Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
meadu-ar-lion-na-gclar-teilifise-i-ngaeilge-agus-ar-lion-na-n-athchraoltai

Méadú ar líon na gclár teilifíse i nGaeilge agus ar líon na n-athchraoltaí

Tá méadú ag teacht ar líon na gclár teilifíse i nGaeilge, ach tá craoltóireacht teilifíse na Gaeilge ag brath i gcónaí ar líon an-ard athchraoltaí, de réir tuarascála nua.

Léiríonn anailís nuafhoilsithe a rinne an BAI ar chláracha teilifíse Gaeilge agus dátheangacha gur athchraoltaí a bhíonn i 75% acu.

Tá an tuarascáil nua ar an tríú Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge atá foilsithe ag an údarás craolacháin (a bhfuil Coimisiún na Meán tagtha ina áit) agus léiríonn sé gur tháinig ardú ar chéatadán na gclár Gaeilge arbh athchraoltaí iad ó 68% go dtí 75% idir 2019 agus 2021.

D’fhéadfadh go bhfuil baint ag an ardú ar líon na n-athchraoltaí le blianta na paindéime a bheith san áireamh i dtréimhse trí bliana an taighde.  Bhí tamall fada le linn na paindéime gurbh ar éigean a craoladh aon chlár nua Gaeilge taobh amuigh d’fheasacháin nuachta.

De réir na tuarascála, tá méadú suntasach tagtha ar an gcéatadán de chláir Ghaeilge a bhíonn á chraoladh ag RTÉ agus laghdú dá réir ar an gcéatadán a chraoltar ar TG4.

In 2019 ar TG4 a craoladh 88% de chláir Ghaeilge agus dhátheangacha, ach in 2021 níor craoladh ach 71% de na cláir sin ar TG4. Craoltóirí seirbhíse poiblí a chraol 97% de na cláir.

Tháinig méadú 15% ar an líon ama a tugadh don chraoladh Gaeilge agus dátheangach idir 2019-2021 agus tháinig ardú 20.1% sa tréimhse chéanna ar líon na gclár Gaeilge agus dátheangach a craoladh. Bhí méadú mór –17.4% – ar líon na gclár idir 2019-2020.

Cé gur tháinig ardú ar líon na gclár a craoladh ó 339 clár in 2019 go dtí 407 clár in 2021, is amhlaidh gur éirigh na cláir sin níos giorra ar an meán.

In 2019, 16.3 nóiméad ar an meán a mhair na cláir Ghaeilge agus dhátheangacha, i gcomparáid le 15.6 nóiméad in 2020 agus 2021.

Ar na cláir Ghaeilge níos giorra a chraoltar tá feasacháin nuachta, tuar na haimsire agus cartúin.



Cuirtear mioneolas ar fáil sa tuarascáil taighde nua, Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge, faoi na cineálacha clár Gaeilge a chraoltar, faoin lucht féachana ar a mbíonn siad ag díriú, faoin leibhéal Gaeilge a bhíonn iontu agus faoi cibé an ag buaic-am féachana nó a mhalairt a craoladh iad.

Leanaí an lucht féachana ba mhó a raibh na cláir theilifíse dírithe orthu agus an lucht féachana ginearálta a bhí sa dara háit.

Cláir do pháistí ab ea 63% den 407 clár Gaeilge agus dátheangach in 2021 agus dírithe ar an lucht féachana ginearálta a bhí 35% díobh. Dhá chlár a bhí dírithe go sonrach ar aosaigh óga agus ní raibh oiread is clár amháin den 407 clár dírithe go sonrach ar dhaoine fásta.

Na cláir Ghaeilge agus dhátheangacha a craoladh ó Luan go hAoine níor chuaigh ach 18% acu amach ag an mbuaic-am féachana. 23% de na cláir ag an deireadh seachtaine a chuaigh amach ag an mbuaic-am féachana.

Nuair a fhágtar na cláir do pháistí as an áireamh craoladh 47% de na cláir Ghaeilge agus dátheangacha ag an mbuaic-am féachana le linn na seachtaine agus 53% a bhí i gceist ag an deireadh seachtaine.

Cláir do pháistí an seánra ba mhó a bhí i gceist in 2021 (63%), nuacht agus cúrsaí reatha a bhí sa dara háit (16%). an eolaíocht, cláir a bhí rangaithe mar ‘eile’ a bhí sa tríú háit (5%) agus cláir faoin tsochaí chomhaimseartha a bhí sa ceathrú háit (4%).

Deirtear gur dócha gur bhain an t-ardú ó thaobh na nuachta ó 4.4% in 2019 go dtí 16% in 2021 le stáisiún nuachta RTÉ a bheith curtha san áireamh sna figiúirí, stáisiún ar a ndéantar athchraoladh ar chláir nuachta i nGaeilge. Meastar go raibh baint ag áireamh an chainéil nuachta sin chomh maith leis an méadú ar líon iomlán na gclár Gaeilge agus dátheangach.

In 2019 ar fhoghlaimeoirí a bhí 60% de chláir Ghaeilge agus dhátheangacha dírithe, ach in 2020 agus 2021 bhí 81% de na cláir dírithe ar chainteoirí dúchais agus líofa, de réir na tuarascála.

D’fhoilsigh Údarás Craolacháin na hÉireann – a bhfuil Coimisiún na Meán tagtha ina áit ón uair a deineadh an taighde seo –a chéad Tuarascáil Bailithe Sonraí Gaeilge mar chuid dá Phlean Gníomhaíochta Gaeilge in 2019 agus an mhí seo a foilsíodh an tríú tuarascáil sa tsraith.

Agus an tuarascáil seo á hullmhú ag an BAI, d’iarr siad ar chraoltóirí sonraí maidir le cláir agus taifeadtaí a chur ar fáil dóibh do sheachtain faoi leith. Ón eolas sin bhíodar ábalta líon agus réimse na gclár Gaeilge is dátheangach a bhíonn á gcraoladh ar an teilifís agus ar an raidió gach seachtain a thomhas.

Breis is 90% den ábhar teilifíse a bhí i nGaeilge ‘amháin’ seachas dátheangach – clár a mbíonn 30% de ar a laghad i nGaeilge an sainmhíniú atá ag an BAI ar chlár dátheangach ach tá doiléire leanúnach ag baint le cén sainmhíniú atá ar chlár atá ‘i nGaeilge amháin’.

Níos mó