Tráth na ‘géarchéime’ é sa ghaeloideachas luathóige agus gan ach 53 naíonra lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt le fios i suirbhé nua go mbíonn siad ag feidhmiú trí Ghaeilge.
Dúirt an eagraíocht Gaeloideachas go dtugann tuarascáil nua ón Roinn Leanaí “léiriú an-lom ar staid reatha na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht”.
Cé nach raibh sé éigeantach do naíonraí suirbhé na Roinne a fhreagairt, deir Gaeloideachas go bhfuil na torthaí a léirítear ann réasúnta cruinn mar thomhas.
Beidh an taighde nua seo mar chuid de ‘phlean cuimsitheach gníomhaíochta’ do chur chun cinn na Gaeilge sa luathoideachas atá le foilsiú ag an Roinn Leanaí in 2024.
Tá “an-imní” ar Gaeloideachas gur “sop in áit na scuaibe” a bheidh sa phlean sin agus go mbeidh “tuilleadh moille” ar straitéis teanga a fhorbairt do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht.
“Is é seo an chéad uair, gurb eol do Gaeloideachas, gur bhailigh an Roinn Leanaí eolas maidir leis an teanga ina bhfuil seirbhísí do leanaí óga ag feidhmiú, cé go bhfuil naíonraí ann ó na 1970idí.
“Go fóill, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar chineál seirbhís ar leith, suíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh agus a bhfuil riachtanais tacaíochta ar leith ag a phobal dá réir. Níl eolaire poiblí ar fáil ón Stát do thuismitheoirí maidir le cá háit ina bhfuil an naíonra is gaire dóibh, agus ní roinnfear go poiblí sonraí na naíonraí a ghlac páirt sa suirbhé mapála.”
Seo “croílár na faidhbe” a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.
“Mura n-aithnítear suíomhanna tumoideachais go sonrach mar shuíomhanna uathúla a fheidhmíonn i gcomhthéacs ar leith, ní chuirfear tacaíocht chuí ar fáil dóibh len iad a chaomhnú, a neartú, agus a fhorbairt.
“Tá an bhearna sholáthair an-soiléir nuair a chuirtear an 53 naíonra i gcomparáid leis 153 bhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Níl áit sa naíonra do gach páiste gur mian leo sin, agus níl aon phlean gníomhach ag an Stát le líon na naíonraí a mhéadú, nó fiú infheistíocht a dhéanamh leis an meath a mhaolú.”
Deir Gaeloideachas gur dúnadh ar a laghad 17 seirbhís naíonra ó 2016 i leith, ach nach bhfuil aon scagadh á dhéanamh ag na forais Stáit ar chás na teanga sa chóras.
Rinne Forbairt Naíonraí Teoranta, a dúnadh in 2014, agus Gaeloideachas iarracht tomhas cruinn a fháil ar líon na naíonraí Gaeilge cheana ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin. Deir Gaeloideachas go mbíonn sé deacair eolas a bhailiú mar nach bhfuil aon dualgas ar naíonraí plé le heagraíochtaí deonacha agus toisc go mbíonn na naíonraí “báite faoi ualach riaracháin”.
Deir Gaeloideachas gur “buille trom” do na naíonraí a bhí ann nuair a dúnadh Forbairt Naíonraí Teoranta, a bhíodh á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge, gur buille eile a bhí sa chinneadh deireadh a chur le scéim fóirdheontais na roinne do naíonraí Gaeilge.
Chaill na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus €1.3 milliúin de thoradh na gcinntí sin, a deir Gaeloideachas.
“Briseadh croí a bhíonn ann do gach seirbhís a dhúnann, a bhformhór toisc nach féidir foireann a earcú nó a choinneáil toisc coinníollacha pá san earnáil,” a deir Uachtarán Gaeloideachas, Micheál S. Mac Donnacha.
“Cailltear deiseanna do na céadta páistí Gaeilge a shealbhú agus iad ag tús a n-aistir oideachais.
“Ní féidir leis an earnáil tuilleadh meatha a sheasamh, tá an mhuinín ag laghdú ar feadh an ama agus tá géarghá le gníomhú luath seachas mall.”
Tá Gaeloideachas ag éileamh go gcuirfí scéim fóirdheontais ar fáil do na naíonraí Gaeilge ar bhonn práinne agus go ndéanfaí infheistíocht i seirbhísí tacaíochta agus comhairliúcháin dóibh.
“Ainneoin an léargas duairc atá sa tuarascáil seo ar staid na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, léiríonn an tuarascáil go bhfuil an Roinn Leanaí ag tabhairt aird ar an gceist faoi dheireadh,” a deir Clare Spáinneach, Bainisteoir Seirbhísí Gaeloideachas.
“Tá i bhfad níos mó tacaíochta agus infheistíochta ag teastáil, agus é ag teastáil anois, le todhchaí na hearnála a chinntiú ionas go mbeidh naíonraí ann amach anseo mar bhunchloch an tumoideachais do gach teaghlach a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí.”