Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cuntas-o-cheanada:-baile-as-baile,-ach-an-cumha-in-eineacht

Cuntas ó Cheanada: Baile as baile, ach an cumha in éineacht

| aodhan o baoill | ,

Agus beagnach mí caite anseo againn in Calgary, Ceanada, rith cúpla rud liom.

Tá pobal láidir Éireannach anseo, agus cosúil le hÉireannaigh eile ar fud an domhain, is ar scáth a chéile a mhaireann siad. Deirtear go n-éiríonn tú ‘níos Éireannaí’ agus tú ag cur fút thar lear, agus cé nach bhfuil muid anseo ach mí, bheinn go mór ag teacht leis sin.

Tháinig muid le chéile sa Chlub Éireannach le hamharc ar an rugbaí idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn. Ar ndóigh, bhí muid uilig croíbhriste ina dhiaidh. Rinne an club crannchur ina bhfuair an lucht féachana deis tomhais ar an scór le hairgead a bhaint. Chuaigh duine éigin ar an ardán leis an bhuaiteoir a fhógairt, agus rinne sé óráid bheag le deora ina shúile agus is é a dúirt sé:

“Bímis anseo, nó sa bhaile, is in Éirinn atá ár gcroí”

Is doiligh a rá cad is Éireannachas ann, ach is cinnte go bhfuil achan Éireannach iontach bródúil as, agus tá an ceart ar fad acu.

Rud eile a rith liom ná chomh hiontach agus atá an Club CLG.

Duine ar bith a bhfuil aithne acu orm, beidh a fhios acu gur fear mór CLG mé. Agus tá súil agam nach claonta atá mé nuair a deirim gur pobal ar leith atá i bpobal na gcluichí Gaelacha. Tá muid i ndiaidh roinnt seisiúin traenála a dhéanamh leis na Taoisigh agus cuireadh fáilte mhór romhainn beirt. Bíonn fir agus mná ag traenáil lena chéile sa halla pobail áitiúil i rith an gheimhridh, agus tá an oiread sin craic agus spraoi i gceist go mbíonn brón orm nuair a chaillim seisiún.

Is iontach go dtig le té leaindeáil i gcathair iomlán nua, i bhfad ón bhaile, agus pobal agus fréamhacha a bheith acu ón bhomaite a leagann siad cos ar talamh.

Is tábhachtach blaiseadh a fháil de chultúr na háite fosta – triail a bhaint as rudaí úra, agus bualadh le daoine nach Éireannaigh nó muintir CLG iad. Caithfidh mé a rá gur mhothaigh muid beirt ar ár gcompórd agus muid timpeallaithe ag an phobal s’againne.

Chuaigh muid amach go Páirc Náisiúnta Banff – an chéad uair dom a bheith ag tiomáint ar na bóithre anseo! Tiomáineann siad ar an taobh eile, agus tá an roth stiúrtha ar an taobh eile chomh maith. Carranna uathoibríocha atá iontu don mhórchuid. Mar sin, bhí píosa struis ar an bheirt againn, mise mar thiománaí, agus Bríd mar stiúrthóir! Rinne muid iarracht gan scairteadh ar a chéile ach a luaithe is a bhain muid an mórbhealach amach bhí muid go breá.

Is áit ar leith í an pháirc náisiúnta seo. Bhí na sléibhte maorga mar a bheadh fáinne thart ort, le sneachta ar a mbarr. Chonacthas an fómhar ar na duilleoga agus iad ómra oráiste. Má bhíonn an t-ádh ort, tchífidh tú fia mór nó béar ar thaobh an bhóthair.

Tá an baile beag féin galánta ar nós baile as leabhar síscéil. Tá na tithe uilig déanta as adhmad agus tagann aibhneacha anuas ó na sléibhte agus na hoighearshruthanna, agus an t-uisce chomh gorm leis an spéir.

Chuaigh muid ag spaisteoireacht sna sléibhte ach bhí orainn sprae béir a cheannach ar dtús. Ar an drochuair, maraíodh lánúin cúpla seachtain ó shin nuair a thug béar fúthu. Ní minic a tharlaíonn sé, ach thiocfadh dó tarlú. D’éist muid go cúramach leis an fhear sa siopa a mhínigh an dóigh leis an sprae a úsáid agus bhí rud beag eagla orainn nuair a d’inis sé dúinn go bhfacthas ollbhéar Meiriceánach ag ithe fia ciliméadar taobh amuigh den bhaile an lá roimhe.

Caithfidh mé a rá go raibh an radharc ó bharr Tunnel Mountain chomh galánta le radharc ar bith dá bhfaca mé riamh. Thig an baile ar fad a fheiceáil agus níos faide amach chuig na Sléibhte Creagacha eile. Agus an rud is fearr faoi Banff? Thiocfadh leat siúlóid dhifriúil a dhéanamh achan lá agus ní dhéanfá iad uilig fiú.

Tháinig rud beag cumhaidh i ndiaidh mo bhaile orm nuair a chuaigh muid le Dermot Kennedy a fheiceáil. Ní mar gheall ar a chuid amhrán féin – cé go bhfuil siad iontach maith – ach mar gheall ar na focail ón Uachtarán Ó hUiginn a d’úsáid Dermot mar chuid dá cheolchoirm:

“Leanaimis ar aghaidh ag brionglóideach, leanaimis ar aghaidh le grá a bheith againn dá chéile, leanaimis ar aghaidh ag misniú a chéile, leanaimis ar aghaidh i mbun cruthaitheachta, mar is fríd ár gcruthaitheacht a mhaireann muid. Beir beannacht.”

Níl mé cinnte cén fáth a raibh an oiread sin tionchair ag na focail siúd orm. B’fhéidir gurb é guth an Uachtaráin ba chúis leis. Cinnte, is iontach an rud é deis a bheith againn bliain a chaitheamh i dtír speisialta mar seo, ach níos cinnte arís, tá sé go hiomlán ceart go leor cumhaidh a bheith orainn ó am go chéile.

Béar-igí beannacht!

The post Cuntas ó Cheanada: Baile as baile, ach an cumha in éineacht appeared first on NÓS.

Níos mó