Ní smaoineodh ach 22% de dhaoine óga glacadh le post le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí nó post dá leithéid a mholadh do dhuine eile.
De réir taighde nua a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta, d’fhormhór daoine óga ní mór an mealladh a bhaineann le post le Gaeilge.
26% de na rannpháirtithe a smaoineodh ar ghlacadh le post le Gaeilge lasmuigh den tseirbhís phoiblí.
De na daoine óga a ghlac páirt sa taighde agus a raibh cumas sa Ghaeilge acu, ní dúirt ach 27% gur rud mealltach a bheadh i bpost le Gaeilge.
Dúirt 38% nach rud mealltach a bheadh ina leithéid de phost agus dúirt 17% nach raibh aon tuairim acu faoin scéal.
De réir an taighde faoi dhearcadh daoine óga i leith deiseanna fostaíochta do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, thug 56% de na rannpháirtithe le fios nach smaoineodh siad ar phost le Gaeilge iad féin ná nach molfaidís a leithéid do dhaoine eile.
De réir an taighde a rinne an comhlacht Behaviours and Attitudes, easpa muiníne ina gcuid Gaeilge an chúis is mó a mbíonn drogall ar dhaoine óga fiú smaoineamh ar phost le Gaeilge. Na daoine a cheap gur rud mealltach a bheadh i bpost le Gaeilge ba í an deis an teanga a chur chun cinn is mó a mheall iad.
Deir údair an taighde go bhfuil deis an-mhaith ann daoine óga a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta sa tseirbhís phoiblí do chainteoirí Gaeilge.
Choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta an suirbhé chun eolas a fháil d’fheachtas mór feasachta atá beartaithe acu faoi na deiseanna fostaíochta atá san earnáil phoiblí do chainteoirí Gaeilge.
Tá an feachtas sin, a gcuirfear tús leis sna míonna seo romhainn, á reáchtáil i bhfianaise na sprice sa reachtaíocht teanga i dtaobh earcú cainteoirí Gaeilge. An sprioc atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.
Tá amhras caite ag dreamanna éagsúla ar sprioc earcaíochta an Rialtais.
Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga Rónán Ó Domhnaill anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc an Rialtais ó thaobh earcú Gaeilgeoirí a bhaint amach mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
Mhol an t-iarchoimisinéir clár náisiúnta oiliúna a bhunú i gcomhar le hinstitiúidí oideachais an stáit chun cur le líon na gcéimithe cáilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu as seo go ceann cúig bliana nó mar sin.
Léirigh anailís a rinne Tuairisc anuraidh nárbh ghá Gaeilge a bheith ag duine ach do 0.4% de phostanna na státseirbhíse.