Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ursceal-gaeilge-le-foilsiu-i-gceanada-den-chead-uair

Úrscéal Gaeilge le foilsiú i gCeanada den chéad uair

Tá teach foilsitheoireachta i gCeanada meáite ar úrscéal grafach Gaeilge a fhoilsiú den chéad uair sa tír.

Tá feachtas Kickstarter á reáchtáil ag Bradan Press, foilsitheoir leabhar Gàidhlig atá lonnaithe in Nova Scotia, Ceanada, chun leagan Gaeilge den úrscéal grafach, Wild Rose a fhoilsiú.

Dhá bhliain ó shin, d’fhoilsigh Bradan Press, Ròs Fiadhaich, leagan Gàidhlig d’úrscéal grafach Nicola Slaunwhite, scríbhneoir as Nova Scotia a scríobhann faoin ainm cleite Nicola R. White.

Tá ceangal mór idir Alban agus Nova Scotia, nó an Albain Nua, mar gheall ar an imirce agus bíonn Gaeilge na hAlban á labhairt ag daoine ann.

Is í Muireann Bergin, aistritheoir agus iartheagascóir Gaeilge in Saint Mary’s University san Albain Nua a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Muireann Bergin, arb as contae na hIarmhí di ó dhúchas, gur thaitin sé “go mór” léi a bheith ag gabháil don aistriúchán.

“Rinne mé céim sa Nua-Ghaeilge i UCD agus máistreacht sa tSean-Ghaeilge i UCC. Thosaigh mé ar an dtionscnamh seo agus mé i mo theagascóir Gaeilge ag múineadh san Albain Nua leis an ICUF. Thaitin an scéal go mór liom, is scéal corraitheach spéisiúil é.’

Dúirt Bergin gur chuidigh an t-aistriúchán Gàidhlig ar an leabhar léi agus í ag gabháil don leagan Gaeilge, an chéad úrscéal a d’aistrigh sí.

“Tharraing mé ón aistriúchán a rinneadh i nGaeilge na hAlban aon uair a raibh amhras orm faoin tslí ab fhearr chun an téacs a aistriú,” a dúirt sí.

Scéal faoi ghrá agus faoi dhúnmharú é An Rós Fiáin, atá suite in Éirinn agus Londain ag deireadh na 18ú hAois.

Éilís Ní Dheágha an príomhcharachtar sa scéal ar athinsint é ar amhrán traidisiúnta de chuid na sléibhte Apaláiseacha agus na hÉireann, ‘Down in the Willow Garden’ nó ‘Rose Connelly’.

Dúirt Pádraig Ó Siadhail, atá ina Ollamh Comhlach le Léann na hÉireann in Ollscoil Mhuire Naofa in Halifax, go gceapann sé go mbeidh “dúil” ag mic léinn go háirithe sa leabhar Gaeilge a bheas á fhoilsiú i gCeanada.

“Le tamall anuas, tá neart cainte ar an Ghaeilge i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Sampla den idirnáisiúnú sin is ea leabhair Ghaeilge á scríobh is a n-aistriú is á bhfoilsiú is á léamh thar lár.

“Agus an teanga á múineadh i ndornán ollscoileanna i gCeanada, ba chóir go mbeadh dúil ag na mic léinn san úrscéal grafach seo. Cuirfidh léitheoirí in Éirinn suim ann fosta, tá mé ag déanamh,” a dúirt sé.

Thug Ó Saidhail moladh mór do Bradan Press as An Rós Fiáin a fhoilsiú.

“Go bhfios dom, seo an chéad leabhar Gaeilge atá le foilsiú i gCeanada ó d’fhoilsigh an file Pádraig Ó Broin a phaimfléad beag, Tús, ina raibh ceithre dhán Gaeilge, in Toronto in 1945.

“Molaim Bradan Press as An Rós Fiáin a fhoilsiú agus tá súil agam go mbeidh ráchairt sách mór ar an leabhar chun an foilsitheoir Gàidhlig seo a mhealladh chun a thuilleadh saothar a fhoilsiú i nGaeilge” a dúirt sé.

Is féidir tacaíocht a thabhairt d’fheachtas Bradan Press agus An Rós Fiáin a reamh-ordú anseo.

Níos mó