Tá an Fhraincis imithe chun cinn ar an nGaeilge mar an dara teanga is mó tóir don A-Leibhéal ó thuaidh.
Laghdú 11.8% a tháinig ar líon na n-iontrálacha don Ghaeilge don A-Leibhéal i gcomparáid le 2022.
Seachas an Béarla, an Spáinnis an teanga is mó a roghnaíonn daltaí don A-Leibhéal i gcónaí agus í chun cinn ar an bhFraincis, an Ghaeilge agus an Ghearmáinis, de réir tuarascáil nua a d’fhoilsigh Comhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann.
De réir na tuarascála tháinig méadú 8.2% ar líon na ndaltaí a roghnaigh an Spáinnis i mbliana agus 4.6% a bhí i gceist i gcás na Fraincise, teanga a bhfuil laghdú mór tagtha le blianta fada ar líon na ndaltaí a roghnaíonn tabhairt fúithi. Laghdú 13.9% tháinig ar líon na n-iontrálacha don Ghearmáinis.
De réir na tuarascála a chuir an Chomhairle amach faoi chúrsaí teanga roimhe seo, bhí an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a roghnaigh daltaí don A-Leibhéal ó thuaidh agus í chun cinn ar an bhFraincis.