Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-piosa-ealaine-a-crochadh-bunoscionn-le-75-bliain

An píosa ealaíne a crochadh bunoscionn le 75 bliain

| oisin uibh eachach | ,

Is fairsing an bailiúchán ealaíne atá sa Kuntsmuseum sa Háig, san Ísiltír. Tá an Kunstmuseum ar cheann de na músaeim is mó san Eoraip, agus tá os cionn 160,000 saothar ealaíne ann. Foirgneamh iontach Art Deco is ea foirgneamh an Kunstmuseum, foirgneamh a dhear ailtire de chuid na hÍsiltíre, H.P. Berlage.


Kunstmuseum Den Haag san Ísiltír

Bailiúchán ealaíne Piet Mondrian, ealaíontóir mór le rá de chuid na hÍsiltíre, atá ar taispeáint mar chuid den taispeántas leanúnach ‘Mondrian & De Stijl’, a thug ann mé le déanaí agus seal machnaimh agam ann ar bhaineas idir thaitneamh agus tairbhe as. Is sa Kunstmuseum atá an bailiúchán is suntasaí de shaothar an ealaíontóra Piet Mondrian.

Bhí Piet Mondrian i mbéal an phobail anuraidh nuair a thug an coimeádaí, Susanne Meyer-Büser – ar coimeádaí í de chuid taispeántais ar shaothair Mondrian i músaem Kunstsammlung Nordrhein Westfalen i Düsseldorf sa Ghearmáin – faoi deara go raibh saothar amháin ealaíne de chuid Mondrian, New York City 1, ar crochadh bunoscionn le hos cionn 75 bliana.

An píosa ealaíne, New York City 1, bunoscionn le breis agus 75 bliain

Ealaíontóir agus teoiricí ealaíne ab ea Piet Mondrian. Bhí sé ar dhuine de na healaíontóirí ba mhó cáil san fhichiú haois, agus bhí sé ar dhuine de cheannródaithe na healaíne teibí san fhichiú haois go háirithe. Chaith sé a shaol ar lorg ‘luachanna uilíocha’, ag gabháil don ealaín fhíorach, agus ansin don ealaín theibí, agus ar deireadh ag gabháil don ealaín a bhí fréamhaithe i ngnéithe simplí geoiméadracha. Sna saothair ealaíne is mó cáil de chuid Mondrian is ann do línte dubha agus blocanna bundathanna amháin go príomha, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine agus iad ag iarraidh a shaothair ealaíne a mheas, a ionramháil agus a thuiscint.

Ar an leabhar is cuimsithí ar shaol agus ar shaothar Mondrian tá Piet Mondrian, a Life, le Hans Janssen, nach maireann, arbh iar-choimeádaí ar an Kunstmuseum féin é. Baintear úsáid as ciútaí liteartha sa chur síos ar bheatha Mondrian, cur chuige neamhghnách i réimse na saothar beathaisnéise, ach cur chuige a chuireann go mór leis an saothar seo ar shaol an ealaíontóra neamhghnách a d’fhág a lorg ar an ealaín agus ar an gcultúr san fhichiú haois.

Tá eipeasóid spéisiúil ann ar ‘Composition with Red, Yellow, and Blue’ (1927) ar an bpodchraoladh The Lonely Palette ar fiú cluas éisteachta a thabhairt dó chun eolas a chur ar Mondrian.

Victory Boogie Woogie le Piet Mondrian

Bunchloch de chuid an chultúir is ea an ealaín agus is léiriú ar thábhacht sin na healaíne an Kunstmuseum. Tá nach mór 300 saothar ealaíne de chuid Mondrian sa mhúsaem. Tá léiriú iomlán ar fhorbairt ealaíne Mondrian, na radharcanna tíre a phéinteáil sé in Amstardam agus Domburg, an ealaín bhun-teibíochta a d’fhorbair sé i bPáras agus in Laren, agus an saothar a tháinig chun cinn i Nua-Eabhrac, an chathair a raibh sé ag cur faoi ann agus an sárshaothar ealaíne deireanach dá chuid, ‘Victory Boogie Woogie’ á dhéanamh aige. Is fiú go mór seal a chaitheamh ann.

The post An píosa ealaíne a crochadh bunoscionn le 75 bliain appeared first on NÓS.

Níos mó