Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-se-in-am-don-rialtas-a-chinntiu-nach-bhfuil-an-bochtanas-ina-bhac-ar-aon-ghasur-dul-go-dti-an-ghaeltacht’

‘Tá sé in am don rialtas a chinntiú nach bhfuil an bochtanas ina bhac ar aon ghasúr dul go dtí an Ghaeltacht’

| Tuairisc.ie | , ,

Deir Conradh na Gaeilge gur chóir a chinntiú sa bhuiséad nach mbeidh an bochtanas ina bhac ar aon duine óg atá ag iarraidh freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta.

Tá an eagraíocht teanga ag éileamh ar an rialtas suas le €10 milliún breise a chaitheamh ar scéimeanna chun scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí le freastal ar choláistí Gaeilge lena chinntiú go mbeidh aon pháiste ar mhaith leo freastal ar an nGaeltacht in ann sin a dhéanamh.

Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta €400,000 ar fáil chun 400 scoláireacht a sholáthar do dhaltaí in iar-bhunscoileanna DEIS chun freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Ach tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfar méadú suntasach ar an infheistíocht sin.

Agus an rialtas ag ullmhú do Bhuiséad 2024, deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur anois an t-am lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread páistí agus is féidir freastal ar choláiste Gaeilge, go háirithe páistí atá i ngreim ag an mbochtaineacht.

Deirtear go minic go bhfuil an costas a bhaineann le gasúr a chur chuig coláiste samhraidh sa Ghaeltacht, a mbíonn táille suas le €1,000 ag baint leo, ina bac ar go leor teaghlach ar fud na tíre.

Deir de Spáinn nach bhfuil ach “líon beag” scoláireachtaí ar fáil do dhaltaí i láthair na huaire agus go gcaithfear a chinntiú go mbeidh “scéim cheart scoláireachta” ann chun deiseanna a chur ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh freastal ar chúrsaí Gaeilge.

Deirtear i bplean infheistíochta Chonradh na Gaeilge gur chóir do na rialtais ó dheas agus ó thuaidh €4.5 milliún a chaitheamh chun 5,000 scoláireacht ar €900 an ceann a chur ar fáil do pháistí atá bocht chun deis a thabhairt dóibh freastal ar choláiste Gaeilge Gaeltachta.

Moltar freisin sa phlean €2.25 milliún eile a chaitheamh chun 5,000 leathscoláireacht a chur ar fáil do theaghlaigh eile nach bhfuil go maith as ach nach bhfuil áirithe go hoifigiúil mar theaghlaigh atá bocht ach a gcabhródh an tacaíocht bhreise leo na páistí a chur chun na Gaeltachta.

Éilítear sa phlean chomh maith tacaíocht do ghearrchúrsaí Gaeilge trí nó ceithre lá a chur ar fáil sna coláistí Gaeltachta i rith na scoilbhliana. €2 milliún atá á lorg do dhaltaí i scoileanna DEIS a bheadh ag iarraidh freastal ar na cúrsaí sin.

Dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go gcuireann an roinn 400 scoláireacht, ar fiú suas le €850 an ceann iad, ar fáil faoin scéim DEIS Gaeltachta do scoláirí sna 235 iar-bhunscoil DEIS ar fud na hÉireann ar mhian leo freastal ar choláistí samhraidh Gaeltachta.

“Tugtar deis sa Scéim do go leor scoláirí, nach mbeadh in ann ar shlí eile, freastal ar chúrsa samhraidh Gaeltachta agus fanacht le teaghlach aitheanta Gaeltachta,” a dúradh.

Dúirt an t-urlabhraí go dtacaíonn an roinn le hearnáil na gcoláistí samhraidh go príomha trí fhóirdheontas laethúil a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na 40 coláiste nó mar sin atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht faoi láthair.

Dúradh gur bhain 495 teaghlach tairbhe as an tacaíocht sin anuraidh agus gur cuireadh lóistín ar fáil do bhreis is 25,000 scoláire.

Ach deir Conradh na Gaeilge go gcaithfear tuilleadh tacaíochta a thabhairt do mhná agus d’fhir tí chomh maith chun dul i ngleic leis an easpa lóistín atá ag cur as d’earnáil na gcoláistí Gaeilge i láthair na huaire.

Deir de Spáinn go mbíonn airgead níos lú ag dul do mhná tí le hais iadsan a bhíonn i mbun B&B, in ainneoin, a deir sé go mbíonn cúram níos mó orthu siúd a bhfuil scoláirí acu. Dúirt sé gur chóir na híocaíochtaí a fhaigheann mná tí a mhéadú. Deir sé freisin gur chóir níos mó tacaíochta a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag athchóiriú a dtithe chun glacadh le scoláirí.

Dúirt Roinn na Gaeltachta go leanfaidh siad orthu ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.

De réir pobalbhreith a rinneadh le déanaí, measann beagnach 80% den phobal ó dheas gur cheart go mbeadh an deis ag daoine óga ar a laghad tréimhse amháin a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht le linn dóibh a bheith ar scoil.

Níos mó