Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ronan-mac-aodha-bhui,-craoltoir-gaeilge-a-linne-a-raibh-gean-na-ngael-air,-ar-shli-na-firinne

Rónán Mac Aodha Bhuí, craoltóir Gaeilge a linne a raibh gean na nGael air, ar shlí na fírinne

| tuairisc | , ,

Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi scamall mór bróin tráthnóna agus Rónán Mac Aodha Bhuí, sárchraoltóir agus duine de mhórGhaeil a linne, ar shlí na fírinne.

Bhí Rónán 53 bliain d’aois agus bhí ailse air le roinnt blianta.

Fear Gaeltachta, teanga agus ceoil go smior ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí as Cois Cladaigh i nGaoth Dobhair agus aithnítear mar cheannródaí é i gcraoltóireacht na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, tráthnóna, nach raibh insint béil ar an “tionchar” a bhí ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ná ar an “gean agus grá” a bhí acusan dó.

“Craoltóir den chéad scoth a bhí ann, a thuig raidió mar mheán, a thuig Raidió na Gaeltachta, agus a thuig an pobal a raibh sé ag freastal air,” arsa Gearóid Mac Donncha.

I gCorcaigh a tháinig Rónán ar an saol i 1970 ach d’aistrigh a thuismitheoirí, Fionntán agus Eibhlín, a gclann go dtí Gaoth Dobhair agus gan Rónán, an duine ab óige d’ochtar, ach trí bliana d’aois.

Ba í Gaeltacht Dhún na nGall an baile aige agus an áit ba ghiorra dá chroí ar feadh a shaoil.

I ndiaidh dó a chuid scolaíochta a fháil i mBunscoil an Bhuna Bhig agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, chuir sé tús lena shaol craoltóireachta nuair a bhog sé go dtí Baile Átha Cliath i 1987, áit a ndeachaigh sé ag obair go deonach leis an stáisiún bradach NDCR fad is a bhí sé ag déanamh cúrsa cumarsáide i gColáiste Dhúlaigh sa Chúlóg.

D’fhilleadh sé ar Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine, mar a mbíodh sé ag obair leis an stáisiún DCR i Leitir Ceanainn. Fuair sé roinnt oibre chomh maith sa tréimhse sin ag scríobh don cholún Beoscéalta san Irish Press. Thaitin an scríbhneoireacht i gcónaí leis agus thug sé tréimhsí ag soláthar altanna chomh maith do na nuachtáin Anois agus .

Agus é fós sa choláiste, fuair sé post le Century Radio i 1988, ag léamh na nuachta i nGaeilge. I 1990 a thosaigh sé i saol na teilifíse nuair a chuaigh sé ag obair le RTÉ ar an gclár irise Scaoil Amach an Bobailín le Seán Bán Breathnach. Thosaigh an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh ag obair in RTÉ an tseachtain chéanna le Rónán agus dlúthchairde ab ea iad ar feadh a shaoil.

D’oibrigh sé chomh maith ar an gclár Ecu Ecu, clár nuálach do dhaoine óga. I 1993 mheall Raidió na Gaeltachta é chun dul ag obair ar chlár irise don ardchathair, Cois Life, clár ar thug sé trí bliana ag obair air i dteannta Sheosaimhín Ní Bheaglaoich.

Bhuail fonn bóthair i 1996 é agus chuaigh sé ag taisteal go dtí Cúba, Meiriceá agus Ceanada.

Nuair a d’fhill sé ar Éirinn ba i nGaeltacht Chonamara a shocraigh sé síos ar feadh bliana, mar a raibh cónaí air i mBoth Chuanna ar an Spidéal le dlúthchairde leis a raibh an tsuim chéanna acu i mbeocht a chur i gcultúr na nGael, Ciarán Ó Cofaigh, Caomhán agus Darach Ó Scolaí agus Pat Simmons as an Nua-Shéalainn.

Chuaigh a thréimhse i gConamara i bhfeidhm go mór air ach bhraith sé ag baile i gcónaí sa Ghaeltacht ba chuma cén áit thiar, thoir, thuaidh nó theas.

Bhí luí ar leith aige le Oileán Thoraí agus muintir Thoraí ó thug sé cuairt orthu den chéad uair i 1987. Dar leis go raibh an Ghaeilge “is deise” dár chuala sé riamh ag muintir Thoraí.

Níorbh fhada é ag obair le RnaG nuair ba léir nach raibh a leithéid cloiste roimhe ag craoladh i nGaeilge. Chualathas ar Cois Life, agus go háirithe ar a chlár tráthnóna Rónán Beo ina dhiaidh sin, na buanna go léir a bhí aige  – an acmhainn grinn, an tsamhlaíocht dhiamhair, an ghéarchúis, an rógaireacht agus an dánaíocht.

Ach má bhí a neamheagla agus a mhórtheacht i láthair i measc na mbuanna is mó a bhí aige mar chraoltóir, ba í a ildánacht agus a chomhbhá leis an uile dhuine a rinne máistir de agus a d’fhág gurbh é craoltóir Gaeilge a linne é.

I 1997 d’fhill sé ar Ghaoth Dobhair agus thosaigh sé ag craoladh ó stiúideo RnaG i nDoirí Beaga. Timpeall an ama chéanna go raibh a chlár tráthnóna ag bláthú ina chuid shuaithinseach de sceideal RnaG, bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte chun féilte ceoil agus ócáidí ceoil agus sóisialta Gaeilge a chur ar bun.

As sin a d’eascair An Cabaret Craiceáilte, a chuir siamsaíocht ar fáil uair sa mhí i nGaoth Dobhair agus a théadh ar camchuairt go dtí ceantair Ghaeltachta agus áiteanna eile.

B’iomaí duais a bhuaigh sé féin, a léiritheoir Damien Ó Dónaill agus criú beag Rónán Beo, ag áireamh duaiseanna cumarsáide an Oireachtais in 2009, 2010, 2015 agus 2016. Bhuaigh sé Pearsa Raidió na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach in 2011 agus bhuaigh a chlár gradam PPI in 2012 agus gradam IMRO in 2018.

Bhronn Conradh na Gaeilge Gradam an Uachtaráin air in 2023.

Níor chaill sé a shuim ar fad sa scáileán beag agus chuir sé cláir bhreátha teilifíse i láthair ó am go chéile, na cláir thaistil Rónán ar an Camino agus Rónán san Afraic ar Thuras a Athar ar TG4 ina measc.

Bhí an grá a bhí aige don cheol lárnach ina chuid saothair go léir agus is mó ceoltóir arb é Rónán a thug ardán dóibh den chéad uair.

Poblachtánach ab ea é a raibh an-suim aige i ngluaiseachtaí cearta teanga agus eile ag baile agus i gcéin. Thacaigh sé le go leor de na cúiseanna agus bhí sé ina chrann taca, mar shampla, ag an bhfeachtas ar son cearta teanga sa Tuaisceart le roinnt mhaith blianta.

“Dorn san aer do na Gaeil” an mana mór a bhí aige, mana a chloistí ar an aer, ag agóidí agus ag Oireachtaisí. Ba chuid lárnach craoladh beo Rónán Beo d’Oireachtas na Samhna i gcónaí.

Chreid Rónán Mac Aodha Bhuí go láidir go raibh a leithéid de rud ann is an ‘Náisiún Gaelach’, ach ní haon náisiúnachas cúng a chleacht sé.

“Nuair atá duine breá sócúlach lena fhéiniúlacht féin, tá an duine sin níos foscailte d’achan chultúr eile ar domhan,” a dúirt sé tráth.

Craolfar eagrán speisialta den chlár Barrscéalta in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí amárach, Dé Céadaoin, ag 11am.

Maireann a bhean chéile, Bernie, agus a n-iníon Fionnuala, a chuid deartháireacha Cian, Iarla, Cuimín agus Barra agus a chuid deirfiúracha, Bríd, Ríona agus Colma.

Déanfar Rónán Mac Aodha Bhuí a fhaire sa bhaile amárach agus Déardaoin, ó 11am go dtí 9pm. Cuirfear é i Reilig Mhachaire Gathláin tar éis Aifreann 11am i dTeach Pobail Dhoirí Beaga.

Níos mó