An chéad chlár beo cúrsaí reatha i nGaeilge le breis is fiche bliain, clár faisnéise le fuirseoir faoi stair agus todhchaí na teanga agus clár faoin amhrán ‘Come Out Ye Black and Tans’ – sin cuid de sholáthar Gaeilge RTÉ an fómhar seo.
Craolfar Fóram, leathcheann The Week in Politics an Bhéarla, ó cheannáras RTÉ gach Domhnach.
In Foclóir Brille rachaidh Bláithín de Búrca timpeall na tíre chun léargas a fháil ar chás na teanga agus ábhar a fháil dá seó fuirseoireachta ar na boinn.
I gclár faisnéise eile In Viva Mary (Banríon Sitges), casfaidh an scannánaí Cathal Ó Cuaig le Mary Lambe, iníon an ealaíontóra Charles Lambe.
Ar cheoltóirí agus amhráin éagsúla atá scata de na cláir Ghaeilge sa sceideal nua dírithe.
Inseofar sa tsraith Aistear an Amhráin scéalta cuid de na hamhráin is iomráití in Éirinn, amhail N17 na Saw Doctors, Monto leis na The Dubliners agus Mná na hÉireann le Seán Ó Riada. Cuirfear tús leis an tsraith le clár faoin amhrán “spreagúil agus conspóideach” Come Out Ye Black and Tans.
Sa tsraith Seisiún, tabharfaidh an t-amhránaí Duibhneach Muireann Nic Amhlaoibh cuairt ar ionaid cheoil éagsúla agus is clár ómóis é Dolores@70 do Dolores Keane a bheidh 70 bliain d’aois an mhí seo chugainn.
Clár faisnéise aonair eile é Hot House Flowers a dhíríonn ar bhliain thábhachtach i saol an bhanna, bliain a chuir cor ina gcinniúint.
Tá an tsraith Cloch Le Carn ag filleadh chomh maith agus cláir le craoladh faoi Sheán Keane agus The Chieftains.
Ar na sraitheanna eile atá ag filleadh tá Ar An Sliabh, cláir faoi na pobail a mhaireann sna sléibhte nó faoi scáth na sléibhte i gceantair éagsúla ar fud na tíre. I measc na bpobal a bheidh le feiceáil sa tsraith nua tá daoine a mhaireann ag bun Chnoc Bréanainn i gCiarraí agus faoi scáth na hEaragaile i nDún na nGall.
Ag filleadh chomh maith tá an tsraith sheanbhunaithe Scannal. Ar na scéalta a bheidh faoi chaibidil sa tsraith an geábh seo tá cás Mary Boyle, an cailín óg a chuaigh ar iarraidh i 1977; conspóid na dtáillí uisce; scéal Emma Mhic Mhathúna, duine de na mná is mó a bhí i mbéal an phobail mar gheall ar chonspóid CervicalCheck; agus scéal na nÉireannach agus Tubaiste Aeir Munich i 1958, an eachtra uafásach inar maraíodh 20 duine ó Manchester United, idir imreoirí agus bhaill foirne.
Clár do pháistí atá i Tír na nÓg a ghealltar a dhéanfaidh páistí réamhscoile “a thumadh” sa Ghaeilge.