Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘dul-chun-cinn-an-mhaith’-deanta-ag-an-ucrain-maidir-lena-mian-a-bheith-san-ae

‘Dul chun cinn an-mhaith’ déanta ag an Úcráin maidir lena mian a bheith san AE

| Tuairisc.ie | ,

Thug Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a haitheasc bhliantúil in Strasbourg inniu

‘Dul chun cinn an-mhaith’ déanta ag an Úcráin maidir lena mian a bheith san AE

Tá “dul chun cinn an-mhaith” déanta ag an Úcráin maidir lena mian ballraíocht a fháil san AE ach tá “obair chrua” le déanamh i gcónaí, a deir Uachtarán Choimisiún an Aontais Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

Agus a haitheasc bliantúil á tabhairt aici, dúirt von der Leyen gur san Aontas Eorpach ba cheart don Úcráin, an Mholdóiv agus tíortha iarthar na mBalcán a bheith amach anseo.

“Seasfaimid leis an Úcráin i ngach céim den bhealach. A fhad is gá. Ó cuireadh tús leis an gcogadh tá ceithre mhilliún Úcránach tar éis tearmann a fháil san Aontas seo againne,” arsa Von der Leyen.

Leag sí béim ina haitheasc in Strasbourg ar mhéadú an AE agus dúirt sí nár chóir fanacht ar chonradh nua a aontú chun cur le líon na mballstát.

“Ach ní féidir linn – agus níor cheart dúinn – fanacht ar athruithe ar an gConradh sula mbogfaimid ar aghaidh leis an méadú. Beimid in ann Aontas atá oiriúnach don mhéadú a bhaint amach ar luas níos tapúla. Chuige sin, beidh gá le ceisteanna praiticiúla a fhreagairt faoin mbealach a n-oibreoidh Aontas ina bhfuil os cionn 30 tír.”

D’fhógair sí ina cuid cainte chomh maith go raibh fiosrúchán á chur ar bun faoi charranna leictreacha as an tSín a bheith á ndíol ar chostas íseal, cleachtas atá frithiomaíoch, dar léi.

Dúirt sí go raibh earnáil na gcarranna leictreacha an tábhachtach do gheilleagair glas na hEorpa agus gur údar imní é go bhfuil praghas na gcaranna leictreacha as an tSín a choimeád íseal d’aon turas le fordheontais mhóra stáit.

“Dá réir sin, tá mé ag fógairt inniu go bhfuil an Coimisiún ag seoladh imscrúdú frith-fhóirdheontais ar fheithiclí leictreacha a thagann isteach ón tSín. Tá an Eoraip oscailte don ghnó. Ní le haghaidh rás go dtí an grinneall.”

Ní mór dúinn muid féin a chosaint ar chleachtais éagóracha.

Dúirt von der Leyen go gcaithfí Margadh Glas an AE a chur i bhfeidhm agus ag an am céanna cosaint a thabhairt d’fheirmeoirí, don tionsclaíocht agus do theaghlaigh.

Ghabh sí buíochas le feirmeoirí na hEorpa ach dúirt sí gur theastaigh níos mó comhoibrithe agus níos lú den deighilt i dtaca leis an Margadh Glas.

D’fhógair sí chomh maith pacáiste tacaíochta nua do thionscal an fhuinnimh ghaoithe.

“Tá Comhaontú Glas don Eoraip againn anois i gcroílár ár ngeilleagair, nach bhfuil a shárú ann ó thaobh na huaillmhéine de,” ar sí.

“Ceithre bliana ó shin, ba é an Comhaontú Glas don Eoraip ár bhfreagra ar ghairm na staire. Bhí an samhradh seo ar an samhradh ba theo dá raibh againn riamh san Eoraip, agus chuir sé an méid sin i gcuimhne dúinn go láidir.  Buaileadh an Ghréig agus an Spáinn le falscaithe sladacha, agus bhuail tuilte millteacha arís iad cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Agus chonaiceamar anord agus eirleach na hadhaimsire — ón tSlóivéin go dtí an Bhulgáir agus ar fud an Aontais seo againne.”

Meastar go seasfaidh Von der Leyen don dara téarma mar uachtarán an bhliain seo chugainn, cé nár thagair sí dá bhfuil i ndán di féin sa pholaitíocht ina cuid cainte.

Leag sí béim mhór ina cuid cainte ar an méid a deir sí atá bainte amach aici go dtí seo agus mhaígh sí go minic gur éirigh leis an gcoimisiún freagra a thabhairt ar “scairt na staire” le linn a tréimhse mar uachtarán.

Níos mó