Iarradh ar an Taoiseach sa Dáil inniu cluasáin an chórais aistriúcháin a chaitheamh ar bhonn “cúirtéise” nuair a bhíonn Gaeilge á labhairt.
Ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a bhí bunaithe ar scéal a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin ba chúis leis an eachtra sa Dáil tráthnóna.
Ag tagairt don scéal nach féidir le múinteoirí clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta, d’fhiafraigh Éamon Ó Cuív de Leo Varadkar an mbunódh sé fochoiste comh-aireachta le plé le cás na teanga agus lena chinntiú go bhfaigheann lucht a labhartha cothrom na Féinne.
“A Thaoisigh, bítear ag maíomh go minic maidir le tacaíocht an Rialtais agus tacaíocht an stáit don Ghaeilge ach duine ar bith a dhéanann iarracht gnóthaí a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge bíonn fadhbanna ollmhóra acu go mórmhór má tá siad ag iarraidh rud a dhéanamh ar líne,” arsa Éamon Ó Cuív.
“Tháinig sé chun solais inniu, mar shampla, nach féidir le múinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí Ghaeilge i láthair na huaire, nó le dhá bhliain anuas.
“Mar shainchuid den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, bhí soláthar ann go mbeadh coiste comh-aireachta, agus Taoiseach mar chathaoirleach air, ag stiúradh cúrsaí na Gaeilge sa tír seo agus [coiste] a dhéanfadh cinnte go gcuirfí an straitéis i bhfeidhm agus go mbeadh cothrom na Féinne agus a gcearta ar fáil do Ghaeilgeoirí. An bhféadfá a rá liom an bhfuil sé i gceist fochoiste comh-aireachta a bhunú a mbeidh tusa mar Chathaoirleach air, mar a bhí geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?”
Mar fhreagra ar an gceist sin, ghabh an Taoiseach buíochas leis an Teachta Dála agus dúirt sé, i nGaeilge, go gcuirfeadh sé an cheist faoi bhráid Aire na Gaeltachta.
Ag iompú dó ar an mBéarla, dúirt Éamon Ó Cuív gur léir nár thuig an Taoiseach é mar nár bhain an cheist le hAire na Gaeltachta ach leis féin.
“Ní bhím ag súil go dtuigfeadh daoine mé agus mé ag labhairt i nGaeilge, ach sílim go bhféadfaidís an chúirtéis chéanna a léiriú agus a léirítear i bParlaimint na hEorpa agus na cluasáin a chaitheamh,” arsa Ó Cuív.
Dúirt an Taoiseach ar dtús gur thuig sé an méid a dúradh i nGaeilge ach ghéill sé ansin gur chaill sé an chuid de chaint Uí Chuív a bhain le bunú coiste comh-aireachta na Gaeilge.
“Tá brón orm, a Theachta, chaill mé an chuid sin de do cheist. Níl sé i gceist againn faoi láthair cur le líon na bhfochoistí. De ghnáth bíonn na fochoistí comh-aireachta a bhíonn againn ag plé le grúpaí ranna seachas le fo-rannóg de Roinn, ach rud é go ndéanfaimid roinnt machnaimh faoi,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar i mBéarla.