn agus an t-earrach is tirime. Mí na Nollag ba fhliche ach mí Lúnasa an mhí is fliche sa samhradh.

An áit a bhfuil teas beidh gal agus ní haon iontas mar sin gur tuilleadh fliuchrais a thagann leis an téamh. Ar an meán thit 7% níos mó báistí ná mar a bhí againn ó 1961-1990, agus an t-ardú is mó san iarthar agus sa tuaisceart. Mí Iúil is suntasaí a bhí an t-athrú sin ar an meánmhéid báistí mar ar tháinig ardú 22% ar bháisteach na míosa sin – ba mhó báisteach a bhí ann freisin san Aibreán, Meitheamh agus Samhain, ardú idir 12-15%.

Meastar go raibh 63 uair an chloig bhreise gréine againn thar mar a bhí ó 1961-1990. Inis Arcáin i gcontae Chorcaí is mó a raibh meán-uaireanta gréine ann, 1541.9 uair an chloig agus Dairbhre béal dorais i gCiarraí ar an áit is lú, gan ach 1300.7 uair an chloig gréine ansin.

Ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide i nGlaschú [COP 26] in 2021 ghlac na baill leis nár chóir ligean don domhan téamh níos mó ná 2°C thar an teocht a bhí ann sa 19ú céad, roimh ré na tionsclaíochta agus go ndéanfaí chuile iarracht an téamh a choinneáil faoi 1.5 °C breise. Léirigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide go bhfuil an domhan 1.1°C níos teo anois, rud a fhágann nach bhfuil ach 0.4°C d’ardú eile go mbeidh an sprioc sroichte mura ndéantar gníomh práinneach.

Creideann na saineolaithe go bhfuil baol ag baint fiú le 0.1°C d’ardú do na milliúin ar fud na cruinne – tonnta teasa, triomach, tuilte agus cóstaí báite. Deir siad go bhféadfadh 0.5°C breise na sceireacha coiréil agus na caidhpeanna oighir a scrios.

Léiríonn na figiúirí seo ó Met Éireann don 30 bliain is déanaí go bhfuil an tír seo ag éirí níos teo, níos mó báistí againn agus gur féidir linn sa tír seo a bheith ag súil le cúinsí neamhghnácha aimsire níos minice – bíodh sin teas mór, báisteach throm nó gálaí gaoithe.

Beidh impleachtaí ag na hathruithe sin do bhonneagar na tíre agus don phleanáil maidir le cúrsaí iompair, cúrsaí talmhaíochta agus an soláthar uisce.

Níos mó