Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-an-fhirinne-ro-lom

Tá an fhírinne ró-lom

| Dáithí Anraí |

Ciarán Ó Pronntaigh

Tá Gaza agus pobal na Palaistíne ar thairseach olltubaiste na laethanta seo. Is annamh a dhéanann Iosrael bagairt cogaidh nach gcomhlíonann sé. Tá na fórsaí á mbailiú ar imeall Gaza agus is cosúil go mbeidh ionsaí fíochmhar ann ‘a leagfaidh’ an stráice, más fíor don Aire Cosanta, Joav Gallant. “Mharaigh Hamas muidne, maróimidne iad” an tsluaghairm atá aige. Ach i gcás Gaza, is é an 2.3 milliún duine atá ina gcónaí sa phríosún is mó ar domhan a íocfas an praghas. Dar leis gur mar gheall ar an ionsaí a rinne Hamas ar dheisceart Iosrael atá na pleananna seo á ndéanamh.

Ach ní hé seo an dearcadh atá ag na Palaistínigh. Scaoileann arm Iosrael diúracáin go minic le targaidí i Stráice Gaza agus maraítear sibhialtaigh ar bhonn rialta. Tá córas apartheid curtha ar bun ag an stát a chealaíonn cearta daonna na bPalaistíneach i nGaza agus sna Críocha Gafa. Is féidir iad a ghabhadh gan chúis, iad a mharú go randamach, a gcuid tithe a sciobadh uathu agus a leagan os a gcomhair.

Is oiriúnach go bhfuil ‘leithscéal’ ag na hIosraelaigh ach bímis ionraic anseo, bhí an próiseas seo ag dul ar aghaidh cibé. An difear atá ann anois go bhfuil an oibríocht atá beartaithe ag Iosrael ag leibhéal i bhfad níos airde ná riamh. Ach is é an cheist a chuirfidh daoine ar fud an domhain, cad chuige a gcaithfidh an pobal uilig íoc as ionsaí Hamas? Agus mé á scríobh seo Dé Domhnaigh, maraíodh tuilleadh agus 700 páiste sna haer-ruathair. Ní bheidh insint béil ar an uafás a bheas ann nuair a thosófar ar an ionsaí talún. Cad chuige a bhfuil luach níos lú ar bheatha na bPalaistíneach sa chothromóid seo?

Dar leis an stát Giúdach, níl an stádas céanna ag daoine nach Giúdaigh iad. Is fadhb iad na Palaistínigh nó, go bunúsach, ba mhaith leis an stát a gcuid talaimh a thabhairt do lonnaitheoirí Giúdacha. Níor chuir Joav Gallant fiacail ann agus é ag fógairt nach mbeadh uisce, bia ná leictreachas ar fáil i nGaza mar go raibh sé ag déileáil le ‘hainmhithe daonna’. Is olc an mhaise don phobal a d’fhulaing an oiread sin san Uileloscadh an cineál sin teanga a úsáid. Tá fearg ar Iosraelaigh chomh maith, i ndiaidh ionsaí Hamas, ach is cinnte go bhfuil rud éigin eile á thiomáint seo.

Tá eagla ollmhór ar na Palaistínigh faoi láthair go bhfuil an dara Nakba, ar aon dul leis an díbirt a tharla le bunú stát Iosrael, ar na gaobhair. Thaispeáin an Príomh-aire, Benjamin Netanyahu, léarscáil den ‘Oll-Iosrael’ agus é ag caint ag na Náisiúin Aontaithe ar na mallaibh. Ní raibh áiteanna amhail Gaza ná an Bruach Thiar ar an léarscáil seo ar chor ar bith – ní raibh ann ach Iosrael, an méid is mó de ‘Iosrael’ stairiúil, mar a mhaífeadh na Síónaigh. Bratach dhearg a bhí ann do na Palaistínigh.

Taobh amuigh den bhrúidiúlacht a bhain leis an ordú 1.1 milliún duine a bhogadh ó dheas de líne i Stráice Gaza, mar aon leis an sárú ar an dlí idirnáisiúnta, feiceann na Palaistínigh gur iarracht é seo iad a dhíbirt as an chuid seo dá dtír dhúchais. Céim eile i dtreo Oll-Iosrael. Tá caint ann chomh maith go n-íocfar an Éigipt as campa pubaill a bhunú i Síonáí do na díbeartaigh. Samhlaigh an imeagla atá ar phobal Gaza anois.

Cuirfidh sé seo olc ar dhaoine a mhaíonn go n-oibríonn an dlí idirnáisiúnta go fóill ach níl gar ar bith ann. Bhí leid againn faoin seasamh a bheadh ag na Stáit Aontaithe nuair a gheall an Rúnaí Stáit, Antony Blinken, tacaíocht dhaingean gan stad do Iosrael agus é ‘á chosaint féin’.

Is é an fhírinne lom go bhfuil Iosrael ina chomhghuaillí ag an iarthar sa réigiún agus tá carte blanche aige a rogha rud a dhéanamh, is cuma cá mhéad uair a sháraíonn sé an dlí idirnáisiúnta. Ná bí ag smaoineamh go bhfuil an long eitleán atá amach ó chósta an Mheánoirthir ann le cuidiú a thabhairt do Phalaistínigh atá gortaithe, nó go mbeidh an dara ceann atá ag teacht le huisce a chur ar fáil do mhuintir Gaza. Tá siad ann lena rá leis an Iaráin, nó cumhacht ar bith eile, go bhfuil de chead ag Iosrael a chuid pleananna a chur i gcrích, beag beann ar an dlí ná cibé milliún duine atá amuigh ar na sráideanna ag léirsiú ina n-éadan.

Sin mar a fheidhmíonn an Domhan na laethanta seo.

Níos mó