Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Ná héirí báite faoi ualach na nuachta

| Dáithí Anraí |

Katie McGreal

Tá olcas nach beag ag tarlú ar domhan faoi láthair. B’fhéidir go raibh sé i gcónaí amhlaidh ach ní raibh sé os ár gcomhair chomh mór céanna, ach anois táimid ag cloisteáil faoi an t-am ar fad. An Phalaistín agus Iosrael, an cogadh san Úcráin, na tuillte i gCorcaigh, an speirling atá ag déanamh scrios i Meicsiceo… sin díreach sampla beag de na rudaí atá ag déanamh imní do dhaoine ar fud an domhain. Bíonn na scéalta seo le cloisteáil an t-am ar fad ar an nuacht agus ar na meáin shóisialta lá i ndiaidh lae agus go leanúnach ó dhubh go dubh.

Má bhímid ag éisteacht leis na drochscéalta seo an t-am ar fad, níl aon amhras ach go mbíonn tionchar acu orainn, cé nach ionann é agus na daoine féin atá ag fulaingt.

Tá méid áirithe is féidir linne a dhéanamh – airgead a thabhairt do charthanachtaí atá ag obair sna háiteanna seo, freastal ar agóidí lenár míshástacht a léiriú, labhairt leis na polatiteoirí tofa chun impí orthu rud éigin a rá go poiblí ar son nó i gcoinne cibé rud atá ag dul ar aghaidh.

Taobh amuigh de sin áfach, níl smacht againne ar an méid atá ag titim amach agus, mar sin de, ní dhéanfaidh sé mórán maitheasa duit a bheith ag cloisteáil faoi gach uile lá.

Caithfimid aire a thabhairt dúinn féin agus a bheith airdeallach ar céard a bhfuilmid ag éisteacht leis agus ag léamh. Má mhothaíonn tú in ísle brí mar gheall ar chuile rud atá tú ag cloisteáil, tóg sos uaidh. Ní drochrud é agus ní drochdhuine tú muna bhfuil a fhios agat gach uile rud atá ag titim amach ar domhan an t-am ar fad. Tóg sos ón nuacht agus ó na meáin shóisialta. Is féidir leat go fóill eolas a bheith agat ar imeachtaí idirnáisiúnta ach léamh fúthu uair sa lá nó uair gach dhá lá in ionad ar bhonn leanúnach.

Déan cinnte de go gcaitheann tú am sa nádúr. Is am álainn den bhliain é seo le bheith taobh amuigh, go háirithe in áit a bhfuil crainn. Tá an-chuma ar na duilleoga agus iad ag déanamh réidh le titim ó na crainn. Caith am sa dúlra, fiú más gairid féin é. Má airíonn tú go bhfuil an iomarca smaointe ag dul thart i do chloigeann agus go bhfuil siad ag cur isteach ort, bain díot do bhróga agus cuir do chosa nochta ar an bhféar. Bainfidh sin d’aird ó do chloigeann agus ó do smaointe agus cuirfear do bhéim ar do chosa agus ar an talamh láithreach.

Tosaigh liosta buíochais. Gach lá, sula dtéann tú a luí smaoinigh ar trí rud a chuireann áthas ort nó trí rud mhaithe a tharla an lá sin agus scríobh síos iad i ndialann bheag. Coinnigh an dialann nó leabhar nótaí in aice le do leaba le nach ndéanfaidh tú dearmad air. Cabhróidh an cleachtadh seo leat díriú ar na rudaí dearfacha i do shaol in ionad a bheith ag díriú an iomarca ar na drochrudaí an t-am ar fad, mar is dual ár n-intinn.

Déan cinnte de go gcuireann tú am i leataobh le caitheamh leis na daoine a bhfuil grá agat dóibh i do shaol, bíodh sin do chairde nó do theaghlach. Déan rud éigin leo, nó déan teagmháil leo ar an bhfón fiú, agus bí buíoch as an am sin. Mar a fheiceann muid in áiteanna eile, ní bhíonn sé chomh héasca sin am ceart a chaitheamh le daoine, go háirithe agus baol an bháis ann de bharr cogaíochta nó athrú aeráide.

Go bunasach, déan an méid is féidir leat a dhéanamh ach tabhair aire duit féin freisin sa tréimhse seo ina bhfuil sé deacair éalú ón eolas síoraí agus ón nuacht leanúnach.

Níos mó