Tá trí scór foirgneamh de chuid Údarás na Gaeltachta folamh, de réir figiúirí nua.
Tá roinnt mhaith de na foirgnimh, idir spás oifige agus mhonarchana, folamh le breis is deich mbliana, ach is ag titim atá líon na bhfoirgneamh folamh atá i seilbh an Údaráis le roinnt blianta anuas.
Cúig bliana ó shin, i samhradh 2018, bhí 77 foirgneamh de chuid an Údaráis folamh ach tá sé tugtha le fios ag an Údarás gur 60 foirgneamh dá chuid atá folamh faoi láthair.
Fágann sin gur tháinig laghdú beagnach 22% ar líon na bhfoirgneamh folamh ag an Údarás le cúig bliana anuas. 117 foirgneamh folamh a bhí ag an Údarás in 2017.
Cé gur le bliain anuas a fágadh folamh 11 de na foirgnimh fholmha atá ag an Údarás, tá beagnach leath de na foirgnimh a liostaíodh folamh le breis is cúig bliana agus 14 acu folamh le deich mbliana.
I gConamara atá na ceithre fhoirgneamh is faide atá folamh, mar a bhfuil trí fhoirgneamh i dTír an Fhia atá folamh ó 2003 agus monarcha mhór i gCasla atá folamh ó 2001.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar eolas a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Catherine Connolly, is i nDún na nGall atá an líon is mó foirgnimh fholmha agus 21 ionad ansin folamh i láthair na huaire. 19 foirgneamh atá folamh i nGaeltacht na Gaillimhe, naoi gcinn atá folamh i Múscraí i gCorcaigh, sé cinn atá i gCiarraí agus cúig cinn atá i Maigh Eo. Níl aon fhoirgneamh folamh ag an eagraíocht fiontraíochta agus teanga i nGaeltacht Phort Láirge ná i nGaeltacht na Mí, de réir an eolais is déanaí.
Monarchana atá i bhformhór na bhfoirgneamh folamh – 34 ceann ar fad – agus achar breis is 1,000㎡ i sé cinn acu. Oifigí atá i gceist le sé cinn déag de na foirgnimh agus foirgnimh fiontraíochta agus ceardlainne atá sna deich gcinn eile.
In ainneoin go bhfuil trí scór foirgneamh folamh i seilbh an Údaráis, tuigtear go bhfuil ganntanas ann i láthair na huaire i gceantair áirithe ó thaobh líon na bhfoirgneamh atá réidh le húsáid. D’fhéadfadh go mbeadh obair athchóirithe ag teastáil ó thart ar leath de na foirgnimh, go háirithe iad siúd atá folamh le tréimhse fhada.
Chuir an Rialtas €8 milliún ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le linn na paindéime in 2020 chun “uasghrádú riachtanach” a dhéanamh ar fhoirgnimh na heagraíochta.
Sa fhreagra a cuireadh ar fáil don Teachta Connolly, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh sé tugtha le fios ag an Údarás go rabhthas ag féachaint ar an réadmhaoin uilig atá ag na eagraíocht agus “ag forbairt pleananna athchóirithe a chuireann riachtanais an Phlean Gníomhaíochta Aeráide san áireamh”.
Dúirt O’Donovan go bhfuil an iliomad cineál foirgnimh mar chuid den réadmhaoin atá ag an Údarás agus go bhfuil “an-éagsúlacht sa gcaighdeán agus san gcóiriú atá ar fáil sna foirgnimh”.
Dúirt sé go raibh sé ráite ag an Údarás go mbítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas atá orthu an leas is fearr a bhaint as aon acmhainn atá acu ón Státchiste.
Contae | Ionad | Catagóir | Achar (㎡) | Folamh ó |
---|---|---|---|---|
Ciarraí | Eastát Bhaile an Mhuilnn | Oifig | 408 | 2/12/2019 |
Ciarraí | Eastát Bhaile an Mhuilinn | Oifig | 96 | 1/3/2018 |
Ciarraí | Eastán an Chúilín | Fiontraíocht | 149 | 31/7/2022 |
Ciarraí | Eastán an Chúilín | Fiontraíocht | 31 | 31/10/2022 |
Ciarraí | Eastán an Chúilín | Fiontraíocht | 16 | 20/4/2023 |
Ciarraí | Baile an Éanaigh | Monarchan | 756 | 30/9/2015 |
Corcaigh | Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 14 | 31/12/2021 |
Corcaigh | Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 13 | 31/12/2021 |
Corcaigh | Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 15 | 31/12/2021 |
Corcaigh | Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 15 | 31/12/2021 |
Corcaigh | Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 32 | 31/12/2021 |
Corcaigh | Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 37 | 31/12/2021 |
Corcaigh | Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Monarcha | 98 | 1/11/2020 |
Corcaigh | Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Monarcha | 89 | 1/11/2020 |
Corcaigh | Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh | Oifig | 123 | 1/11/2020 |
Gaillimh | Eastát Bhaile an tSagairt | Oifig | 107 | 6/7/2016 |
Gaillimh | Eastát Bhaile an tSagairt | Oifig | 17 | 31/12/2021 |
Gaillimh | Ceardlann an Spidéil | Ceardlann | 53 | 30/1/2023 |
Gaillimh | Eastát Chasla | Monarcha | 101 | 31/5/2015 |
Gaillimh | Eastát Chasla | Monarcha | 124 | 31/5/2015 |
Gaillimh | Eastát Chasla | Monarcha | 1,088 | 31/11/2001 |
Gaillimh | Eastát Chasla | Monarcha | 844 | 22/09/2019 |
Gaillimh | Eastát Ros an Mhíl | Monarcha | 93 | 29/05/2017 |
Gaillimh | Eastát na Ceathrún Rua | Monarcha | 236 | 21/6/2015 |
Gaillimh | Eastát na Ceathrún Rua | Monarcha | 343 | 21/6/2015 |
Gaillimh | Eastát na Ceathrún Rua | Monarcha | 94 | in áirithe |
Gaillimh | Eastát na Ceathrún Rua | Monarcha | 1,013 | 20/8/2019 |
Gaillimh | Eastát na Ceathrún Rua | Monarcha | 304 | 20/8/2019 |
Gaillimh | Eastát Thír an Fhia | Oifig | 118 | 31/12/2003 |
Gaillimh | Eastát Thír an Fhia | Oifig | 41 | 31/12/2003 |
Gaillimh | Eastát Thír an Fhia | Monarcha | 46 | 5/2/2003 |
Gaillimh | Eastát Chorr na Móna | Monarcha | 1,030 | 22/1/2023 |
Gaillimh | Eastát Chorr na Móna | Monarcha | 883 | 22/1/2023 |
Gaillimh | Naíonra Chorr na Móna | Ceardlann | 134 | 31/8/2019 |
Maigh Eo | Eastán Bhun an Churraigh | Monarcha | 1,639 | 31/3/2015 |
Maigh Eo | Coláiste Thuar Mhic Éadaigh | Ceardlann | 378 | 28/2/2007 |
Maigh Eo | An Eachléim | Fiontraíocht | 147 | 1/10/2022 |
Maigh Eo | An Eachléim | Fiontraíocht | 320 | 1/10/2022 |
Maigh Eo | An Eachléim | Fiontraíocht | 61 | 1/10/2022 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 189 | 31/7/2017 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 198 | 10/7/2009 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 371 | 10/7/2009 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 1,026 | 10/7/2009 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Oifig | 224 | 4/6/2010 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Oifig | 259 | 3/3/2022 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Oifig | 227 | 3/3/2022 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 154 | 1/2/2023 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 64 | 1/2/2023 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 65 | 30/6/2005 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 1,295 | 31/5/2014 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 390 | 31/5/2014 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 358 | 31/5/2014 |
Dún na nGall | Eastát an Bhuna Bhig | Monarcha | 571 | 31/5/2014 |
Dún na nGall | Eastán Bhaile na Móna | Monarcha | 735 | 20/1/2011 |
Dún na nGall | Eastát an Fháil Charraigh | Monarcha | 239 | 1/9/2011 |
Dún na nGall | Eastát Ghort an Choirce | Monarcha | 369 | 5/1/2017 |
Dún na nGall | Eastán na nDúnaibh | Monarcha | 369 | 5/1/2017 |
Dún na nGall | Eastát Bhaile na Finne | Monarcha | 296 | 16/6/2020 |
Dún na nGall | Eastát Bhaile na Finne | Monarcha | 307 | 5/6/2006 |
Dún na nGall | Machaire Rabhartaigh | Fiontraíocht | 135 | Saor ó tógadh an foirgneamh |