Tá tograí a spreagann cur chun cinn na Gaeilge i measc daoine óga Ghlúin Z orthu siúd a dtabharfaidh Údarás na Gaeltachta aitheantas dóibh mar chuid de scéim nua gradam atá beartaithe ag an eagraíocht.
Tá ‘Gradaim na Gaeltachta’ seolta ag Údarás na Gaeltachta agus é i gceist leis an gcomórtas seo aitheantas a thabhairt don obair atá ar bhun ag eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha fud fad na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Bronnfar trófaí agus duais airgid ar dhreamanna a chuireann tograí “fiúntacha agus suimiúla” chun cinn i measc phobal na Gaeltachta.
De réir na gcatagóirí atá leagtha amach ag Údarás na Gaeltachta, beidh duaiseanna ann don togra Glúin Z is fearr. Áirítear daoine óga a rugadh idir lár na 1990idí agus tús na 2010idí mar chuid de Ghlúin Z.
I gcatagóirí eile, beidh duaiseanna ann do thograí a dhíríonn ar an bhfiontraíocht shóisialta, ar an turasóireacht, an timpeallacht, seirbhísí sóisialta pobail, agus obair na gcoistí pobail.
Deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh “aird ar leith” le linn na moltóireachta ar chúrsaí teanga agus ar chumas na dtograí an Ghaeilge a neartú agus a chur chun cinn.
Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúnaí agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta gur deis a bheidh sna gradaim nua aitheantas a thabhairt don obair “a dhéantar go ciúin agus i ngan fhios” scaití.
“Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach meas a léiriú ar an méid atá á dhéanamh agus a chinntiú go mbíonn eolas ag pobal na Gaeltachta ar na tograí breátha atá á bhforbairt ina gceantar féin.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, gur cuid lárnach d’obair na heagraíochta tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí forbartha pobail, atá i gcroílár phobal na Gaeltachta le fada an lá, dar leis.
Beidh comórtas ‘Gradaim na Gaeltachta’ roinnte ina dhá chuid agus catagóirí áirithe ann d’eagraíochtaí deonacha nó eagraíochta a fhaigheann maoiniú ón stát agus catagóirí eile ann do choistí deonacha amháin.
Beidh ar a laghad togra amháin ó gach réigiún (Connachta/Laighin, Dún na nGall, an Mhumhain) ainmnithe ar an ngearrliosta i chuile catagóir agus trófaí agus €3,500 le bronnadh ar bhuaiteoirí na gcatagóirí.
Is é an 22 Meán Fómhar 2023 an spriocdháta le cur isteach ar an gradaim agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an Údaráis.
Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid Ghradaim na Gaeltachta i mí na Samhna.